Breandán Ó Beacháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Breandán Ó Beacháin
Brendan Behan NYWTS.jpg
Ó Beacháin i gCathair Nua-Eabhrac sa bhliain 1960
Dáta breithe 9 Feabhra, 1923
  Baile Átha Cliath, Éire
Dáta báis 20 Márta, 1964
  Baile Átha Cliath, Éire
Náisiúntacht Éireannach
Gairm Úrscéalaí, file, drámadóir

Scríbhneoir Éireannach ab ea Breandán Ó Beacháin (Béarla: Brendan Behan) (9 Feabhra 1923 - 20 Márta 1964).

Rugadh i mBaile Átha Cliath é sa bhliain 1923. Bhí sé ina phéintéir tithe agus é óg. Bhí baint aige leis an IRA óna óige agus gabhadh i Sasana é le linn feachtais bhuamála ag tús an Dara Cogadh Domhanda. Chaith sé cúpla bliain i ngéibheann ina dhiaidh sin, i Sasana is in Éirinn. Bhain sé ardchlú amach dó féin leis an dráma Quare Fellow agus ina dhiaidh sin leis an dráma 'The Hostage', bunaithe ar 'An Giall', a céad-scríobhadh i nGaeilge. Bhí clú idirnáisiúnta air ina dhiaidh sin. Chum sé filíocht agus aistí, i mBéarla is i nGaeilge. Bhí aithne air mar ragairne is bhí sé le feiscint i dtithe tábhairne timpeall Bhaile Átha Cliath le leithéidí Patrick Kavanagh, ach scar siad óna chéíle ansin.

Saol[athraigh | edit source]

Rugadh Breandán Ó Beacháin i lár chathair Bhaile Átha Cliath ar an 9 Feabhra 1923. Bhí cónaí ar an teaghlach i dteach a sheanmháthar, bean a raibh roinnt tithe aici sa cheantar.

Ba d'aicme an lucht oibre iad agus bhí a athair ina phéintéir tí. Bhí an-dúil sa léann acu, áfach, agus ba ghnách leis an athair scéalta clasaiceacha Béarla a léamh dá chlann ag am luí. Thógadh an mháthair a clann ar thurasanna litríochta ar fud na cathrach. Ba dheirfiúr í le Peadar Ó Céarnaigh, a chum Amhrán na bhFiann, agus ba chara pearsanta le Mícheál Ó Coileáin í.

D'fhág Breandán an scoil agus é tri bliana déag agus lean sé lorg a athar sa phéintéireacht.

Gníomhaíocht Phoblachtach[athraigh | edit source]

I 1937 bhog an teaghlach amach chun cónaí i scéim nua tithíochta de chuid an údaráis áitiúil i gCromghlinn, bruachbhaile de Bhaile Átha Cliath. Chuaigh Breandán isteach i bhFianna Éireann, eagraíocht aos óg an IRA agus foilsíodh filíocht agus prós dá chuid den chéad uair in iris na heagraíochta sin Fianna: the Voice of Young Ireland. Gabhadh Ó Beacháin i Learpholl i 1939 agus ábhar pléasctha le haghaidh fheachtas buamála an IRA ina sheilbh aige. Gearradh trí bliana i scoil cheartúcháin air agus níor fhill sé ar Éirinn go dtí 1941. Gearradh téarma príosúin ceithre bliana déag air i 1942 ar chúis go ndearna sé iarracht beirt bhleachtairí a dhúnmharú i mBaile Átha Cliath. I bPríosún Mhuinseo a bhí sé ar dtús ach aistríodh go campa géibhinn an Churraigh é níos déanaí. Ligeadh saor i 1946 é nuair a cuireadh pardún ginearálta do phríosúnaigh phoblachtacha i bhfeidhm. Chaith sé seal i bpríosún i Manchain i 1947 de bharr iarracht a dhéanamh comrádaí poblachtach leis a shaoradh ó phríosún.

An Scríbhneoir[athraigh | edit source]

Breandán le Jackie Gleason.

D'imir a tharla dó sa phríosún an-tionchar ar scríbhneoireacht Uí Bheacháin. Scríobh sé a chéad dráma, The Landlady, i Muinseo agus thosaigh sé ag scríobh gearrscéalta agus próis eile ann freisin. Cuireadh cuid dá shaothar i gcló in The Bell príomhiris litríochta na hÉireann na linne sin. D'fhoghlaim sé Gaeilge sa phríosún agus, tar éis dó bheith scaoilte saor i 1946, chaith sé tamall i nnGaeltachtaí na Gaillimhe agus Chiarraí, áit ar thosaigh sé ag scríobh filíochta i nGaeilge. Faoi thús na gcaogaidí bhí sé in ann teacht i dtír ar a scríbhneoireacht don raidió agus do na nuachtáin agus bhí cáil bainte amach aige mar fhear barrúil ar shráideanna Bhaile Átha Cliath agus i measc lucht litríochta.

Tháinig ardú mór ar a cháil i 1954 nuair a léiríodh dráma leis, The Quare Fella (béarlagair príosúin ar ‘duine daortha chun báis’), sa Pike Theatre i mBaile Átha Cliath. Mhair sé ar stáitse ar feadh sé mhí. I 1956 léiríodh sa West End i Londain agus ar Broadway i Nua-Eabhrac é agus bhain an Beachánach clú idirnáisiúnta amach dá bharr. I 1958 léiríodh dráma beag Gaeilge leis, An Giall (tháinig an leagan Béarla 'The Hostage' níos deanaí sa bhliain), in amharclann an Damer agus foilsíodh a úrscéal dírbheathaisnéise Borstal Boy. Bhí Breandán Ó Beacháin anois ar dhuine de phríomhscríbhneoirí Éireannacha na linne. I measc shaothair eile Uí Bheacháin tá dráma, Richard’s Cork Leg, agus roinnt drámaí don raidió chomh maith le roinnt leabhar. Chum sé dhá amhrán chlúiteacha freisin, The Auld Triangle agus The Captains and the Kings.

Deireadh Ré[athraigh | edit source]

D'ól Breandán Ó Beacháin go trom ar feadh na mblianta. Bualadh tinn é le diaibéiteas go luath sna seascaidí. Ina dhiaidh sin, ba mhinic é ar meisce go poiblí, ar an stáitse agus fiú ar teilifís i 1956. Bhí gach leabhar dá chuid a foilsíodh tar éis 1957 bunaithe ar thaifeadadh a rinneadh leis, nó a scríobhadh i bhfad roimhe sin iad.

Fuair sé bás in Ospidéal na Mí, Baile Átha Cliath i 1964 agus é bliain is daichead, agus cuireadh i Reilig Ghlas Naíon é.

Saothar[athraigh | edit source]

Drámaí[athraigh | edit source]

Leabhair[athraigh | edit source]

Amhráin[athraigh | edit source]

Beathaisnéis[athraigh | edit source]

Féach freisin[athraigh | edit source]