Contae na Gaillimhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Contae na Gaillimhe
Island of Ireland location map Galway.svg
Achar: 6,148 km²
Príomhbhaile: Gaillimh
Daonra: 250,541 (2011)
Cúige: Connachta

Contae na Gaillimhe in iarthar na hÉireann, i gCúige Chonnacht. Tá taobh thoir an chontae buailte leis an tSionainn, agus tá talamh measartha maith sa chuid sin den chontae agus i ndeisceart an chontae. Tá an talamh in iarthar an chontae garbh don chuid is mó, agus é buailte idir sléibhte agus an fharraige. In iarthuaisceart an chontae tá Loch Coiribe agus Loch Measca. Idir an dá loch seo tá Cunga Fheichín, agus aistear an-ghearr ón mbaile tá Maigh Tuireadh, áit ar troideadh cathanna ollmhóra san am réstairiúil. I measc na sléibhte áirgiúla tá na Beanna Beola agus Sléibhte Mhám Toirc.

Tá a lán cladaí beaga ar an gcósta thiar, chomh maith le hoileáin intíre sa chuid sin ar a dtugtar Conamara. Tuairim agus 10 km ó dheas as Conamara, idir é agus Contae an Chláir, tá Oileáin Árann.

Is í cathair na Gaillimhe an baile is mó sa chontae agus i gCúige Chonnacht.

Bailte i gContae na Gaillimhe[athraigh | edit source]

Barúntachtaí[athraigh | edit source]

Tíreolaíocht[athraigh | edit source]

Cultúr[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]


Contaetha na hÉireann
Connachta: | Gaillimh | Liatroim | Maigh Eo | Ros Comáin | Sligeach
Ireland trad counties named ga.svg
Laighin: Baile Átha Cliath (An chathair/Fine Gall/Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin/Áth Cliath Theas) | Ceatharlach | Cill Chainnigh | Cill Dara | Cill Mhantáin | An Iarmhí | Laois | Loch Garman | An Longfort | | An Mhí | Uíbh Fhailí
An Mhumhain : Ciarraí | An Clár | Corcaigh | Luimneach | Port Láirge | Tiobraid Árann (Tiobraid Árann Thuaidh/Tiobraid Árann Theas)
Ulaidh: Aontroim | Ard Mhacha | An Cabhán | Doire | Dún na nGall | An Dún | Fear Manach | Muineacháin | Tír Eoghain
An deighilt pholaitiúil: Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann