Liam Ó Flaithearta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Liam Ó Flaithbheartaigh)
Liam Ó Flaithearta
Liam O'Flaherty.jpeg
Dáta breithe 28 Lúnasa, 1896
  Inis Mór
Dáta báis 7 Meán Fómhair, 1984
  Baile Átha Cliath
Náisiúntacht Éireannach
Gairm Scríbhneoir, saighdiúir
Seánra Úrscéalta, ghearrscéalta

Scríbhneoir Éireannach ba ea Liam Ó Flaithearta (28 Lúnasa, 1896 - 7 Meán Fómhair, 1984). I mBéarla a scríobh sé formhór a shaothair, ach d'fhoilsigh sé leabhar gearrscéalta, Dúil, agus scríobh sé dánta Gaeilge ó am go chéile. Tugtar Liam Ó Flaithbheartaigh, nó Liam O'Flaherty as Béarla, air freisin. Ba scríbhneoir freisin é Tom O'Flaherty, deartháir leis.

[athraigh] Saol

Rugadh an Flaitheartach ar an 28 Lúnasa 1896 i nGort na gCapall in Árainn. Chuaigh sé ar Coláiste Charraig an Tobair i gContae Thiobraid Árann agus ar Choláiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath, agus ansin ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, cé nárbh fhada ann é. Chuaigh sé in arm Shasana sa Chéad Chogadh Domhanda, ach cuireadh as an líne é mar go raibh 'shell shock' air. Rinne sé roinnt mhaith taistil ar an mór-roinn ina dhiaidh sin. Níos deireanaí thainig lé aige leis an gCumannachas agus bhí sé páirteach in agóid shóisialach sa Rotunda i mBaile Átha Cliath, rud nár mhair ach cupla lá. Chuaigh sé chun Stáit Aontaithe Mheiriceá ina dhiaidh sin, áit ar mhol a dheartháir Tom dó dul i mbun pinn, rud a rinne se i dtús báire d'iris Chumannach a bhí Tom a chur in eagar.

[athraigh] Saothair

Bhain sé an-cháil amach ó na fichidí amach air mar scríbhneoir ghearrscéalta agus úrscéalta. Scríobh sé roinnt filíochta freisin.

Ar na úrscéalta a scríobh sé tá Famine, The Black Soul, Return of the Brute, The Informer, The Assassin, The Martyr, Land, The Pilgrim, Insurrection, The Wilderness, Thy Neighbour's Wife, Mr Gilhooley, agus Skerritt. Cuireadh trí leabhar beathaisnéise leis i gcló: I went to Russia, Two Years of my Life, agus b'fhéidir an ceann is suimiúla acu, Shame the Devil.

Scríobh sé a lán gearrscéalta lena chois sin. Orthu sin tá Spring Sowing, Two Lovely Beasts agus cnuasaigh éagsúla eile, mar aon le cnuasach Gaeilge, Dúil.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile