Indreabhán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Indreabhán
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Galway Magnified.png
Daonra ( )
- Baile:
- Tuath:
 
- (2002) 
- (2002)
Airde: 0 m
Contae: Contae na Gaillimhe
Cúige: Connachta

Baile beag in iarthar Chois Fharraige is ea Indreabhán (Inverin as Béarla). Maille le hiascach, bíonn seirbhís rialta farantóireachta go hÁrainn nach dtógann mórán thar uair an chloig. Inniu, is é seo an bealach is coitianta le dul go hÁrainn, mar gur gaire i bhfad an aistear as Indreabhán ná as cathair na Gaillimhe. Tá Indreabhán suite idir Abhainn an Spidéal agus Abhainn Chrumlinne, idir ceantair an Spidéil agus na Tulaí. Tá dhá scoil, dhá shiopa agus ceithre theach ósta sa gceantar. Is iad na scoileanna atá sa gceantar ná: Coláiste Cholmcille (scoil dara leibhéal), Scoil Sailearna (bunscoil). Freisin, tá dhá halla pobail sa gceantar, Coláiste Lurgan, a úsáidtear chun scoláirí Gaeilge a mhúineadh i rith an tsamhraidh, agus Seanscoil Shailearna, a úsáidtear chun cúrsaí agus drámaí srl. a chur ar fáil.