Seán Mac Diarmada

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seán Mac Diarmada

Réabhlóidí Éireannach agus ceann den seachtar a shínigh Forógra na Poblachta é Seán Mac Diarmada (28 Feabhra, 188312 Bealtaine, 1916). Bhí sé gníomhach i mbunú Phoblacht na hÉireann, fógraíodh i mí Aibreán 1916 le linn an Éirí Amach. Lámhachadh é tar éis an éirí amach sa bhliain 1916.

Usáidtear an leagan John MacDermott i mBéarla, nó Sean MacDermott uaireanta.

Tús a shaoil[athraigh | edit source]

B'i gCoillte Clochair, Contae Liatroma a saolaíodh Seán Mac Diarmada sa bhliain 1883, agus fuair sé a chuid oideachas ó na Bráithre Críostaí sular bhog sé go dtí Baile Átha Cliath sa bhliain 1908. Ag an am seo, bhí na blianta caite aige ag obair sna h-eagraíochtaí éagsúla a bhí ag iarraidh neamhspleáchas a bhuaigh don tír, mar shampla Bráithreachas na Poblachta, Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge. Tar éis tamaill, bhí áit aige in Ard-Chomhairle an IRB agus roghnaíodh é ina rúnaí.

Sa bhliain 1910, rinneadh bainisteoir de den nuachtán radacach "Irish Freedom", nuachtán a bhunaigh sé féin in éineacht le Bulmer Hobson agus Denis McCullough. Thosaigh sé ag obair ina eagraí náisiúinta don IRB, in éineacht le Tomás Ó Cléirigh den chuid is mó. Bhuail tubaiste dó beagán níos déanaí, áfach, nuair a thit sé tinn le polaimiailíteas, agus bhí air bata siúil a úsáid as seo amach.

Nuair a bhunaíodh Óglaigh na hÉireann sa bhliain 1913, ba bhall é Mac Diarmada ón tús, agus rinne sé a dhícheall an eagraíocht a chur faoi smacht an IRB. Gabhadh é i mí Bealtaine 1915 i dTuaim, Contae na Gaillimhe agus é ag tabhairt óráid in éadan liostáil in airm na Breataine (rud a bhí i gcoinne Defense of the Realm Act). Nuair a scaoileadh amach é i mí Meán Fómhair, chuaigh sé díreach ar ais isteach i gCoiste Míleata an IRB, a bhí ag pleanáil Éirí Amach na Cásca ag an am. B'eisean agus Ó Cléirigh na príomh-dhaoine a bhí freagrach as an scéim don éirí amach.

Éírí Amach na Cásca[athraigh | edit source]

Plaic chuimhneacháin do Sheán Mac Diarmada

Nuair a thosaigh an troid, bhí Mac Diarmada lonnaithe leis na gceannairí eile (Pádraig Mac Piarais, Séamus Ó Conghaile, Seosamh Pluincéad agus daoine eile) in Ard-Oifig an Phoist ar Sráid Uí Chonaill, i lár na cathrach. Dá bharr a pholaimiailíteas, bhí air fanacht amach as an troid féin den chuid is mó. Nuair a tháinig an géilleadh, rinne sé iarracht measctha i measc óglaigh eile agus é ag iarraidh éalú a dhéanamh, ach aithníodh é sa deireadh agus cuireadh chun bás é ar 12 Bealtaine. Roinnt blianta ina dhiaidh sin, le linn Cogadh Angla-Éireannach, bhain Mícheál Ó Coileáin díoltas amach ar an oifigeach Briotanach Lee-Wilson a roghnaigh Mac Diarmada amach ón slua, nuair a thug sé an t-ordú é a mharú.

Oidhreacht[athraigh | edit source]

Tá roinnt áiteanna in Éirinn atá ainmnithe in ómós dó - Sráid Sheáin Mhic Dhiarmada i gcathair Bhaile Átha Cliath, an stáisiún traenach i Sligeach agus Páirc Seán Mac Diarmada, an staid CLG i gCora Droma Rúisc.



Éirí Amach na Cásca
Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis)

Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile

Daoine eile a cuireadh chun báis

Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn

Éireannaigh mór le rá eile

Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh