Inis Oírr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tugtar Inis Oírr, Inis OirthirInis Thiar go minic ar an oileán is lú de chuid Oileáin Árann amach ó chósta na Gaillimhe (i gcuan na Gaillimhe) in iarthar na hÉireann. Tá Inis Meáin agus Inis Mór suite ar an taobh thiar d'Inis Oírr.

Suíomh

Stair[athraigh | edit source]

Is é Naomh Caomhán éarlamh an oileáin. Ba dheartháir leis é Naomh Caoimhin, bunaitheoir Ghleann Dá Loch. Cé go dtugtar Inis Oírr ar an oileán go hoifigiúil, bhíodh ainm oifigiúil eile, Inis Oirthir, air roimhe sin, agus tugtar Inis Thiar air go traidisiúnta.

An t-oileán sa lá atá inniu ann[athraigh | edit source]

Tá timpeall 300 duine ina gcónaí ar an oileán faoi láthair, agus tá sé suite i nGaeltacht Chonnacht. Tagann eathar ann ó Ros an Mhíl i gConamara agus ó Dhúlainn i gContae an Chláir, chomh maith leis na hoileáin eile. Baineann tábhacht mhór leis an turasóireacht ar an oileán. Chomh maith le sin, tagann go leor daoine ann agus iad ag iarraidh a nGaeilge a fheabhsú.

Siúlóid Inis Oírr[athraigh | edit source]

Tógann an siúlóid seo idir 3½ agus 4 uair an chloig. Is féidir an tús a fheiceáil ag Cnoc Raithní, carn chiorclach ar chúl na trá agus ar thaobh na láimhe clé den pháirc peile.

Inis Oírr

Cnoc Raithní[athraigh | edit source]

Níor thángthas ar an séadchomhartha seo nó go raibh feiceáil air i ndiaidh stoirme in 1885. Tá sé ann ó aimsir na Créumhaoise, 1500 R.C. agus dar leis na saineolaithe, tógadh mar charn adhlactha é. De réir an tseanchais ba iad na Firboilg an chéad dream a raibh cónaí orthu ar an oileán tar éis dóibh teitheadh ann le n-éalú ó lucht ionsaithe.

Teampall Chaomháin[athraigh | edit source]

Bhí Caomhán ina dheisceabal le Naomh Éanna. Tá fothracha an tséipéil ag dul siar go dtí an 10-14ú céad agus bhíodh gaineamh shéidte le glanadh as. Feictear dramhcharn ó aimsir na Luathchríostaíochta nó na meánaoise ar am mbealach isteach sa reilig. Tá Leaba Chaomháin le feiceáil sa reilig freisin.

An Plassey[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1960, cuireadh an Plassy suas ar charraig na Finise le linn stoirm fhiáin. Níor báitheadh aon duine mar shábháil na hoileánaigh gach éinne a bhí ar bord. Níos faide amach tá teach solais atá 37m ar airde le feiceáil. Oibríonn sé go huathoibríoch ón mbliain 1978. Scairteann a sholas 20 muirmhíle ó bhaile san oíche.

Cill na Seacht nIníon[athraigh | edit source]

Is fothrach de mhainistir taobh istigh de dhún beag cloiche í Cill na Seacht nIníon. Tá altóir agus cloch a bhfuil crios greanta isteach inti le feiceáil anseo.

Caisleán Uí Bhriain

Caisleán Uí Bhriain[athraigh | edit source]

Is caisleán trí stóir é seo a thóg na Brianaigh a bhí in úinéireacht an oileáin go dtí an bhliain 1585. Tá an caisleán tógtha taobh istigh de Dhún Fhormna, dún a thóg daoine an oileáin sa Chlochaois.

Tobar Éannna[athraigh | edit source]

Deirtear go raibh cónaí ar Naomh Éanna i gclochán coirceogach in aice láimhe agus is mór an t-ómós atá ag na hoileánaigh don tobar seo. De réir an tseanchais, is deachomhair é má éiríonn leat eascann a fheiceáil sa tobar.

Cill Ghobnait[athraigh | edit source]

Cill Ghobnait 2013

Tógadh an séipéilín beag seo san 8ú nó 9ú haois. Deirtear gur theith Naomh Gobnait, patrún Bhaile Bhuirne, go hInis Oírr le n-éalú óna naimhde ar mhórthír na hÉireann.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]