Máirtín Ó Direáin
| Máirtín Ó Direáin | |
![]() |
|
| Dáta breithe | 29 Nollaig, 1910 |
| Sruthán, Inis Mór | |
| Dáta báis | 19 Márta, 1988 |
| Baile Átha Cliath | |
| Ainm cleite | Ruaidhrí Beag[1] |
| Náisiúntacht | Éireannach |
| Gairm | File, scríbhneoir aistí, gearrscéalaí, státseirbhíseach |
| Seánra | Ficsean, saol na n-oileán |
| Duaiseanna | Arts Council award (1964, 1971) Butler Prize (1967) Ossian Prize for Poetry (1977) |
| Céile | Áine Colivet (b. 1976) |
In Árainn a tógadh Máirtín Ó Direáin. Rugadh i bhFearann a' Choirce ar Inis Mór é i 1910, agus tar éis dó an scoil a fhágáil chaith sé tamall de bhlianta ag obair mar chléireach in ardoifig an phoist i nGaillimh. Ba bhall de Chonradh na Gaeilge é, agus chaith sé seal mar rúnaí air. Bhog sé leis go Baile Átha Cliath níos deireanaí, agus baint aige le Cumann na Scríbhneoirí ó thús ann.
D´fhoilsigh sé a chéad chnuasach filíochta, "Coinnle Geala", i 1942, agus lean sé air ag cumadh filíochta anuas go dtí na hochtóidí. Scríobh sé cnuasach gearrscéalta freisin, "Feamainn Bhealtaine", a chuir a shaothar in aithne dos na mílte dalta scoile. Is minic a thráchtann sé ar bhéasa is ar áilleacht oileán Árann is ar an meath a tháinig ar an saol sin i mblianta deireanacha an fichiú h-aois. Fuair sé bás sa bhliain 1988 i mBaile Átha Cliath.
Clár ábhair |
Saothar [athraigh]
Cnuasaí Filíochta [athraigh]
- Coinnle Geala, 1942
- Dánta Aniar, 1943
- Rogha Dánta, 1949
- Ó Mórna agus Dánta Eile, 1957
- Ár Ré Dhearóil, 1962
- Cloch Choirnéil , 1967
- Crainn is Cairde, 1970
- Ceacht an Éin, 1984
- Dánta 1939-79, 1980
- Béasa an Túir, 1984
- Tacar Dánta/Selected Poems, 1984
- Craobhóg: Dán, 1986
Prós [athraigh]
- Feamainn Bhealtaine, 1961
Naisc sheachtracha [athraigh]
- Coláiste Ó Direáin - coláiste ar Inis Mór a osclaíodh in ómós dó.
- Saothar an Direánaigh ar Litríocht.com.
Tagairtí [athraigh]
- ↑ www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1662
