Príosún Chill Mhaighneann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Príosún Chill Mhaighneann

Foirgneamh i mBaile Átha Cliath, Éire is ea é Príosún Chill Mhaighneann. Príosún a bhí ann ó 1796 go dtí 1924, ach is músaem é anois. Áit thábachtach i stair na hÉireann is ea é. Osclaíodh é ag am Acht an Aontais, agus dúnadh é tar éis bhunú Saorstáit Éireann. Mar sin, ba shuíomh lárnach é sa tréimhse tábhachtach seo i stair na hÉireann.

Stair[athraigh | edit source]

Bunaíodh an príosún i gCill Mhaighneann, in aice leis an chathair, sa bhliain 1796. Ar dtús, tugadh an t-ainm "an príosún nua" air, mar bhí seanphríosún eile in aice leis. Ó 1796 go dtí 1924, b'é seo an príosún inar cuireadh (agus a lámhachadh go minic) réabhlóidithe agus polaiteoirí a bhí ag troid ar son saoirse na hÉireann. Mar shampla, Réabhlóid na nÉireannach Aontaithe i 1798, éirí amach Robert Emmet i 1803, An Gorta Mór ó 1845 go dtí 1851, Éirí Amach na nÉireannach Óga i 1848, Éirí Amach na bhFíníní i 1867, Cogadh na Talún sna 1880í, Éirí Amach na Cásca i 1916, Cogadh na Saoirse ó 1919 go dtí 1921, agus Cogadh Cathartha na hÉireann sna 1920idí. Coinníodh agus lámhachadh ceannairí Éirí Amach 1916 ann, agus b'é Eamon de Valera an príosúnach deireanach a bhí faoi choinneáil i gCill Mhaighneann. Dhún rialtas an tSaorstáit é mar phríosún i 1924. I measc na bpríosúnaigh cáiliúla a bhí faoi ghlas ann ná:

Músaem[athraigh | edit source]

Is séadchomhartha náisiúnta é an príosún anois. Rinneadh a lán oibre ar an bhfoirgneamh agus ath-osclaíodh é mar mhúsaem náisiúnachais. Insíonn an músaem an scéal faoin bhóthar trioblóideach go saoirse na hÉireann. Thug 160,000 duine cuairt ar an músaem sa bhliain 1999.

Scannáin[athraigh | edit source]

Rinneadh roinnt scannáin san fhoirgneamh freisin, mar shampla: