Reilig Ghlas Naíon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Túr Uí Chonaill - Príomhséadchomhartha na Reilige, a bhfuil Dónall Ó Conaill curtha ann

Is é Reilig Ghlas Naíon, nó Prospect Cemetery uaireanta, an reilig neamh-shainchreidmheach is mó i mBaile Átha Cliath, príomhchathair na hÉireann. Bunaíodh an reilig i rith an 19ú haois, agus tá roinnt mhaith de na daoine is tábhachtaí i stair na hÉireann curtha ann, mar shampla Charles Stewart Parnell, Dónall Ó Conaill, Mícheál Ó Coileáin, Éamon de Valera, Caoimhín de Barra agus Constance Markiewicz.

Bunú na reilige[athraigh | edit source]

Osclaíodh doirsí na reilige den chéad uair thiar sa bhliain 1832, tráth ina raibh na Péindlíthe fós i bhfeidhm go tréan fud fad na tíre. Ní raibh reiligí dá gcuid féin - ar bhun oifigiúil ar aon nós - ag Caitlicigh na tíre chun a mairbh féin a chur i gcré na cille, rud a ghríosaigh Dónall Ó Conaill chun feachtas a bhunú ina choinne. Sa deireadh thiar thall, chruthaigh mo dhuine nach raibh dlí oiriúnach ar bith i bhfeidhm a chuirfeadh a leithéid sin de bhac orthu, agus éilíodh áit chuí ina gcuirfeadh Caitlicigh agus Protastúnaigh in aon reilig le chéile.

Prospect Cemetery a baisteadh uirthi agus í á oscailt don phobal ar an 21 Feabhra 1832. Lonnaíodh an reilig ar naoi acra i nGlas Naíon, taobh thuaidh den chathair. An chéad duine a cuireadh ann ná buachaill óg ceithre bliana d'aois darbh ainm Michael Casey ó Shráid San Proinsias i lár Bhaile Átha Cliath.

Daoine cáiliúla atá curtha i Reilig Ghlas Naíon[athraigh | edit source]

Uaigh Ruairí Mhic Easmainn i Reilig Ghlas Naíon.
Uaigh Éamon de Valera, agus a bhean chéile Sinéad in aice leis.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]