Uachtarán na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Brat an Uachtaráin a thógadh isteach sa bhliain 1945

Is é ceann stáit na hÉireann an tUachtarán. Bunaíodh an post seo le Bunreacht na bliana 1937 nuair a cuireadh post an Ghobharnóra, a bhí ina ionadaí ag Shasana in Éirinn agus í ina ballstát de Chomhlathas na Breataine, ar ceal.

Is beag cumhachta atá ag an Uachtarán i ndáiríre ach amháín i gcás go bhfuil amhras air nó uirthi faoi dhlíthe a reachtaíonn an Dáil. Is é Mícheál D. Ó hUiginn an tUachtarán reatha.

Toghadh[athraigh | edit source]

De réir Airteagal 12 de Bhunreacht na hÉireann tá tosach ag an Uachtarán ar gach uile dhuine sa Stát, 'agus ní foláir dó na cumhachtaí agus na feidhmeanna a bheirtear don Uachtarán leis an mBunreacht seo agus le dlí a oibriú agus a chomhlíonadh'. Toghthar an tUachtarán trí vóta díreach an phobail ar mhodh an Aonvóta Inaistrithe agus ceart ag gach saoránach de chuid na hÉireann vótáil sa toghchán. Tréimhse seacht mbliana a chaitheann Uachtarán in oifig, agus is féidir é a atoghadh ar feadh tréimhse amháin eile de sheacht mbliana. Cónaíonn an tUachtarán in Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhíonuisce, Baile Átha Cliath.

Dualgais[athraigh | edit source]

Is é an tUachtarán a cheapann an Taoiseach (Príomh-Aire) agus baill eile an Rialtais de réir molta nó ainmnithe ó Dháil Éireann. Is é chomh maith a achtaíonn gach dlí de chuid an Oireachtais agus atá in ardcheannas ar na Fórsaí Cosanta. Chaith Eamon de Valera, Seán T. Ó Ceallaigh agus Pádraig Ó hIrighile dhá thréimhse san Áras agus chaith Máire Mhic Ghiolla Íosa dhá thréimhse ann leis.

Cumhachtaí[athraigh | edit source]

I measc cumhachtaí an Uachtaráin tá:

  • Baill an Rialtais, chomh maith le breithimh agus oifigigh eile a cheapadh
  • An Dáil a chomóradh agus a lánscoir
  • An tOireachtas a chomóradh
  • Ionadaíocht a dhéanamh ar son na ndaoine
  • Billí a shíniú agus a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí
  • Feidhmiú mar Ardcheannasaí na bhFórsaí Cosanta (Óglaigh na hÉireann)


Uachtaráin na hÉireann 1938-[athraigh | edit source]

Mícheál D. Ó hUiginn - an tUachtarán reatha

Ba é Dubhghlas de hÍde, a toghadh gan iomaíocht, an chéad Uachtarán i 1938.

Uimhir Ainm Pictiúr In oifig As oifig Páirtí
1. Dubhghlas de hÍde Douglas Hyde - Project Gutenberg eText 19028.jpg 25 Meitheamh, 1938 24 Meitheamh, 1945 Ainmniúchán uile-pháirti
2. Seán T. Ó Ceallaigh Sean T O Kelly.jpg 25 Meitheamh, 1945 24 Meitheamh, 1959 Fianna Fáil
3. Éamon de Valera Eamon de Valera c 1922-30.jpg 25 Meitheamh, 1959 24 Meitheamh, 1973 Fianna Fáil
4. Erskine H. Childers Erskine-h-childers.jpg 24 Meitheamh, 1973 17 Samhain, 1974 Fianna Fáil
5. Cearbhall Ó Dálaigh CoD.jpg 19 Nollaig, 1974 22 Deireadh Fómhair, 1976 Fianna Fáil
6. Pádraig Ó hIrighile Hillery.jpg 3 Nollaig, 1976 2 Nollaig, 1990 Fianna Fáil
7. Máire Mhic Róibín Mary Robinson-Obama31.04secs.png 3 Nollaig, 1990 12 Meán Fómhair, 1997 Lucht Oibre, Páirtí na nOibrithe
agus Neamhspleách
8. Máire Mhic Giolla Íosa Mary McAleese.jpg 10 Samhain, 1997 10 Samhain, 2011 Fianna Fáil / Neamhspleách
9. Mícheál D. Ó hUiginn Michael d higgins.jpg 11 Samhain, 2011 in oifig fós Lucht Oibre,
agus Neamhspleách

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]