Baile Átha an Rí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Baile Átha an Rí
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Galway Magnified.png
Daonra (2006) 3205
Airde: 47 m
Contae: Contae na Gaillimhe
Cúige: Connachta

Baile i gContae na Gaillimhe is ea Baile Átha an Rí (Fuaimniú: /bˠalʲə aːhə ən̻ˠ ɾˠiː/ Béarla: Athenry). Tá an baile lonnaithe 25km soir ó Chathair na Gaillimhe agus tá clú agus cáil ar an mbaile mar gheall ar an amhrán "The Fields of Athenry". Go stairiúil tháinig teorainneacha trí ríochta, Uí Maine, Aidhne, agus Maigh Seola, le chéile ag an mbaile. Is iomaí foirgneamh ann a tháinig slán ó na Meánaoiseanna.

Stair[athraigh | edit source]

Caisleán Bhaile Átha an Rí

Tá daoine ina gcónaí i mBaile Átha an Rí le haghaidh na mílte bliain agus is iomaí ceann sleá ón gCré-umhaois agus claíomh ón Iarannaois a aimsíodh sa cheantar, ach ní go dtí an bhliain 1235 a bunaíodh an baile.

Sa bhliain 1178 rinneadh Baile Átha an Rí ina Bharúntacht le haghaidh Piers de Bermingham. Sa bhliain 1235 thug Richard de Burgh, Tiarna Chonnacht, an cheantar do Mheiler de Bermingham. Ba é de Bermingham dara Barún Bhaile Átha an Rí agus is ansin a bunaíodh an baile.

Thóg Meiler de Bermingham caisleán láidir, chomh maith le balla cosanta, eaglais agus mainistir Dhoiminiceach. Tá siad seo go léir fós le feiceáil sa lá atá inniu ann.

An Chéad Chath ag Áth an Rí[athraigh | edit source]

Bhris an Chéad Chath amach ar an 15ú lá de Lúnasa 1249. Tugtar cúntas d'eachtaí an lae in Annála na gCeithre Máistrí. D'ionsaí dhá mhac le Rí Chonnachta Torlach agus Aodh an baile leis an aidhm an baile a fhoghlú agus a dhó. Is iad na Sasanaigh a bhí i gceannas ar an mbaile ag an am agus bhí Sirriam Chonnacht, Jordan de Exeter i mBaile Átha an Rí. D'iarr sé ar an airm Éireannach sos chogadh ar feadh an lae mar gheall gur Lá Fhéile Mhuire a bhí ann, ach dhúltaigh siad. Bhí airm Shasana ró-láidir, bhí an bua ag Exeter agus maríodh rionnt ceannairí Éireannach, Aodh ina measc[1].

An Dara Cath ag Áth an Rí[athraigh | edit source]

Troideadh Dara Cath Átha an Rí ar an 10ú lá de Lúnasa 1316 agus ceann de na cathanna is tábhachtaí i gCogaí Bruce a bhí ann. Bhuaigh an comhaontas Angla-Éireannach idir Rickard de Berminggham agus Uilliam Liath de Burgh ar an Albanach Edward Bruce agus ar a chomhghuaillithe Muintir Uí Chonchobhair agus Muintir Uí Cheallaigh. Maraíodh na ceannairí Tadhg Ua Cheallaigh agus Felim Ua Chonchobhair i rith an chatha.

Scriosadh Átha an Rí[athraigh | edit source]

Tar éis an chatha seo bhí an baile láidir agus sábháilte taobh thiar dá bhallaí cosanta. Bhí sé mar cheann de na bailte is tábhachtaí i gConnacht. Tháinig deireadh le cumhacht Átha an Rí le teacht Cogaí Mhac an Iarla sa bhliain 1572. Dar le hAnnála na gCeithre Máistrí rinneadh an-damáiste do na ballaí cosanta, don chaisleán, agus do na tithe, agus faoi dheireadh na 16ú haoise bhí an baile scriosta.

Prióireacht Dhoiminiceach Bhaile Átha an Rí

Turasóireacht[athraigh | edit source]

Is baile oidhreachta é Baile Átha an Rí agus tá a Ionad Oidhreachta lonnaithe istigh in iarsmaí Séipéal Mhuire.

An Geata Thuaidh / An Áirse[athraigh | edit source]

Tá an Áirse seo ina sheasamh ag acomhal bhóthar Thuama le breis agus 400 bliain.

Cros an Mhargaidh[athraigh | edit source]

Tá iarsmaí de Chrois an Mhargaidh lonnaithe i gCearnóg an Mhargaidh agus tá sé suite os cionn céimeanna chloiche a phlionta. Crois Laindéír a thugtar air, agus cé nach bhfuil fágtha ach a cheann, is é an ceann is fearr dá chineál é atá fágtha in Éirinn. Ar aghaidh amháin tá Crois Chéasta agus figiúirí ag bun na Croise leis an Spiorad Naomh,agus ar an aghaidh eile tá Muire agus a Leanbh.

Séipéal[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1828 tógtha séipéal Protastúnach sa baile, agus leanadh á úsáid mar ionad creidimh ar feadh 100 bliain go dtí go ndearnadh Ionad Oidhreachta de chun é a shábháil ó dhearóiliú.

Phrióireacht Bhaile Átha an Rí[athraigh | edit source]

Bhunaigh Meiler de Bermingham an Prióireacht do na Doiminiceánaigh tar éis dó an ceantar seo a ghabháil i 1241. Tá an séipéal i bhfoirm croise, agus tá an chuid is mó de stíl na struchtúirí a mhaireann i bhfoirm áirsí bioracha Gotacha, fuinneoga caola ar bhalla thuaidh an tsaingil, nó fuinneoga féitheacha a rinneadh níos déanaí. Tá tuamaí le feiceáil i gcuasa i mballaí an tséipéil Bhí an Phrióiracht ina hollscoil ar feadh tamaill i lár na 1600í go dtí gur chreach saighdiúirí Chromail í sa bhliain 1652.

Iompar[athraigh | edit source]

Tá Baile Átha an Rí suite ar an líne iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh agus an líne iarnróid idir Luimneach agus Gaillimh, a athosclaíodh ar an 29 Márta 2010. Tá sé mar pháirt de phlean iompair an rialtais "Transport 21" an chuid eile den líne idir Baile Átha an Rí agus Clár Chlainne Mhuiris a athoscailt[2]. Osclaíodh Stáisiún Átha an Rí sa bhliain 1851.

Daoine[athraigh | edit source]

  • Slim Barrett (Rugadh 1960?) - ealaíontóir/seodóir
  • Ciarán Ó Canáin (Rugadh 1965 - ceannaire an Pháirtí Daonlathaigh)
  • Patrick Darcy (1598-1668)
  • Denis Darcy (1747-1792) - Tiarna talún agus polaiteoir
  • Meiler de Bermingham (1212-1262) - bunaitheoir Átha an Rí
  • Padraic Fallon (1905-1974) - File
  • Julie Feeney (Rugadh 1978) - Cumadóir Amhráin
  • Joseph Patrick Haverty (1794-1864) - péintéir
  • Paul Hession (Rugadh 1983) - Aclaí Oilimpeach

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Annála na gCeithre Máistrí, M1249.9: http://celt.ucc.ie/published/G100005C/index.html
  2. Transport 21: http://www.transport21.ie/Projects/Heavy_Rail/Western_Rail_Corridor.html

Féach Freisin[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]