Éamonn Ó Dálaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Éamonn Ó Dálaigh

Ba cheannasaí an Chéad Cathlán, de Dhrong Bhaile Átha Cliath, Óglaigh na hÉireann é Éamonn Ó Dálaigh (28 Feabhra, 18914 Bealtaine, 1916) le linn Éirí Amach na Cásca. Ba an ceannfort ab óige san éirí amach é.

Rugadh i gCathair Luimnigh é agus ba dheartháir óg é Cháitlín Ní Dhálaigh, bean Thomáis Uí Chléirigh, duine dos na taoisigh a d'eagraigh an tÉirí Amach agus a shínigh Forógra na Poblachta a d'fhógraigh Poblacht na hÉireann ag tús an Éirí Amach. Ba bhall de Bhráithreachas na Poblachta (IRB) é agus b’uncail dó an sean-Fhiníneach Seán Ó Dálaigh a ghlac páirt in éirí amach na bhFiníni sa bhlian 1867.

Ghlac cathlán Uí Dhálaigh seilbh ar na hArdchúirtenna agus ar láthair eile ar an dtaobh iar-thuaisceart Bhaile Átha Cliath agus ba sa limistéar sin a bhí an chogaíocht is fíochmhaire an éirí amach. Ghéill an cathlán tar éis ceithre lá ar an 29ú lá d’Aibreán. Ba é tuairim foirinn a chathlán agus oifigigh Shasanacha a throid ina choinne araon gurbh ceannaire míleata den scoth é An Dálach.

I ndiaidh triail rúnda míleata, lámhaigh Arm na Breataine é ar an 4ú Bealtaine. Ní raibh sé ach 25 blian d’aois ag an am.

Tagairtí[athraigh | edit source]



Éirí Amach na Cásca
Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis)

Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile

Daoine eile a cuireadh chun báis

Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn

Éireannaigh mór le rá eile

Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh