An Ghaeltacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comhartha an Údaráis ar theorainn na Gaeltachta
Gaeltachtaí oifigiúla

Is éard is Gaeltacht ann ná ceantar ina bhfuil an Ghaeilge aitheanta mar theanga an phobail ann, go stairiúil ar a laghad. B'é ba bhrí leis an bhfocal sin Gaeltacht fadó ná Gaelachas, ach ó thosaigh an Ghaeilge ag dul as úsáid in áiteanna in Éirinn, tosaíodh ag tabhairt "Gaeltacht" nó "ceantair Ghaeltachta" ar na háiteanna sa tír ina bhfuil Gaeilge á labhairt i gcónaí mar theanga thraidisiúnta a théann go nádúrtha ó ghlúin go glúin.

Is léir, áfach, gurb iomaí áit sa Ghaeltacht oifigiúil ina bhfuil an Béarla in uachtar anois, mar shampla Cloch na Rón, an Achréidh agus Maigh Cuilinn i gContae na Gaillimhe, nó Ailt an Chorráin agus Gleann Bharr i gContae Dhún na nGall, Acaill, Béal an Mhuirthead agus an tSraith i gContae Mhaigh Eo chomh maith leis an gcuid is mó d'Uíbh Ráthach i gContae Chiarraí Theas.

Úsáidtear leaganacha éagsúla den Ghaeilge ó Ghaeltacht go Gaeltacht. Tugtar Gaidhealtachd nó Gaeltacht na hAlban ar na ceantair in Albain ina labhraítear Gaeilge na hAlban (nó Gàidhlig).

Daonra na Gaeltachta[athraigh | edit source]

Teorann na Gaeltachta 1926

Dar le Údarás na Gaeltachta, is é daonra na Gaeltachta ná 95,503[1]. Ach tá thart ar 14,000 do na daoine sin ag cónaí i bruachbhailtí na Gaillimhe.

Cuirtear an cheist go minic an ceart imeall na nGaeltachtaí a athrú[2].

An Fhí­or-Ghaeltacht[athraigh | edit source]

Áiteanna a thuileann stádas an Gaeltacht 2007

Gaeltacht Thír Conaill[athraigh | edit source]

Gaeltacht na Gaillimhe[athraigh | edit source]

Gaeltacht Chontae Chiarraí[athraigh | edit source]

Gaeltacht Chontae Chorcaí[athraigh | edit source]

Gaeltacht Chontae na Mí[athraigh | edit source]

Príomhalt: Gaeltacht na Mí

Gaeltacht na nDéise[athraigh | edit source]

Príomhalt: Gaeltacht na nDéise

Gaeltacht Chontae Mhaigh Eo[athraigh | edit source]

Gaeltachtaí neamhoifigiúla[athraigh | edit source]

Tugtar Gaeltachtaí Neamhoifigiúla ar cheantair nach cuid den Ghaeltacht oifigiúil iad, cé go bhfuil an teanga á labhairt iontu go forleathan. Tá siad ag cur brú ar an Rialtas stádas oifigiúil a fháil.

Nua-Ghaeltacht[athraigh | edit source]

Nua-Ghaeltacht a thugtar ar an smaoineamh Gaeltachtaí nua a thógáil i mBÁC[3] agus i gcathracha eile sa tír leis an dteanga a athbheochan. Cé nach bhfuil sé sna huimhreacha thuas, tá Gaeltacht nua i Béal Feirste.

Riarachán[athraigh | edit source]

Is í an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta atá freagrach as polasaí an rialtais i leith na Gaeltachta, i gcomhar le heagraíochtaí amhail Údarás na Gaeltachta. Cuireann Raidió na Gaeltachta de chuid RTÉ agus TG4 seirbhísí ar fáil do mhuintir na Gaeltachta, agus cainteoirí Gaeilge go forleathan.

Coláistí samhraidh[athraigh | edit source]

Eagraítear cúrsaí Gaeilge gach bliain sna cheantair Ghaeltachta le linn an tsamhraidh. Tumoideachas atá ann, ina gcaitheann daltaí scoile roinnt sheachtainí ag foghlaim na teanga trí chúrsaí Gaeilge agus gníomhaíochtaí eile trí mheán na teanga chomh maith - cluichí Gaelacha, céilí agus ceol traidisiúnta.

Is minic a fhanann an dalta le chlann áitiúil sa Ghaeltacht le linn an chúrsa, agus teagasc á fháil acu ó bhean an tí.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Foinsí[athraigh | edit source]

  • Ó Tuathaigh G, Ó Laoire L L, Ua Súilleabháin (eag) 2000 Pobal na Gaeltachta a Scéal agus a Dhán, Indreabhán Conamara: Cló Iar-Chonnachta.

Tagairtí[athraigh | edit source]