Oileáin Árann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Oileáin Árann.

I gCuan na Gaillimhe atá Oileáin Árann. Is iad na trí phríomh-oileánÁrainn (ar a dtugtar Inis Mór go minic), Inis Meáin agus Inis Oírr .

Cill Rónáin, an baile measartha amháin atá ar na hoileáin, tuairim agus 50 ciliméadar siar as cathair na Gaillimhe. Ach níl Cill Rónáin ach tuairim is 12 km as Indreabhán i gConamara, agus 15 km as Dubhlainn i gContae an Chláir.

Daonra[athraigh | edit source]

Tá cónaí ar os cionn míle duine ar na hoileáin inniu. Tá an pobal beag ag fás le 20 bliain anuas, tar éis meath mhall ar feadh tuairim is céad bliain roimhe sin. Sí an Ghaeilge gnáth-theanga formhór na ndaoine i gcónaí.

Turasóireacht agus iascaireacht na príomh shlite beatha ar na hoileáin. Tá an talamh an-bhocht, ach bhí ceangal daingean ag na hoileánaigh i gcónaí leis an bhfarraige. San am atá thart, bhí an-tábhacht le baint feamainne ar na hoileáin, go háirithe i gcóir táirgeadh Íodín. Sa samhradh, tá teacht ar na hoileáin go héasca le báid bheaga ó Chonamara agus Contae an Chláir, i mbeagán thar uair an chloig. Tá aerstrácaí, freisin, ar na trí hoileán, a thosaigh Aer Arann os cionn 30 bliain ó shin.

Oileáin Árann.

Idir 2002 agus 2006 thit daonra na n-oileán ó 1280 go 1218. I 2002 ar an oileán is mó, Inis Mór, bhí 831 duine, le 270 acusan i gCill Rónáin. Ní raibh ach 187 ar Inis Meáin, an dara hoileán is mó agus bhí 262 duine in Inis Oírr.

(Is ó Cheannáireamh 2002 na huimhreacha daonra Census 2002).

Talamh[athraigh | edit source]

Cé gur leaca móra d´aolchloch a chlúdaíonn cuid mhór de na hoileáin i gcónaí, cruthaíodh a lán talún in am ghátair le feamainn, gaineamh, agus cré a baineadh as na scoilteanna idir na leaca móra. Fásann glasraí ar nós fataí, cairéidí agus meacain go láidir in Árainn, ach is tógáil eallach agus caoire is mó atá ar siúl ann faoi láthair.

Stair[athraigh | edit source]

Deirtear gurb iad na Fir Boilg a thóg na dúnta móra atá le feiscint ar na hoileáin. Tá cónaí ar an oileán ón am iargúlta sin chomh fada agus is eol dúinn. Ba i dtús ré na Críostaíochta in Éirinn a leath cáil na n-oileán arís, mar ar a raibh de mhainistir agus de naoimh orthu. Ina measc bhí Éanna, Rónán, Ciarán agus Caomhán, agus bhí cáil ar Árainn ar fud na hEorpa mar cheantar teagaisc i gcúrsaí creidimh agus sna hábhair eile a bhí á staidéar ag lucht léinn na hEorpa ag an am. Is uaidh sin a thugtar "Ára na Naomh" orthu fós.

Thréig a lán na hoileáin ó thús an 20ú hAois ar aghaidh, le dul ar an mórthír nó ar imirce. Ba go dtí na Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Nua-Shéalainn a thug a lán acu a n-aghaidh. Ach seachas a lán d'oileáin bheaga eile in iarthar na hÉireann, bhí teacht éigin orthu fiú i rith an gheimhridh, mar go raibh bád mór as Gaillimh ag trial orthu trí huair sa tseachtain. Mar sin, ar ndóigh, níor tréigeadh aon cheann acu, agus tá borradh ar na hoileáin anois, a chuaigh i dtreise ós na 1980í nuair a thosaigh cuid mhór turasóirí ag triail orthu arís.

Litríocht[athraigh | edit source]

Radharc ar an tírdhreach carst ó Dhún Aonghasa

Tá cáil ar na hoileáin mar ar a bhfuil de bhaint acu le litríocht. Bhain cuid de seo leis an dlúthaithne a bhí ar an oileán ar an nGaeilge, agus go minic an Béarla lena thaobh. Bhíodh lucht ollscoile agus teangeolaithe eile ag triail orthu le staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge a bhí cuíosach glan fós ó thionchar an Bhéarla.

Chaith John Millington Synge tréimhsí fada ar Inis Meáin ag foghlaim na Gaeilge agus ag scríobh a chuid leabhar agus drámaí. B'é an dráma is cáiliúla a bhí aige ná The Playboy of the Western World, a bhí bunaithe ar scéal a chuala sé ó mhuintir Inis Meáin. Bhain Liam Ó Flaithbheartaigh cáil amach i dtús an fichiú chéad ar a chuid gearrscéalta agus úrscéalta. Cé gur scríobh sé scéalta i nGaeilge ar feadh blianta, is i mBéarla atá furmhór a chuid saothair. Tugann cuid acu léargas ar an saol chrua a bhí ag na daoine, agus cuid eile ar an dtuiscint a bhí aige don nádúr. Bhí Máirtín Ó Direáin ar dhuine de na filí ba mhó le rá sa fichiú haois, agus is i nGaeilge a scríobh sé ar fad, nach mór.

Cultúr[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]