Cois Fharraige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCois Fharraige

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°31′31″N 9°56′17″W / 53.52523°N 9.938°W / 53.52523; -9.938
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht
Contae in ÉirinnContae na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata

Is ceantar é Cois Fharraige atá in iarthar Chontae na Gaillimhe agus é ag síneadh siar ó chathair na Gaillimhe go Casla. Is cuid de Chonamara é an ceantar seo freisin (síneann Conamara i bhfad níos faide siar agus ó thuaidh). I measc na mbailte i gCois Fharraige tá Bearna, na Forbacha, an Spidéal, Indreabhán, An Tulaigh agus Ros an Mhíl. Tá ceantar Chois Fharraige ar cheann de na ceantair Ghaeltachta is láidre sa tír. Bíodh sin mar atá, tá an teanga faoi bhrú ón mBéarla sna bailte seo, go háirithe na cinn is gaire den chathair. Tá go leor tógála ar bun sa cheantar agus is minic gur daoine gan Gaeilge ó thaobh amuigh den cheantar a cheannaíonns na tithe. Ach is iad muintir na háite a bhfuil an t-iarann déanta acu á dtógáil! Le blianta beaga anuas tá díospóireacht go leor ar siúl mar gheall ar an gceist seo agus tá alt faoi ráiteas tionchair teanga curtha i bplean an chontae dá bharr.

Cónaíonn formhór phobal Chois Fharraige laistigh de chúpla ciliméadar ó bhruach na mara, mar gur ann atá an bóthar, agus mar go rabhadar go mór ag brath ar an bhfarraige san am a caitheadh. Cé go raibh an ceantar bocht go maith go dtí na 1980í, tá i bhfad níos mó dul chun cinn déanta i gCois Fharraige ná mar atá déanta in go leor ceantar eile in Iarthar na hÉireann. Chuir Údarás na Gaeltachta riar maith fostaíochta ar fáil sa cheantar. Cuidíonn tionscal na gColáistí Gaeilge cuid mhaith le hioncam a chruthú do mhuintir na dtithe lóistín sa cheantar. Chomh maith leis, tá tábhacht leis na Coláistí sa cheantar mar go dtugann siad spreagadh do dhaoine an teanga a labhairt agus a úsáid agus go dtugann siad fostaíocht shéasúrach d'aos óg an cheantair trí Ghaeilge.