Inis Mór
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tugtar Inis Mór go minic ar an oileán is mó de chuid Oileáin Árann amach ó chósta na Gaillimhe (i gcuan na Gaillimhe) in iarthar na hÉireann. Is é Árainn ainm oifigiúil an oileáin, agus is é 'Árainn' freisin is mó a thugann muintir Oileáin Árann féin ar an oileán sin. Bunaithe ar 'Inishmore' an Bhéarla - leagan a cumadh sa 19ú céad - a tháinig an leagan truaillithe Gaeilge 'Inis Mór' chun cinn.
Tá Cill Rónáin, an baile measartha amháin atá ar na hoileáin, tuairim agus 50 ciliméadar siar as cathair na Gaillimhe.
[athraigh] Áitritheoirí aithnidiúla
- Naomh Éanna, misinéir na luath-Chríostaíochta (básaíodh t. 530).
- Maura Derrane, láithreoir teilifíse de chuid RTE (rugadh 1970).
- Bridget Dirrane, bean a raibh céad slánaithe aici.
- Máirtín Ó Direáin, file Gaeilge (1910-1988).
- Liam Ó Flaithbheartaigh, scríbhneoir, (1896–1984).
- Mahon mac Turlough Mantach Ó Briain, Taoiseach Árann, (básaíodh 1565).
- Murrough mac Toirdelbach Ó Briain, Taoiseach Árann, (1575 - 1588).
- Pat Mullen, aisteoir agus scríbhneoir (1901- t.1976).
- Breandán Ó hEithir, scríbhneoir agus craoltóir, (1930–1990).
- Murrough na dTuadh Ó Flaithbheartaigh, Taoiseach Iar-Chonnachta, (1569-1593).
- Ceannanach, misinéir na luath-Chríostaíochta (490-500?)
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.