John Millington Synge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
John Millington Synge
John Millington Synge.jpg
J M Synge
Dáta breithe 16 Aibreán, 1871
  Ráth Fearnáin, BÁC, Éire
Dáta báis 24 Márta, 1909
  Baile Átha Cliath, Éire
Náisiúntacht Éireannach
Gairm Drámadóir, úrscéalaí, gearrscéalaí, file
Seánra Dráma, prós, béaloideas

Chaith John Millington Synge, (16 Aibreán 1871 - 24 Márta 1909) a tógadh i Ráth Fearnáin lámh le Baile Átha Cliath, tréimhsí fada ar Inis Meáin in oileáin Árann ag foghlaim na Gaeilge agus ag scríobh a chuid leabhair agus drámaí faoi dhraíocht agus áilleacht an oileáin agus na farraige.

Tar éis céim dlí a bhaint amach, chuaigh sé go dtí an Fhrainc, áit ar thóg sé comhairle W. B. Yeats dul go hÁrainn le teanga agus bealach na ndaoine a thuiscint mar fhoinse liteartha. Tháinig Synge go h-Inis Meáin ar dtús i 1898. D'fhan sé le muintir Uí Dhonnacha ar feadh tréimhsí fada agus mhair cosúil leo féin. Bhíodh sé ina shuí cois na tine/sa gclúid ag seinm an fhidil agus go minic ag bogadh an chliabháin ina mbíodh páiste le muintir an tí. Chaith Synge go leor dá chuid ama ar an oileán ina shuí i bpúirín cloiche gan aon díon air, suite ar bharr na h-aille ar an taobh thiar den oileán. Ainmníodh 'Cathaoir Synge' ar an áit seo dá bharr. Tá radharc draíochtúil as an áit seo ar Inis Mór trasna an chuain, ar Chonamara ó thuaidh agus siar san Aigéan Atlantach.

Ní h-ionadh go bhfuair Synge ionsparáid chun scríbhneoireacht a dhéanamh in Inis Meáin. Tar éis do Synge Inis Meáin a fhágail tar éis tréimhsí fada bhíodh sé ag scríobh chuig duine de chlann Uí Dhonnacha dárbh ainm Máirtín. Bhíodh Synge ag scríobh litreacha i mBéarla chuig Máirtín agus bhíodh Máirtín ag scríobh ar ais i nGaeilge. Sa gcaoi sin bhí an bheirt acu ag foghlaim óna chéile. Is féidir cóipeanna de na litreacha sin a fheiceál ins an teach céanna seo in Inis Meáin anois. Tá an teach seo faoi sheilbh duine de shliocht mhuintir Uí Dhonnacha, Treasa Ní Fhátharta ar thaobh a máthar. D'fhág a máthair an teach seo ag Treasa agus tar éis roinnt ath-chóirithe le cabhair deontaisí agus urraíochta tá an teach seo ar oscailt don phobal anois le cúpla bliain anuas. Is i rith séasúr an t-samhraidh den chuid is mó a bhíonn an teach seo ar oscailt. Cuirfidh Treasa na míle fáilte romhat agus tabharfaidh sí ar thuras taitneamhach agus tairbheach tú ar fud an tí agus roinnfidh sí leat a cuid saineolas leathan faoi Synge. Tá an teach seo fágtha san sean stíl traidisiúnta na dtithe ceann tuí taobh istigh agus taobh amuigh. Tá stór breá troscáin agus uirlisí le feiceál san teach seo mar shampla an túirne,an driosúr agus dorú a bhíodh in úsáid ag iascaireacht, a thugann léargas breá ar an saol sna sean laethanta. Tá leabharlann agus ionad cónaithe do scríbhneoirí béal dorais.Tugann na céadta daoine ó gach coirnéal den domhan cuairt ar theach Synge gach bliain.

B'é an dráma ba cháiliúla a bhí ag Synge ná The Playboy of the Western World. Bhí ruaille buaille sa chathair ar a oscailt i 1907, ach d'éirigh go geal leis ina ainneoin sin. I measc a chuid drámaí eile, tá Riders to the Sea, Shadow of the Glen, The Well of the Saints, The Tinker's Wedding srl. I mí Meán Fómhair seo caite thug amharclann an Druid cuairt ar Inis Meáin, an áit dheireanach mar chuid da gcamchuairt ag léiriú drámaí Synge. Tháinig daoine ó gach ceaird den tír chun na drámaí seo a fheiceáil ar stáitse san halla pobail agus amuigh faoi'n aer i nDún Chonchubhair. D'éirigh thar barr leis an gcuairt seo agus bhain gach duine idir oileánaigh agus strainséirí taitneamh as na léiriúcháin iontach seo. I ndáiríre ní féidir leat teacht go hInis Meáin gan bualadh isteach i dteach Synge agus seal a chaitheamh i do shuí i gcathaoir Synge.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]