Éamon de Valera

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Éamon de Valera
Éamon de Valera 02.jpg

In oifig
25/6/1959 - 24/6/1973 (2 tréimhse)
 
Iarrthóirí eile
S MacEoin (1959, FG) T Ó hUiginn (1966, FG)
 
Réamhtheachtaí: Seán T. Ó Ceallaigh
Comharba: Erskine Childers

In oifig
1937 - 1948
Réamhtheachtaí: Uacht. na hArd-Chomhairle
Comharba: Seán A Mac Coisdealbha
In oifig
1951 - 1954
Réamhtheachtaí: Seán A Mac Coisdealbha
Comharba: Seán A Mac Coisdealbha
In oifig
1957 - 1959
Réamhtheachtaí: Seán A Mac Coisdealbha
Comharba: Seán F. Lemass

Dáta breithe 14 Deireadh Fómhair 1882
  Cathair Nua-Eabhrac, SAM
Dáta báis 29 Lúnasa 1975
  Baile Átha Cliath, Éire
Páirtí Sinn Féin agus Fianna Fáil
Gairm Polaiteoir, múinteoir, matamataiceoir
Céile Sinéad de Valera
Síniú
Éamon de Valera Signature.svg

Triodaí saoirse agus polaiteoir a ba ea Éamon de Valera (14 Deireadh Fómhair 1882 - 29 Lúnasa 1975) a bhí ina Thaoiseach agus ina Uachtarán ar Éirinn. Faoin ainm Edward George de Valera a rugadh é; uaireanta tugtar an t-ainm Gaelaithe Éamonn de Bhailéara air. Is iad na leasainmneacha atá air ná "Dev", "An Buachaill Ard" (The Long Fella, as Béarla) agus "An tAmadán Fada".

Ceannaire tábhachtach ab ea é de Valera sa ghluaiseacht phoblachtach sa 20ú haois, agus chaith sé tréimhse an-fhada ón mbliain 1917 go dtí an bhliain 1973 i saol polaitiúil na tíre. Eisean a chum Bunreacht na hÉireann sa bhliain 1937, agus chaith sé a sheal ina Thaoiseach agus ina Uachtarán. Ba é Fianna Fáil, an páirtí a bhunaigh sé sa bhliain 1926, an ceann is mó sa tír go dtí 2011.

Tús a shaoil[athraigh | edit source]

Saolaíodh Edward George de Valera i gCathair Nua-Eabhraic, Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 1882. B'iad a thuismitheoirí an mháthair Éireannach Cáit Coll ón gCnoc Mór i gContae Luimnigh (ainm iomlán: Catherine Coll de Valera Wheelwright), agus an t-athair Spáinneach Juan Vivion de Valera. An t-aon eolas atá againn faoina athair, is ó de Valera féin a fuair muid é. Dúirt sé gur dealbhóir Spáinneach ab ea é Juan Vivion a tháinig go dtí na Stáit Aontaithe agus a casadh ar a mháthair Kate ansin. Phós siad sa bhliain 1881, ach cailleadh Juan Vivion ceithre bliana ina dhiaidh sin. Níor éirigh le Tim Pat Coogan, a scríobh beathaisnéis chuimsitheach faoi de Valera, an t-eolas seo a dhearbhú sna foinsí oifigiúla, nó níl a leithéid de phósadh cláraithe iontu. Mar sin, creideann acadúlaigh áirithe go bhfuil seans ann gur leanbh tabhartha a bhí in Eamon agus gur chum sé féin an scéal faoi Juan Vivion de Valera leis an náire seo a choinneáil ceilte. De cheal eolais, ní féidir an teoiric seo a dhearbhú ná a shéanadh, ach is eol dúinn, ar fad, gur tógadh de Valera i gceantar bocht sa chathair mhór ar dtús, agus is dócha go raibh dea-chuimhní éigin aige ón tréimhse seo nó ar a athair, ar a laghad d'ainmnigh sé a chéad mhac féin, Vivion de Valera, as a athair. Nuair a fuair Juan Vivion bás, thug a uncail Ned é go hÉirinn, agus chuaigh de Valera chun cónaí ag a sheanmháthair Elizabeth Coll (máthair Cháit), ar fheirm i mBrú Rí, Contae Luimnigh.

Bhí saol réasúnta compórdach ag an leaid óg ansin. Bhí sé ag obair ar an bhfeirm, ag freastail ar an scoil náisiúnta i mBrú Rí, ag éisteacht le scéalta seandaoine an tsráidbhaile, agus ag imirt rugbaí. Bhí an scoil ag éirí go maith leis, agus an mhatamaitic ag taitneamh leis thar na hábhair eile. Fuair sé a chuid meánscolaíochta ag na Bráithre Críostaí san Ráth i gContae Chorcaí, agus bronnadh scoláireacht air a cheadaigh dó aghaidh a thabhairt ar Choláiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1898. Rinne sé dianstaidéar ar an matamaitic, agus rinneadh ollamh le matamaitic de i gColáiste Charraig an Tobair i gContae Thiobraid Árann sa bhliain 1903. Bhain sé amach a chéim sa mhatamaitic ó Ollscoil Ríoga na hÉireann (Ollscoil na hÉireann inniu) sa bhliain 1905, agus d'fhill sé ar ais go Baile Átha Cliath le dul ag obair i gColáiste Belvedere. Fuair sé post nua sa bhliain 1906 i gColáiste Oiliúna Múinteoirí Carysfort sa Charraig Dhubh. Ní raibh an t-ádh air nuair a chuir sé isteach iarratas ar phost san Ollscoil, ach fuair sé post páirtaimseartha i gColáiste Mhá Nuad, agus tugadh sé léachtaí matamaitice ina lán coláistí i mBaile Átha Cliath.

Conradh na Gaeilge[athraigh | edit source]

Bhí athbheochan Ghaelach ar siúl sa tír ag an am seo, i mBaile Átha Cliath ach go háirithe, agus de Valera sáite san obair seo chomh maith le duine. Chaith sé a sheal féin ina Ghaeilgeor, agus chuaigh sé i gConradh na Gaeilge, eagraíocht nua a bhí bunaithe ag Dubhghlas de hÍde agus Eoin Mac Néill le sracadh nua a chur sa tseanteanga. Thosaigh de Valera ag freastal ar cheachtanna Ghaeilge sa chathair. An múinteoir a bhí aige ná Sinéad Ní Fhlannagáin, Gaeilgeoir ó Bhaile Brigín, agus í ceithre bliana níos sine ná de Valera. Thit siad i ngrá, agus chuaigh brat pósta orthu ar an 8 Eanáir, 1910 i séipéal ag Cé Arainn sa chathair. Ar an 25 Samhain 1913, chuaigh de Valera sna hÓglaigh. Bhí dúchas an cheannaire ann, agus rinneadh captaen de tar éis tamaill. San am sin, bhí na hÓglaigh faoi smacht Bhráithreachas na Poblachta (IRB), agus lean de Valera ar aghaidh san eagraíocht seo freisin.

Ráiteas, sínithe ag De Valera, i leith na Gaeilge, san irisleabhar 'Éire' Bliainiris Ghaedheal, leathanach 9, 1940.

Éirí Amach na Cásca[athraigh | edit source]

Bhí na hÓglaigh agus Arm na Saoránach ag pleanáil éirí amach in Éirinn le tamall maith anuas, agus tháinig deis mhaith nuair a bhí an Chéad Cogadh Domhanda ar siúl. Thosaigh Éirí Amach na Cásca nuair a léigh Pádraig Mac Piarais Forógra na Poblachta amach ar Shráid Sackville (Sráid Uí Chonaill inniu) ar an 24 Aibreán sa bhliain 1916. Bhí de Valera agus an Tríú Cathlán, a bhí faoina cheannas, lonnaithe i Muileann Uí Bheoláin, ar Sráid na Canála Móire sa chathair. Bhí siad ábalta an áit a choimeád go dtí deireadh na seachtaine, ach tá tuairimí difriúla faoi pháirt de Valera i rith an Éirí Amach. Níl aon dabht gur ceannaire láidir cliste a bhí ann agus é ábalta pleananna a dhéanamh agus cinneadh a ghlacadh. Dúirt daoine eile, áfach, gur theip na néaróga air, ionas go raibh sé ag rith timpeall ag tabhairt orduithe aisteacha nó ag déanamh dearmaid d'eolas tábhachtach. Cé gur gabhadh i ndeireadh an Éirí Amach é, níor cuireadh chun báis é, mar a tharla do na príomhcheannairí i bPríosún Cill Mhaighneann. Glactar leis go coitianta go mbeadh an bás i ndán dó go cinnte, ach go bé gur saoránach Meiriceánach a bhí ann nach bhféadfaí a mharú mar sin gan trioblóidí dioplómatúla a fháil leis na Stáit Aontaithe. Bhí an Chéad Chogadh Domhanda díreach ar siúl, agus na Sasanaigh ag iarraidh na Meiriceánaigh a bhréagadh isteach go fóill. Mar sin, níor theastaigh trioblóid ar bith uathu leo siúd. Cibé scéal é, d'fhan de Valera faoi ghlas i bpríosún eile seachas Chill Mhaighneann, agus na húdaráis ag iarraidh ceist na saoránachta a réiteach. Nuair a tháinig freagairt láidir ón phobal tar éis na mbásuithe eile, cuireadh stad leis na básuithe go tobann. Chaith sé bliain fosta faoi ghlas i Sasana, agus ansin scaoileadh saor ina laoch é i mí Meitheamh, 1917.

Sinn Féin agus an Chéad Dáil[athraigh | edit source]

De Valera.

Bhí tacaíocht Shinn Féin ag fás go géar gasta díreach tar éis an Éirí Amach. Ar dtús, bhí cosmhuintir na hÉireann in aghaidh na ceannairce, ach nuair a cuireadh chun báis é, d'athraigh an port acu. Thosaigh siad ag dearcadh ar cheannairí an Éirí Amach mar laochra, agus bhí de Valera in ann buntáiste a ghlacadh air sin, ó bhí sé ar an gceannaire ab airde céim a tháinig slán as na básuithe.

I ndeireadh an Chéad Chogadh Domhanda, d'fhéach rialtas na Breataine an Coinscríobh a chur i bhfeidhm ar Éirinn, rud nár thaitin le Sinn Féin ar aon nós. Bhí de Valera ina bhall den pháirtí sin, agus toghadh ina Fheisire é ó dháilcheantar an Chláir in Olltoghchán na bliana 1918. Chuaigh sé i gceannas ar an bpáirtí freisin, mar Uachtarán. D'éirigh go gleoite le Sinn Féin san olltoghchán, nó bhain siad amach 73 cinn de na suíocháin Éireannacha, 104 cinn ar fad, agus 73 % den vóta. Ní dheachaigh aon duine de na Feisirí go dtí an Westminster, áfach. Ina ionad sin, tháinig siad le chéile i mBaile Átha Cliath, áit ar bhunaigh siad a bparlaimint féin, Dáil Éireann. Chruinnigh na Teachtaí Dála nua i dTeach an Ardmhéara sa chathair ar an 21 Eanáir sa bhliain 1919, agus cuireadh an Chéad Dáil ar bun. Gabhadh de Valera arís i mí Bealtaine 1918, agus dá thoradh sin, toghadh Cathal Brugha ina Phríomh-Aire ina áit. D'éalaigh de Valera as Príosún Lincoln i mí Feabhra sa bhliain 1919, agus ansin chuaigh sé i mbun a sheanphoist arís. Is í an chéim a bhí aige san am ná Príomh-Aire, agus b'é ba chiall leis an teideal sin ná ceann comhairle ar an bparlaimint - is é sin, ní raibh sé go díreach ina Cheann Stáit.

Ní raibh aon mhoill ar rialtas na Breataine a fhógairt gur parlaimint neamhdhlíthiúil ab ea í an Dáil. Ansin, chuaigh Seán T. Ó Ceallaigh go Páras ar lorg aitheantas idirnáisiúnta d'Éirinn. Theip ar an iarracht seo, áfach, agus dá dheasca sin, chaithfeadh de Valera féin dul go Stáit Aontaithe Mheiriceá le haitheantas, cabhair airgid agus tacaíocht a iarraidh don Phoblacht nua. D'fhan sé sa tír sin ó Mheitheamh sa bhliain 1919 go dtí Mí na Nollag sa bhliain 1920, nuair a bhí Cogadh na Saoirse á chur in Éirinn. B'é Mícheál Ó Coileáin a bhí i gceannas sa bhaile agus de Valera as láthair, nó bhí an Coileánach ina Aire Airgeadais ag an am.

Conradh Angla-Éireannach[athraigh | edit source]

I mí Lúnasa 1921, d'athraigh de Valera bunreacht na Dála chun oifig nua a chruthú dó fhéin - Uachtaránacht na Poblachta. Nuair a tháinig deireadh leis na cathanna ar an 11 Iúil 1921 le sos cogaidh, cuireadh toscaireacht go Londain le dul i gcomhchainteanna leis na Sasanaigh. Cé gurbh é de Valera a bhí i gceannas ar an bPoblacht thar aon rud eile, ní raibh sé ar an toscaireacht. Chuaigh cúigear fear eile go Sasana ina ionad. D'áitigh de Valera gur cheart dó fanacht in Éirinn le haire a thabhairt don tír ar feadh na tréimhse deacra seo. Cuirtear ina leith freisin, áfach, go raibh a fhios aige nach raibh ach drochsheans ag na hÉireannaigh neamhspleáchas iomlán a bhaint amach dá dtír, agus gurbh fhearr leis gan an fhreagracht pholaitiúil a ghlacadh air as aon droch-chonradh síochána. Síníodh an Conradh Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig 1921, ach ní raibh de Valera sásta leis ar chor ar bith. Níor thug sé aitheantas don Chonradh, ós rud é gur fhág sé srianta le neamhspleáchas na hÉireann, ar nós Calafoirt an Chonartha, an chríochdheighilt, agus an mhóid dílseachta don Rí a chaithfeadh na Teachtaí Dála a thabhairt. Bhí díospóireacht bhinbeach ar an Dáil faoin gConradh, agus sa deireadh, chuaigh ceist an Chonartha ar vóta ar an 7 Eanáir 1922. Chaill de Valera agus na frith-Chonraitheoirí an vóta, nó ní bhfuair siad ach 57 vóta in aghaidh 64 cinn a fuair an Conradh. Shiúil de Valera agus lucht a thacaíochta amach as seomra cruinnithe na Dála tar éis an vóta lena míshástacht a léiriú.

Cogadh Cathartha na hÉireann[athraigh | edit source]

"Dev", timpeall 1920.

D'éirigh de Valera as an Uachtaránacht, agus ansin, thosaigh an Cogadh Cathartha in Éirinn. Bhí de Valera ag tacú leis na Poblachtánaigh, is é sin, iad siúd a bhí ag cur i gcoinne Arm an tSaorstáit, is é sin, na fórsaí armtha a bhí díreach á n-earcú agus á n-inleadh ag rialtas an stáit nua Éireannaigh. Thosaigh na cathanna ar an 28 Meitheamh 1922, nuair a ghlac na frith-Chonraitheoirí seilbh ar na Ceithre Chúirteanna i mBaile Átha Cliath. Cé gur thacaigh sé leis na frith-Chonraitheoirí, ní raibh aon chéimíocht oifigiúil ag de Valera san IRA agus mar sin liostáil sé san eagraíocht arís mar ghnáth-Óglach. Deirtear gur bhuail de Valera le Risteard Ó Maolchatha faoi rún i mBaile Átha Cliath ar an 8 Meán Fómhair sa bhliain chéanna, agus iad ag iarraidh stad a chur leis an troid. Theip orthu, áfach, agus lean an slad ar aghaidh.

Bhí an chuma ar an scéal gurbh é de Valera a bhí ina cheannaire ar na frith-Chonraitheoirí, ach ní raibh mórán tionchair ná cumhachta aige i rith an chogadh. I bpáirc an áir, b'é Liam Ó Loingsigh, Ceann Foirne an IRA a bhí i gceannas, agus níor chuir de Valera a ladar sa ghnó seo. Ar an 25 Deireadh Fómhair, bhunaigh de Valera agus roinnt de na teachtaí dála frith-Chonartha eile "rialtas Poblachtach" dá gcuid féin, a bheadh i bhfeidhm mar rialtas sealadach. Ní raibh aon údarás aige arís, ámh. Lean an cogadh ar aghaidh, chomh fuilteach is a bhí sé riamh, agus cailleadh cuid de na ceannairí móra - Micheál Ó Coileáin, Art Ó Gríofa agus Robert Erskine Childers ina measc. I mí Márta 1923, ghlac de Valera páirt i gcruinniú an IRA agus rinne siad iarracht socrú a dhéanamh ar thodhchaí an chogadh. Ceaptar go raibh de Valera i bhfabhar le deireadh a chur leis, ach ní raibh aon vóta aige agus mhair an troid fós. Maraíodh an Loingseach ar 10 Aibreán, agus tháinig Proinsias Mac Aodhagáin i gcomharbas air mar Cheann Foirne. B'eisean a d'fhógair sos cogaidh ar an 30 Bealtaine, agus d'aontaigh de Valera leis an socrú seo. Thóg sé óráid cáiliúil ansin ina ndúirt sé: "Ní féidir an Phoblacht a chosaint go rathúil as seo amach le bhur gcuid arm". Ag deireadh an chogadh, gabhadh a lán de na frith-Chonraitheoirí agus iad ag teacht abhaile ón troid. hAimsíodh de Valera féin i gContae an Chláir, agus cuireadh faoi ghlas é.

Fianna Fáil[athraigh | edit source]

Nuair a bhí an tIRA éirithe as an gcogaíocht, bhí de Valera réidh chun dul le polaitíocht arís eile. Ar dtús, áfach, gabhadh arís é in Iúr Chinn Trá, nuair a thrasnaigh sé an teorainn isteach go Tuaisceart Éireann gan cheadúnas dlíthiúil. Chaith sé mí i mbraighdeanas aonair i bPríosún Bhóthar Chromghlinne i mBéal Feirste. Ar ais leis le Sinn Féin, agus dhearbhaigh Dev gur ba cheart dóibh bunreacht an tSaorstáit nua a ghlacadh, ar acht go gcaithfí an mhóid dílseachta i dtraipisí. Chuaigh an cheist ar vóta, ach ní raibh an bua aige an turas seo. Dá dheasca sin, d'éirigh de Valera as uachtaránacht an pháirtí. Ina áit sin, chuir sé bun le páirtí nua, mar atá, Fianna Fáil, sa bhliain 1926, agus chuaigh sé féin i gceannas air. D'éirigh leis an bpáirtí nua go maith ar fud na tíre, agus thosaigh de Valera ag cur i gcoinne na móide dílseachta arís. Bhain sé triail as na cúirteanna leis an móid a chur ar ceal. Tháinig athrú cuma ar na cúrsaí go léir ar an 10 Iúil, 1927 nuair a maraíodh Caoimhín Ó hUiginn, Leas-Chathaoirleach na hArdchomhairlí. Tar éis na heachtra seo, rith an rialtas bille nua a chuir d'fhiachaibh ar na Teachtaí go léir agus, fiú, ar na hiarrthóirí, an mhóid dílseachta a thabhairt. Ní raibh Fianna Fáil sásta leis, ach ní raibh an dara suí sa bhuaile acu. D'aontaigh de Valera agus Fianna Fáil an mhóid a thabhairt sa bhliain 1927, agus iad ag áitiú nach raibh ann ach briathar gan bheart. Sa bhliain 1932 b'é Fianna Fáil an páirtí ba láidre sa Dáil, agus toghadh de Valera ina Uachtarán ar an Ardchomhairle. Ní raibh an troid i gcoinne na móide thart ar chor ar bith, agus thosaigh de Valera ag iarraidh é a chur ar ceal go hiomlán. Cúis eile a bhí aige ná na hanáidí feirme a bhí le híoc leis an mBreatain Mhór. Chuir sé stad leis na híocaíochtaí seo, agus chuir na Breatanaigh smachtbhannaí eacnamaíocha ar onnmhairí Éireannacha mar dhíoltas. Cuireadh tús le Cogadh Eacnamaíoch idir an dá thír a mhair go dtí an bhliain 1938. Ba mhaith le de Valera fáil réitithe de Sheanascal Shaorstát Éireann freisin, nó siombail thábhachtach eile a bhí ann d'fhorlámhas na Breataine Móire. Bhí sé ag iarraidh an oifig a chur ar ceal nó an bonn a bhaint de i gcónaí. Nuair a d'éirigh Séamus Mac Néill as an bpost, fuair de Valera seans fear dá chuid féin a roghnú don tSeanasclacht. Roghnaigh sé Domhnall Ua Buachalla, seanlaoch Éireannach a throid in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Ba mhaith le de Valera Mac Uí Bhuachalla a choinneáil i bhfad ó shúil an tsaoil mhóir, agus dá thoradh sin, bhí an tSeanasclacht féin ina ceap magaidh ag na daoine. Ansin, bhí sé furasta ag de Valera an post a ghlacadh dó féin níos déanaí.

Ré na Práinne[athraigh | edit source]

Nuair a phléasc an Dara Cogadh Domhanda amach, cuireadh rialtas éigeandála i bhfeidhm ar Éirinn, agus is gnách Ré na Práinne a thabhairt ar thréimhse an chogaidh, i bhfianaise an dóigh a ndeachaigh an cogadh i gcion ar na hÉireannaigh. D'fhógair de Valera, áfach, go bhfanfadh an tír amach ón gcogadh, agus an tír ag cloí le polasaí dian na neodrachta. Chuir Winston Churchill agus rialtas na Breataine an-bhrú air dul chun cogaidh i gcoinne na nGearmánach. Meastar go raibh de Valera ag iarraidh a thaispeáint don tsaol mhór gur tír neamhspleách í Éire, agus mar sin, ní fhéadfadh sé comhoibriú leis na Briotanaigh. Ceaptar go raibh pleananna ag Adolf Hitler fórsaí armtha a chur ar garastún in Éirinn, agus is fíor go raibh craobh de chuid an IRA ag tacú leis an scéim seo. Bhí rialtas na hÉireann agus na Gearmánaigh i dteagmháil éigin le chéile leis an bhféidearthacht seo a phlé, ach sa deireadh thiar thall, chloígh de Valera leis an neodracht. Bhí a fhios aige go raibh seans ann go ndéanfadh na Gearmánaigh ionradh pé scéal é, agus dá réir sin, chuir sé na mílte Óglaigh de chuid an IRA faoi ghlas. Bhí bagairt eile ann freisin, mar atá, ionradh na mBriotanach. Pléadh an cheist seo sa Dáil fosta. Mhair neodracht na hÉireann go dtí deireadh an chogaidh. Ar an taobh eile, is féidir a rá nárbh fhíor-neodracht í in aon chor, ach "neodracht i bhfabhar leis na Comhghuallaithe". Mar shampla:

  • Thug rialtas na hÉireann cabhair do na comhghuaillithe. Bhí siad i dtuilleamaí eolas meitéareolaíochta ó Éirinn leis an lá ceart a shocrú d'ionsaí an D-Day.
  • Thug rialtas na hÉireann cead do na Breatanaigh eitleáin a eitilt ón mbunáit mhíleata ag Caisleán Archdale ar Loch Éirne i gContae Fhear Manach thar Dhún na nGall go dtí an Fharraige Mhór.
  • Thug rialtas na hÉireann cead don Ambasadóir Gearmánach Eduard Hempel úsáid a bhaint as tarchuradóir raidió a bhí in ann tuairisc a dhéanamh ar an aimsir, ar ghluaiseachtaí na dtrúpaí, agus ar thorthaí na ruathar buamála ar an mBreatain go dtí an bhliain 1943.
  • Socraíodh scéim nua chun déileáil le píolótaí cogaidh agus lucht míleata eile a thuirling sa Saorstát. Rinneadh idirdhealú idir trúpaí "oibríochta" a cuireadh faoi ghlas agus trúpaí "neamhoibríochta" ar scaoileadh saor leo. Bhí sé de chlaonadh sna húdaráis meas na dtrúpaí neamhoibríochta a bheith acu ar na Comhghuaillithe, ach san am céanna, ba nós leo na trúpaí Gearmánacha a choinneáil faoi ghlas, mar thrúpaí oibríochta.
  • Liostáil 45,000 fear ón Saorstát sna saighdiúirí ag na Comhghuaillithe as a stuaim féin (Patrick Clancy agus a dheartháir Tom Clancy ina measc, iar-Óglaigh de chuid an IRA), agus ní dhearna rialtas de Valera a dhath le hiad a stopadh, cé gur chuir sé cosc le daoine roimhe sin páirt a ghlacadh i gCogadh Cathartha na Spáinne.
  • Nuair a cailleadh Hitler ag deireadh an chogaidh, thug de Valera cuairt ar Eduard Hempel lena chomhbhrón a chur in iúl. Chuir an eachtra seo iontas ar a lán daoine, go háirithe ó tharla nár shínigh de Valera an leabhar comhbhróin nuair a fuair Franklin Roosevelt bás.

Uachtarán na hÉireann[athraigh | edit source]

Uaigh de Valera i Reilig Ghlas Naíon, Baile Átha Cliath.

Thosaigh cumhacht de Valera agus Fianna Fáil ag dul i laghad sna blianta iarchogaidh. Cuireadh as oifig iad sa bhliain 1948, agus tháinig an chéad chomhrialtas ar an bhfód ina dhiaidh sin. B'é Seán A. Mac Coisdealbha a bhí ina Thaoiseach ar an gcomhrialtas. Ag an am sin, bhí sé bliana déag caite ag de Valera i gceannas ar an tír, agus na hÉireannaigh ag éirí tuirseach de. D'fhill de Valera ar an Dáil ina cheannaire ar an bhfreasúra, agus é ag iarraidh ceist na Críochdheighilte a choinneáil os comhair an tsaoil mhóir sa bhaile agus i gcéin. Ar an 18 Aibreán 1949, gaireadh Poblacht d'Éirinn, agus d'éirigh an tír as an gComhlathas.

Sa bhliain 1951, bhain de Valera amach oifig an Taoisigh arís, ach ní raibh tromlach aige sa Dáil. Meastar gurbh é sin an rialtas ba mheasa dá raibh sé air riamh, nó ní raibh ann ach na seanfhondúirí céanna nár rith aon smaoineamh nua leo idir an dá linn. Ní nárbh ionadh, chaill Fianna Fáil an t-olltoghchán sa bhliain 1954. Trí bliana ina dhiaidh sin, bhí de Valera ina Thaoiseach arís, agus é le fanacht i gceannas ar an tír an chéad sé bliana déag eile. Chuir Fianna Fáil beartas nua eacnamaíochta i bhfeidhm, an Chéad Chlár Forbartha Eacnamaíochta. Níor spáráil sé an lámh láidir ar an IRA ach an oiread, nó bhí sé sásta Óglaigh agus gníomhaithe Poblachtánacha a imtheorannú, is é sin, iad a chur faoi ghlas gan phróis cheart dlí. Sa bhliain 1959, d'fhág de Valera oifig an Taoisigh ag a chomharba Seán Lemass.

Sa bhliain chéanna, toghadh de Valera ina Uachtarán ar an tír, agus chaith sé dhá théarma san oifig. D'éirigh sé as sa bhliain 1973, agus é deich mbliana is ceithre scór d'aois. Fuair sé bás dhá bhliain ina dhiaidh sin ar an 29 Lúnasa 1975, i dteach altranais ar an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath. Cailleadh a bhean Síle i mí Eanáir sa bhliain chéanna, agus cuireadh in aice le chéile iad i Reilig Ghlas Naíon.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]



Éirí Amach na Cásca
Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis)

Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile

Daoine eile a cuireadh chun báis

Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn

Éireannaigh mór le rá eile

Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh