Páirtí Náisiúnta an Lucht Oibre (Éire)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaPáirtí Náisiúnta an Lucht Oibre
Sonraí
Ainm gearrNLP Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtadaonlathas sóisialach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1944
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte1950 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata

Páirtí polaitiúil Éireannach ba ea Páirtí Náisiúnta an Lucht Oibre (Béarla: National Labour Party ). Bunaíodh an páirtí sa bhliain 1944 tar éis scoilte i bPáirtí an Lucht Oibre. Chuaigh seisear Teachtaí Dálaí ó Pháirtí an Lucht Oibre isteach sa pháirtí nua. Dúirt siad go raibh Cumannaigh ag insíothlú an pháirtí ach ba é an naimhdeas idir William X. O'Brien agus Séamas Ó Lorcáin, daoine mór le rá i ngluaiseacht an lucht oibre in Éirinn, cúis den scoilt. Ba é James Everett ceannaire an pháirtí.

Toghadh ceathrar Teachtaí Dálaí de chuid an pháirtí nua in olltoghchán na bliana 1944 agus cúigear sa chéad olltoghchán eile sa bhliain 1948. Chuaigh an páirtí i gcomhrialtas le ceithre páirtí eile (Páirtí an Lucht oibre ina measc) agus le roinnt teachtaí neamhspleácha tar éis olltoghcháin 1948. Ceapadh James Everett mar Aire Poist agus Teileagraif.

D'athaontaigh an páirtí agus Páirtí an Lucht Oibre sa bhliain 1950, trí bhliain tar éis báis an Lorcánaigh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]