Conamara

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Conamara, Contae na Gaillimhe, leis na Beanna Beola sa chúlra.

Conamara a thugtar ar cheantar in iarthar Chontae na Gaillimhe in iarthar na hÉireann. Tagann an t-ainm as Conmhaicne Mara, ceann de líon Conmhaicne sa tír, tailte a bhain le clann áirithe, agus bhí an ceann seo buailte leis an muir. Inniu deirtear amanta go gclúdaíonn sé an tír ó chathair na Gaillimhe siar go dtí an Chlochán. Ach is Cois Fharraige a thugtar i gceart ar an gceantar siar as Gaillimh, agus tosaíonn Conamara i gceart siar-aduaidh uaidh sin.

Is é an Clochán an baile is mó atá i gConamara. Tá an talamh garbh, ach tá meas ag go leor ar an taobh sin tíre mar go bhfuil sé fáiltiúil, go bhfuil radharcanna áille ar thír agus ar fharraige, agus go labhraítear roinnt Gaeilge fós ann. Ó dheas, tá oileáin i gCuan Chill Chiaráin ar chuid de Chonamara iad, m.sh. Garumna, Leitir Móir agus Leitir Mealláin. Tá Carna anseo freisin.

Lastuaidh ón gceantar tá Loch Coiribe, Loch Measca agus na Beanna Beola, sléibhte a shroicheann tuairim 730 méadar ar airde. Ó dheas, tá cuan na Gaillimhe agus Oileáin Árann agus siar agus ó dheas tá an Aigéan Atlantach.

Tugtar Dúiche Sheoigheach go minic ar an gceantar i dTuaisceart Chonamara ina bhfuil An Sraith Salach (Recess), An Teach Dóite (Maam Cross), An Mám (Maam), Corr na Móna (Cornamona) agus An Fhairche (Clonbur).

Bíonn rásaí currachaí ar siúl i gCeantar Chonamara gach Samhradh.