Coláiste Lurgan
Sonraí | |
---|---|
Cineál | scoil samhraidh |
Réimse oibre | an Ghaeilge |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Suíomh gréasáin | lurgan.biz |
Coláiste samhraidh Gaeilge neamhspleách is ea Coláiste Lurgan. Tá sé suite in Indreabhán, i gContae na Gaillimhe. Is é Mícheál Ó Foighil bainisteoir na scoile. Tá cáil ar an gColáiste as a chainéal YouTube "TG Lurgan" agus a chuid físeáin.[1]
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Thíos ag obair i gColáiste Lurgan a bhí an banna Seo Linn nuair a bhuail an smaoineamh iad leagan Ghaeilge de ‘Wake Me Up’, cnagshingil agus aintiún mór de chuid Avicii, a thaifeadadh. Scaip an físeán go rábach ar líne ina dhiaidh sin, ‘Avicii V Lurgan’[2] (le linn 2013-2023, bhí breis agus 8.1 milliúin radharc ag an bhfíseán).[3]
Bhí an-ráchairt in 2016 ar fhíseán eile[4] de chuid TG Lurgan, 'Africa',[5] amhrán le Toto a scaoileadh den chéad uair sa bhliain 1982 sna S-A.[6]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "TG Lurgan - YouTube". www.youtube.com. Dáta rochtana: 2023-03-23.
- ↑ "Avicii Vs Lurgan - "Wake Me Up" as Gaeilge" (as en) .
- ↑ Seán Ó Dubhchon (2023-03-20). "'Tá an traidisiún Gaelach tugtha d'éisteoirí na cruinne ina stíl speisialta bhríomhar aitheanta féin ag Seo Linn'" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-03-23.
- ↑ TG Lurgan (2016). ""Africa" le Toto as Gaeilge" (as ga-IE).
- ↑ "Africa (Toto song)" (as en) (2023-10-26). Wikipedia.
- ↑ "US Top 40 Singles For The Week Ending October 30, 1982 - Top40weekly" (en-US). top40weekly.com (1982-10-30). Dáta rochtana: 2023-10-27.