Diaibéiteas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarDiaibéiteas
cuir in eagar
Cineálglucose metabolism disease (en) Aistrigh agus galar Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisdiabetology (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
 Cógais
Pataigineas
Éifeachtfionn, peripheral neuropathy (en) Aistrigh, diabetic retinopathy (en) Aistrigh, diabetic nephropathy (en) Aistrigh agus diabetic foot (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10E08-E13, E10.E14 agus E11 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9250 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
MedlinePlus001214 Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine117739 agus 117853 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKmanagement-of-type-1-diabetes Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD003920 Cuir in eagar ar Wikidata
Orphanet101952 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0011849 agus C0011849 Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:9351 Cuir in eagar ar Wikidata

Is siondróm meitibileachta neamhordúil é diaibéiteas (Diabetes mellitus), a chuireann isteach ar tháirgeadh insline sa phaincréas nó feidhmiú na hinsline sna fíocháin ar fud na colainne[1][2][3]. Hormón is ea inslin a chabhraíonn le meitibiliú an tsiúcra glúcós sna fíocháin.

Tá dhá chineál diaibéitis ann:[4][5]

  • Cineál 1 - Diaibéiteas Inslinspleách agus
  • Cineál 2 - Diaibéisteas neamh-inslinspleách.

Cúiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

De ghnáth is de thoradh cúiseanna oidhreachtúila agus timpeallachta ag gníomhú i gcomhar lena chéile a éiríonn na leibhéil glúcóis (siúcra) san fhuil ró-ard (hipirglicéimea).

Tarlaíonn seo toisc nach bhfuil dóthain insline ann nó toisc go bhfuil an inslin olltáirgthe easnamhach i mbealach éigin. De ghnáth bíonn leibhéil ard siúcra san fhuil in éineacht le leibhéil ard colaistéaróil san fhuil agus de réir a chéile, d’fhéadfadh dianfhadhbanna a bheith ann dá bharr. Mar sin féin is féidir smacht a chur ar an diaibéiteas.[6]

Cineál 1 - Diaibéiteas Inslinspleách[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaibéiteas chineál 1, bíonn uireasa phríomhúil i dtáirgeadh na hinsline mar gheall ar dhamáiste uath-imdhíonachta don phaincréas.

Tarlaíonn Cineál 1 de ghnáth sula sroichtear 35 bliana d’aois. Claonadh go dtarlaíonn sé seo nuair a bhíonn duine ina pháiste, agus bíonn gá le hinstealltaí rialta insline chun na leibhéil siúcra sa bhfuil a rialú.

Chuige sin bíonn ar an diaibéiteach a chuid fola a thástáil go rialta — suas le 8 n-uair sa lá, b'fhéidir-chun a chinntiú nach bhfuil an leibhéal sin ró-íseal ná ró-ard. Faoi láthair, bíonn an tástáil bunaithe ar bhraon fola a ghlacadh ón méar, nós a bhíonn pianmhar go leor, agus ar an ábhar sin bíonn leisce ar pháistí go háirithe an fhuil a thástáil sách minic.

De ghnáth bíonn comharthaí éagsúla i gceist agus tugtar aird leighis dó go mear. Ní dhéanann an cineál diaibéitis seo inslin, dá bhrí sin, tá sé riachtanach instealladh insline a thabhairt uair amháin ar a laghad in aghaidh an lae.

Tempo

Cineál 2 - Diaibéisteas neamh-inslinspleách[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndiaibéiteas Cinaál II, is amhlaidh nach mbaineann na fíocháin úsáid as an siúcra. Tarlaíonn sé seo do dhaoine fásta den chuid is mó, i ndiaidh 40 bliain d’aois de ghnáth. Is féidir é a bhainistiú le cothú cúramach is drugaí chun an leibhéal siúcra sa bhfuil a choimeád faoi stiúir. Uaireanta is gá instealltaí a úsáid. Baineann sé le bheith róthrom agus / nó le stair diaibéitis sa teaghlach. De ghnáth ó thaobh cóir leighis níl gá le hinstealltaí insline ach tá cailliúint meáchain de dhíth agus tá gá le haiste bia ar leith a leanúint (gan mórán siúcra ná saille ach le carbaihiodráití neamh-mhínphróiseáilte éagsúla a chuidíonn leis an inslin oibriú go héifeachtúil sa chorp). Uaireanta ní leor cailliúint meáchain agus bíonn táibléid de dhíth chun cuidiú ionas go n-oibreoidh inslin an duine níos fearr.

Sheffield, Herman - Modern diagnosis and treatment of diseases of children (1911)

Diabetes insipidus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá neamhord eile, a dtugtar diabetes insipidus air, ina dtáirgtear toirt mhór fuail chaolaithe, neamhsp1eách ar an méid uisce a

ionghabhtar.

Tarlaíonn sé seo de bhrí nach dtálann an fhaireog phiotútach dóthain hormóin antafhualaigh nó go bhfuil cúinsí i réim a laghdaíonn íogaireacht na nduán do ghníomhaíocht an hormóin seo (uireasa potaisiam, mar shampla).

Mar thoradh, ní athionsúnn na duáin uisce agus ní thiubhaíonn an fual. Bíonn íota ar dhuine agus díhiodráitiú muna féidir leis iontógáil rialta uisce a fháil.

Eipidéimeolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Forleithne sa bhliain 2000

Tá an neamhord coitianta go leor agus tá ag méadú ar líon na gcásanna san Oirthear. Is i measc na mbocht is forleithne an easláinte.

Sláinte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is trúig bháis an diaibéiteas go minic i dtíortha forbartha, agus cúis mhíchumais freisin.

Má bhíonn an leibhéal ard siúcra ainsealach, déanann sé sin damáiste do na súile, na néaróga, na duáin is na fuileadáin, agus tarlaíonn daille, neamhoird néarapatacha, cliseadh na nduán, artairiscléaróis, taomanna croí is stróic.

ABC of Diabetes

Claonadh ag duine ionfhabhtaithe miocrorgánach a tholgadh go héasca. Is féidir aimhréidh mar iad a sheachaint ach an leibhéal siúcra sa bhfuil a rialú. Is práinneach agus is féidir é sin a dhéanamh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  2. TG̰4. "I mBarr do Shláinte" (as ga) (1-3) | Seinnteoir | TG4 | Irish Television Channel. 
  3. Dr. Sinéad Ní Bheirn. "I mBarr do Shláinte - diaibéiteas a thagann ar mhná a bhíonn ag súil le páiste, a bhí faoi chaibidil" (as ga) (3-10) | Seinnteoir | TG4 | Irish Television Channel, Súil Eile. 
  4. hse.ie. "Eolas do dhaoine a bhfuil Diaibéiteas orthu". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-14.
  5. RTÉ Home School Hub (2020). "Diaibéiteas". Dáta rochtana: 2020.
  6. Nuacht RTÉ (2016-04-06). "Ardú mór ar chásanna diaibéitis" (as ga).