Conchur Ó Colbaird
Réabhlóidí Éireannach ab ea Conchur[1] "Conn" Ó Colbaird[1], (Béarla: Cornelius Colbert) (1896 – 8 Bealtaine, 1916). Cuireadh chun báis é i bPríosún Chill Mhaighneann sa bhliain 1916 mar phionós don pháirt a ghlac sé in Éirí Amach na Cásca, ceannairc in aghaidh na Sasanach in Éirinn.
As Áth an tSléibhe i gContae Luimnigh dó, chláraigh sé le Fianna Éireann agus é ag obair le Pádraig Mac Piarais ag Scoil Éanna i mBaile Átha Cliath. Sa bhliain 1913, bhí sé i measc na céad daoine a chuaigh isteach in Óglaigh na hÉireann, agus níorbh fhada go raibh sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta chomh maith. Lámhachadh é in éineacht leis na ceannairí eile nuair a theip ar an éirí amach.
Tá an stáisiún traenach i Luimneach agus Bóthar Con Colbert i mBaile Átha Cliath ainmnithe in ómós dó.
Tagairtí [athraigh]
- ↑ 1.0 1.1 Tógtha ón leathanach seo: http://www.hoganstand.com/general/Identity/names/c.htm
| Éirí Amach na Cásca |
||
| Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis) |
||
|
Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile |
||
| Daoine eile a cuireadh chun báis |
||
|
Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn |
||
| Éireannaigh mór le rá eile |
||
|
Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh |
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.