An Ghaeltacht
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
B'é ba bhrí leis an bhfocal sin Gaeltacht fadó ná Gaelachas, ach ó thosaigh an Ghaeilge ag dul as úsáid in Éirinn, tosaíodh ag tabhairt "Gaeltacht" nó "ceantair Ghaeltachta" ar na háiteanna sa tír ina bhfuil Gaeilge á labhairt i gcónaí mar theanga thraidisiúnta a théann go nádúrtha ó ghlúin go glúin.
Is léir, áfach, gurb iomaí áit sa Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil an Béarla in uachtar anois, mar shampla Cloch na Rón, an Achréidh agus Maigh Cuilinn i gContae na Gaillimhe, nó Ailt an Chorráin agus Gleann Bharr i gContae Dhún na nGall, Acaill, Béal an Mhuirthead agus an tSraith i gContae Mhaigh Eo chomh maith leis an gcuid is mó d'Uíbh Ráthach i gContae Chiarraí Theas.
Clár ábhair |
[athraigh] An Fhíor-Ghaeltacht
- Conamara, Gaillimh
- Corca Dhuibhne, Contae Chiarraí go háirithe, in aice le Daingean Uí Chúis
- Tír Chonaill, Contae Dhún na nGall, go háirithe i nGaoth Dobhair, Cloích Cheannfhaola, agus ar an taobh thuaidh de na Rosa; Anagaire, Croithlí agus Rann na Feirste.
- Cúil Aodha, Cléire, Contae Chorcaí
- Ráth Cairn (nó Ráth Chairn) agus Baile Ghib, Contae na Mí
- An Rinn, Contae Phort Láirge
- Ceathrú Thaidhg, Eachléim agus An Fód Dubh, Gaeltacht Mhaigh Eo
Úsáidtear leaganacha éagsúla den Ghaeilge ó Ghaeltacht go Gaeltacht.
Tugtar Gaidhealtachd nó Gaeltacht na hAlban ar na ceantair in Albain ina labhraítear Gaeilge na hAlban (nó Gàidhlig).
[athraigh] Gaeltachtaí neamhoifigiúla
Tugtar Gaeltachtaí Neamhoifigiúla ar cheantair nach cuid den Ghaeltacht oifigiúil iad, cé go bhfuil an teanga á labhairt iontu go forleathan. Tá siad ag cur brú ar an Rialtas stádás oifigiúil a fháil.
- Cúige Uladh, Contae Aontroma in Iarthar Bhéal Feirste Gaeltacht Sheoige nó Gaeltacht Bhéal Feirste
[athraigh] Nua-Ghaeltacht
Nua-Ghaeltacht a thugtar ar an smaoineamh Gaeltachtaí nua a thógáil i mBÁC agus i gcathracha eile sa tír leis an dteanga a athbheochan.
[athraigh] Foinsí
- Ó Tuathaigh G, Ó Laoire L L, Ua Súilleabháin (eag) 2000 Pobal na Gaeltachta a Scéal agus a Dhán, Indreabhán Conamara: Cló Iar-Chonnachta.
[athraigh] Naisc sheachtracha
- Beo.ie - An Ghaeltacht
- An Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta
- Turasóireacht sa Ghaeltacht
- Údarás na Gaeltachta
- Gaelgeoir group to start new Gaeltacht near city
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.