Inis Meáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suíomh
Suíomh
Stone Fort Inishmaan.JPG

Inis Meáin mar cheann d’Oileáin Árann i gcuan na Gaillimhe. Mar is léir ón aimn, tá Inis Meáin suite i lár báire idir an dá oileán eile, Inis Mór (an ceann is mó de na trí hoileáin) agus Inis Oírr (an t-oileán is faide soir agus is gaire do chósta Chontae an Chláir).

Tá an t-oileán 4 km x 2.5 km trí mhíle ar fad agus ar leithead. Tuairim is 150-200 duine atá ag maireachtáil ann. Tá sé suite cúig mhíle déag ó chósta thiar Chonamara in iarthar na hÉireann, 30 míle ó chathair na Gaillimhe. Fíor-Ghaeltacht atá ann.

Thar na blianta thug roinnt de na filí agus scríbhneóirí cáiliúla in Éirinn cuairt ar Inis Meáin, mar shampla John Millington Synge, Augusta Gregory agus Pádraig Mac Piarais le tabhairt faoina gcuid scríbhneoireachta agus le Gaeilge a fhoghlaim chomh maith. Mar thoradh air sin, fuair an t-oileán an leasainm "Ollscoil na Gaeilge".

An t-oileán[athraigh | edit source]

Ta réimse mór leacracha cloch aoil le feicáil in Inis Meáin, rud nach bhfuil fairsing ar fud na hEorapa. D’oibrigh munitir an oileáin leis na glúnta leis an talamh a stocáil. Thógadar claíocha cloch le talamh an oileáin a roinnt agus le foscadh a thabhairt do dhuine agus d’ainmhí.

Áiseanna agus seirbhisí[athraigh | edit source]

Ní raibh mórán áiseanna le fáil in Inis Meáin sa sean-am ach sa lá atá inniu ann tá teilifíseanna, leathanbhanda srl le fáil. Tá neart lóistín le fáil ar an oileán, ina measc óstán, B&B agus tithe lóistín. Níl ach siopa amháin, séipéal amháin agus teach tábhairne amháin ann. Bíonn banaltra lánaimsire ag freastal ar mhunitir na háite, chomh maith le dochtúir 3 uair sa tseachtain. Tá trí mhuileann gaoithe in Inis Meáin agus úsáidtear an fuinneamh a ghnítear le díshallanú a dhéanamah ar an sáile. Bíonn an t-ionad tumadóireachta gnóthach i rith an tsamhraidh. Tá sé suite le taobh na dTithe Saoire.

Tagann bád go hInis Meáin ó chalafort Ros a’ Mhíl 2 uair sa ló. Tá aeradróm in Inis Meáin agus bíonn eitilt de chuid Aer Árann ann faoi dhó sa ló.

Oideachas[athraigh | edit source]

Tá naíonra ar an oileán. Scoil Náisiúnta Inis Meáin a thugtar ar an mbunscoil.[1] [2] [3] Bunaíodh meánscoil sa bhliain 2001 agus tá tuairim is 20 dalta ag freastal uirthi, cuid acu atá ar scoláireachtaí agus nach as an oileán iad ó dhúchas. Cónaíonn siad le teaghlaigh áitiúla.

Cniotáil Inis Meáin[athraigh | edit source]

Tá comhlacht cníotála, Cniotnáil Inis Meáin ann. Bíonn earraí an chomhlachta seo ar díol i gcathracha móra ar fud an domhain.

Oidhreacht[athraigh | edit source]

Dún Chonchúir[athraigh | edit source]

Dún Chonchúir

Is é Dún Chonchúir an ceann is feiceálaí de chaisil chiorclacha nó ubhchruthacha na n-oileán: an caiseal cloiche is mó d'aon cheann eile dá leithéid in Oileáin Árann. Tá sé suite ar an bpointe is airde d'Inis Meáin.

Dún Fearbhaí[athraigh | edit source]

Is éard atá i gceist le Dún Fearbhaí ná caiseal a tógadh san ochtú nó sa naoú haois. Tá an dún seo neamhghnáthach sa mhéid is go bhfuil cruth cearnógach air seachas an gnáthchruth ciorclach. De réir cosúlachta d’úsáidtí é ar chúiseanna cosanta agus deasghnátha.

Leaba Chinnderig[athraigh | edit source]

Déanann muintir an cheantair oilithreacht bhliantúil chuig an suíomh seo ar an 15 Lúnasa. Uaigh a bhaineann leis an seachtú haois déag AD atá i gceist: de réir an traidisiúin cuireadh banphrionsa Laighneach anseo. Tá sé suite i lár an oileáin taobh thiar de theach an tsagairt.

Cathaoir Synge agus Teach Synge[athraigh | edit source]

Teach Synge, atá ina mhúsaem anois

Is amhlaidh gur anseo a fuair JM Synge a chuid inspioráide agus é ag scríobh The Playboy of the Western World, Riders to the Sea srl. Ba mhinic leis teacht chuig Inis Meáín: chaith sé samhraidh 1898-1902 ar an oileán.

Ba í an "chathaoir" an áit ab ansa leis ann. Tá sí le fáil ag barr na haille le taobh Inis Mór agus radharc le fáil ar an oileán sin agus ar an Aigéan Atlantach.

D'fhan an an scríbhneoir i dteaichín Bhríd agus Pháidín Mhic Donnchadha. Tá leabharlann bheag lena thaobh ina bhfuil earraí cuimhneacháin le fáil. Bhí muintir Mhic Dhonnchadha ina gcónaí sa teach go dtí na 1970idí. Tá sé athchóirithe anois agus osclaíodh don phobal é i mí Lúnasa 1999.

Leaba Dhiarmada agus Ghráinne[athraigh | edit source]

Seo an séadchomhartha stairiúil is luaithe in Inis Meáin: uaigh a bhaineann leis an tréimhse neoiliteach nó an Chré-umaois luath (c. 4000 – 1400 roimh Chríost). Fuair sé a ainm ón lánúin tragóideach ó mhiotaseolaíocht ársa na hÉireann.

Teampall na Seacht Mac Rí[athraigh | edit source]

Níl mórán den séipéal seo fágtha. Deirtear go bhfuil an naomh óna bhfaigheann sé a ainm curtha in aice an tséipéil ag an doras ó dheas. San am ar caitheadh b’áit oilithreachta do mhuintir an cheantair agus d’oilithrigh ó mhórthír na hÉireann é. Bíonn stáisiúin anseo gach bliain ar an 15 Lúnasa.

Tagairtí[athraigh | edit source]

Leabharliosta[athraigh | edit source]

  • Coley, Patricia, and J. M. Armer. Inishmaan. London: Queen Mary College Univ, 1959.
  • Quilkin, Rennie Mc. 1999. "Inishmaan". Poetry. 174, no. 5: 277.
  • Synge, J. M. 1903. "A Dream on Inishmaan". Green Sheaf. no. 2: 8-9.
  • Synge, J. M. A Story from Inishmaan. [Dublin: New Ireland Review, 1898.