Taibhdhearc na Gaillimhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Taibhdhearc

Amharclann náisiúnta na Gaeilge í Taibhdhearc na Gaillimhe (nó 'an Taibhdhearc' mar is fearr aithne uirthi). Bunaíodh i nGaillimh sa bhliain 1929 í, agus tá sí suite ar an tSráid Láir i gcathair na Gaillimhe ó shin i leith. Is é Earnán de Blaghd, an tAire Airgeadais in 1927 a thoil deontas a thabhairt chun go mbunófaí an amharclann an chéad lá riamh.

Seanfhocal Ghaeilge is ea an 'Taibhdhearc', atá comhdhéanta de 'taibhsiúil' agus 'dearc'; 'radharc' nó 'áit dhraochtúil' is ciall leis dar le suíomh gréasáin na hamharclainne féin. Maítear freisin gur úsáideadh an focal i ngluais i seancháipéis Laidine a scríobhadh in Éirinn, ag déanamh tagairte do 'teatram' ('amharclann').

Ba é Micheál Mac Liammóir céad stiúrthóir na hamharclainne agus is iomaí sin léirthóir agus aisteoir mór le rá a thosaigh ar a bheith ag obair sa drámaíocht sa Taibhdhearc, leithéidí Siobhán Mc Kenna, Michael Lally, Frank Dermody, Walter Macken, Caitlín Maude. Ar áireamh sna drámadóirí ar léiríodh a chuid drámaí san amharclann tá Eoghan Ó Tuairisc, Mairéad Ní Ghráda, Criostóir O'Flynn, Breandán Ó Beacháin, agus Antaine Ó Flathartha. Ó bhí na 1960í ann, tá dlúthbhaint ag Seán agus Máire Stafford leis an Taibhdhearc.

Mar aon le nuadhrámaíocht Ghaeilge, léirítear sa Taibhdhearc drámaí a aistrítear go Gaeilge ó go leor leor teangacha, chomh maith le ceoldrámaí agus geamaireacht.

Foinsí[athraigh | edit source]