Seán F. Lemass
| Seán F. Lemass | ||
|
||
|
3ú Taoiseach
|
||
| I bhfeidhmeannas: | 23 Meitheamh, 1959 - 10 Samhain, 1966 |
|
| Réamhtheachtaí: | Eamon de Valera | |
| Comharba: | Seán Ó Loingsigh | |
| Dáta breithe: | 15 Iúil, 1899 | |
| Áit bhreithe: | Baile Átha Cliath, Éire | |
| Dáta báis: | 11 Bealtaine, 1971 | |
| Áit bháis: | Baile Átha Cliath, Éire | |
| Gairm: | Polaiteoir | |
| Páirtí polaitíochta: | Fianna Fáil | |
| Tánaiste: | (1) Seán Mac an tSaoi (2) Proinsias Mac Aodhagáin |
|
Ba é Seán Francis Lemass (15 Iúil 1899 - 11 Bealtaine 1971), an tríú Taoiseach (ceannaire rialtais na hÉireann) idir 1959 agus 1966.
Saol [athraigh]
Rugadh Seán Francis Lemass i mBaile Breac sa bhliain 1899 i mBaile Átha Cliath. An t-ainm a baisteadh air ná John Francis Lemass, ach thosaigh sé ag tabhairt Seán air féin agus é in ógánach tar éis páirt a ghlacadh in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Gabhadh agus cuireadh i bpríosún é ach scaoileadh saor é de bharr a aoise. Leis na mBráithre Críostaí sa chathair a fuair sé a chuid oideachais, áit ina raibh sé in aon rang leis an bhfuirseoir mór le rá Jimmy O'Dea. Bhí sé gníomhach freisin i gCogadh na Saoirse agus sa Chogadh Cathartha i 1922. Toghadh Lemass mar theachta i nDáil Éireann i 1924 agus bhunaigh sé Fianna Fáil i 1926 le hEamon de Valera agus comhghleacaithe eile.
I 1932 rinneadh Aire Tionscal agus Tráchtála de. I rith an Dara Cogadh Domhanda gníomhaigh sé mar Aire Soláthairtí. Rinneadh Aire Tionscal agus Tráchtála de arís tar éis an chogaidh agus i rith na gcaogaidí (1951-1954 agus 1957-1959). I 1959 toghadh mar Thaoiseach é. Sa ré sin bunaíodh RTÉ, tháinig John F. Kennedy go hÉirinn, agus chonacthas feabhas mór san eacnamaíocht. Thug sé cuairt thábhachtach ar Terence O'Neill, Príomh-aire Tuaisceart Éireann i 1965, cuairt a thosaigh ré nua caidrimh idir an dá chuid den oileán. D'éirigh sé as a phost mar Thaoiseach agus cheannaire Fhianna Fáil i 1966. D'éag sé i 1971.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
- Taoisigh na hÉireann
- Síolta
- Teachtaí Dála
- Baill den 4ú Dáil
- Baill den 5ú Dáil
- Baill den 6ú Dáil
- Baill den 7ú Dáil
- Baill den 8ú Dáil
- Baill den 9ú Dáil
- Baill den 10ú Dáil
- Baill den 11ú Dáil
- Baill den 12ú Dáil
- Baill den 13ú Dáil
- Baill den 14ú Dáil
- Baill den 15ú Dáil
- Baill den 16ú Dáil
- Baill den 17ú Dáil
- Baill den 18ú Dáil
- Daoine a rugadh i 1899
- Básanna i 1971
- Daoine as Baile Átha Cliath
