Ruairí Mac Easmainn
Taidhleoir Briotanach agus náisiúnaí Éireannach ab ea é Ruairí Dáithí Mac Easmainn (1 Meán Fómhair 1864 - 3 Lúnasa 1916).
A shaol[athraigh]
Rugadh i gCuas an Ghainimh é, in aice le Baile Átha Cliath. Bhí a athair ina Phrotastúnach, ach d'fhéach a mháthair chuige go bhfuair sé baiste an Chaitlicigh ar chúla téarmaí. Cailleadh an bheirt acu nuair nach raibh Ruairí ach óg, agus b'iad muintir a athara i gCúige Uladh a thóg é.
Ar dtús, bhain an tEasmannach cáil amach leis an tuairisc a thug sé ar an léirscrios a rinne anlathas Rí na Beilge, Leopold, ar an gCongó. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé le gluaiseacht an neamhspleáchais in Éirinn, agus bhí sé ina idirghabhálaí rúnda ag iarraidh armálacha Gearmánacha a sholáthar do reibiliúnaigh na Cásca. Cuireadh chun báis é i bhfad i ndiaidh cheannairí eile na Cásca, i bpríosún Pentonville i Londain.
| Éirí Amach na Cásca |
||
| Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis) |
||
|
Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile |
||
| Daoine eile a cuireadh chun báis |
||
|
Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn |
||
| Éireannaigh mór le rá eile |
||
|
Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh |
|
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
