Críochdheighilt na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Chriochdheighilt (líne dubh)

Chuaigh an Chriochdheighilt ar Éirinn ar an 3 Bealtaine 1921, nuair a cuireadh an tAcht um Rialtas na hÉireann ón mbliain 1920 i bhfeidhm. Ar an 6 Nollaig 1922, gaireadh Saorstát den oileán go léir, ach ar an lá arna mhárach, tharraing na Sé Contaetha in oirthear Uladh as an Saorstát, de réir na rogha a bhí fágtha acu. Chruthaigh an Chríochdheighilt dhá stát in oileán na hÉireann, mar atá, Tuaisceart Éireann agus Deisceart Éireann, ar a dtugtar Éire inniu.

Is gnách le pobal Aontachtach an Tuaiscirt "Ulaidh" nó Ulster a thabhairt ar an stáitín. Tá cúige traidisiúnta Uladh níos mó ná an stáitín sin, nó tá naoi gcontae ann: Dún na nGall, Muineachán, an Cabhán, Fear Manach, Tír Eoghain, Doire, Ard Mhacha, an Dún, agus Aontroim. Inniu, is cuid den Phoblacht iad an chéad trí cinn acu, agus an chuid eile acu suite i stáitín an Tuaiscirt.

Cuid den Ríocht Aontaithe é stáitín an Tuaiscirt, ach is stát neamhspleách í Poblacht na hÉireann.

Stair[athraigh | edit source]

I ndiaidh na bliana 1910, bhí an chuma ag teacht ar an scéal go mbainfeadh na hÉireannaigh amach an Rialtas Dúchais, nó bhí Páirtí Parlaiminteach na hÉireann dingthe isteach idir dhá pháirtí móra na Parlaiminte i Westminster, agus na Liobrálaigh ag brath ar thacaíocht na nÉireannach leis an tromlach a choinneáil. B'é an Rialtas Dúchais an praghas a chaithfidís a íoc as an tacaíocht sin. Bhí na hAontachtóirí - Protastúnaigh a bhformhór, agus cónaí ar an gcuid ba mhó acu i gCúige Uladh - ag cur i gcoinne an Rialtas Dúchais chomh maith le neamhspleáchas iomlán na hÉireann, ó bhí eagla orthu nach bhfágfaí stádas ar bith acu i dtír a bheadh faoi chois na hEaglaise Caitlicí. Sa bhliain 1912, shínigh na hAontachtóirí, faoi cheannas Edward Carson, forógra poiblí - Cúnant Uladh - agus iad ag tabhairt an leabhair go ndiúltóidís amach is amach don Rialtas Dúchais dá bhféachfaí lena leithéid a chur i bhfeidhm ar Chúige Uladh. Le beart a chur le briathar in am an ghátair, bhunaigh siad fórsa paraimíleata - Fórsa Óglaigh Uladh - agus d'iompórtáil siad airm thine ón nGearmáin ar chúla téarmaí. (Rinne lucht Éirí Amach na Cásca an cleas céanna roinnt bhlianta ina dhiaidh sin.) Mar fhreagra ar Óglaigh Uladh, chuir na Náisiúntóirí ar fud na hÉireann eagraíocht mhíleata dá gcuid féin ar bun - is é sin, Óglaigh na hÉireann, a bhí meáite ar an Rialtas Dúchais a chinntiú d'Éirinn i ndiaidh an chogaidh, sa chás is go rachadh Londain siar ar a gealltanas faoi thionchar na nAontachtóirí, agus an dearcadh dáigh dochomhairleach a bhí acu siúd. De réir a chéile, áfach, d'insíothlaigh Bráithreachas na Poblachta na hÓglaigh. Rúnchumann réabhlóideach ab ea é an Bráithreachas, agus é dírithe ar neamhspleáchas iomlán a bhaint amach d'Éirinn. Náisiúntóirí radacacha ab ea iad baill an Bhráithreachais, cosúil le Pádraig Mac Piarais. Ó bhí dhá eagraíocht pharaimíleata - Óglaigh Uladh agus Óglaigh na hÉireann - ag druileáil agus ag máirseáil timpeall go hoscailte, bhí cogadh cathartha ag bagairt ar an tír, ach nuair a phléasc an Chéad Chogadh Domhanda amach, cuiread an ghéarchéim ar fionraí. Chuaigh an Rialtas Dúchais ar leabhar an dlí, ach má chuaigh féin, ní raibh sé le dul i bhfeidhm ach i ndiaidh an chogaidh.

Rinneadh cnámh spairne den cheist seo arís, nuair a d'éirigh na Náisiúntóirí amach um Cháisc na bliana 1916 i mBaile Átha Cliath. Chuir na saighdiúirí Gallda an t-éirí amach faoi chois leis an mbrúidiúlacht a d'fhoghlaim siad i bpáirc an áir in Ilchríoch na hEorpa, agus cuireadh cúigear déag de cheannairí na Náisiúntóirí chun báis, an chuid ba mhó acu i bpríosún Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath. Ní dhearna cruálacht na Sasanach ach tuilleadh gríosú a thabhairt don Náisiúnachas radacach, nó nuair a cimíodh na Náisiúntóirí measartha in éineacht leis na fíor-radacaigh, ní raibh an chéad dream acu i bhfad ag tolgadh an réabhlóideachais ón dara dream. B'é an neamhspleáchas iomlán a bhí ag teastáil uathu anois, seachas an Rialtas Dúchais. Tháinig torthaí na forbartha seo chun solais sna holltoghcháin i Mí na Nollag 1918, nuair a bhain Sinn Féin - páirtí na scarúnaithe - amach tromlach na suíochán parlaiminte in Éirinn. Ní dheachaigh Feisirí Shinn Féin go Westminster riamh. Ina áit sin, tháinig siad le chéile i mBaile Átha Cliath le parlaimint ar leith a bhunú d'Éirinn, parlaimint ar thug siad Dáil Éireann uirthi. Is é an rud a bhí déanta acu ansin ná slán a fhágáil ag an Ríocht Aontaithe go deo, cé nach bhfuair siad aitheantas aon tíre dá neamhspleáchas go fóill. San am céanna, thosaigh Óglaigh na hÉireann, a ghlac leis gurbh iad féin arm na tíre úrbhunaithe, - thosaigh siad ag cur cogaidh ar na fórsaí Gallda in Éirinn. Rinneadh an chéad ionsaí in Eanáir 1919 ar an tSulchóid Bheag i gContae Thiobraid Árann, agus maraíodh beirt saighdiúirí dubha Caitliceacha a bhí ag seoladh coinsíneacht geiligníte.

Sa bhliain 1920, bhí sé ina chogadh dearg idir na hÓglaigh agus fórsaí armtha na Breataine Móire. Ansin, reachtaigh na Sasanaigh an tAcht um Rialtas na hÉireann (Government of Ireland Act). B'é an tAcht seo a dheighil Éire ina dhá dlínse, mar atá, Deisceart Éireann agus Tuaisceart Éireann. Dearbhaíodh an chríochdheighilt in athuair sa Chonradh Angla-Éireannach sa bhliain 1921. Chuir an Conradh deireadh leis an treallchogaíocht agus chruthaigh sé Saorstát Éireann, stát a bhí beagnach neamhspleách, ar an taobh theas den teorainn. Thug an Conradh aitheantas don scoilt a dhealaigh na hAontachtóirí Protastúnacha, arbh in Ultaibh ba mó a bhí cónaí orthu, agus iad ag roghnú na Breataine Móire thar neamhspleáchas na hÉireann, ó na Náisiúntóirí Caitliceacha, arbh fhearr leo stát neamhspleách dá gcuid féin a bheith acu.

Cé gur choinnigh Tuaisceart Éireann an nasc leis an Ríocht Aontaithe, fuair sé féinrialtas áirithe chomh maith, agus bunaíodh parlaimint ar leith don stáitín. Níorbh iad na hAontachtóirí féin a d'éiligh a leithéid. Go bunúsach, bhí feisirí fadfhulangacha na Parlaiminte i Westminster ag iarraidh freagra forásach flaithiúil a thabhairt ar cheist na hÉireann - gach gné den cheist seo a raibh siad dubh dóite di le fada an lá. Bhí na hAontachtóirí sásta a gcuid féin a dhéanamh den chóras nua féinrialtais. Stát dlíthiúil daonlathach ab ea é stáitín an Tuaiscirt, a d'áitigh siad, agus mar sin, d'fhanfadh sé taobh istigh den Ríocht Aontaithe, ó b'é sin ba mhian le tromlach a mhuintire. Maidir leis na náisiúntóirí Éireannacha, áfach, shíl siad gur críochdheighilt mhídhlíthiúil a bhí ann, nach raibh ag teacht le toil an tromlaigh uile-Éireannaigh. Bhí siadsan inbharúla nach raibh an stáitín dlisteanach ná daonlathach - b'é a dtuairim-san nach raibh ann ach stát saorga a bhí ceaptha le haghaidh na bProtastúnach amháin.

Nuair a scaradh an Tuaisceart ón gcuid eile den oileán, bhí duine as an triúr den daonra ansin ina náisiúntóir. Dhiúltaigh na Caitlicigh don stáitín, díreach mar a dhiúltaigh na Protastúnaigh d'aon chineál neamhspleáchas d'Éirinn rompu. B'é seo ba chúis leis na Trioblóidí: níor éirigh leis na hAontachtóirí an pobal Caitliceach a chló leis an stát nua, agus ní raibh na Náisiúntóirí sásta éirí as aisling na hÉireann athaontaithe.

Tháinig Tuaisceart Éireann ar an bhfód nuair a bhí cogadh á chur ar fud na hÉireann. Fuair 557 daoine bás de dheasca an fhoréigin pholaitiúil sna blianta 1920-22, le linn Chogadh na Saoirse agus go gairid ina dhiaidh. As an iomlán seo, bhí 303 daoine ina gCaitlicigh (cuid acu ina nÓglaigh freisin), agus 172 ina bProtastúnaigh. Saighdiúirí dubhadearga a bhí i mbeirt dhaoine is ceithre scór acu. I mBéal Feirste a thit an chuid ba mhó de na hainghníomhartha amach, nó maraíodh 452 dhaoine ansin, 267 daoine acu ina gCaitlicigh. Sa chuid eile den oileán, b'iad na hÓglaigh ó thaobh amháin de agus an dá chineál saighdiúirí ón taobh eile de a bhí ag cur catha ar a chéile. B'é an chuma a bhí ar na cúrsaí sa Tuaisceart ná go raibh na dreamanna Dílseacha agus an fórsa póilíní cúnta a dtugtaí na B-Speisialtaigh air ag ionsaí agus ag marú Caitlicigh le díoltas a agairt ar an bpobal iomlán as a raibh déanta ag na hÓglaigh. Is é an chiall a bhain na Náisiúntóirí as seo ná gur pogram a bhí ann, is é sin, go raibh géarleanúint á déanamh orthu ar chúiseanna seicteacha amháin.

Sa bhliain 1920, mar shampla, mharaigh na hÓglaigh Cigire Ceantair de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, fear dar shloinne Swanzy, taobh amuigh de theampall Protastúnach i Lios na gCearrbhach. Ansin, d'imir na Dílseoirí díoltas ar phobal Caitliceach na háite ar fad, nó chuir siad cuid mhór den cheantar Chaitliceach trí thine. Mar sin féin, cé go raibh i bhfad ní ba mhó Caitlicigh thíos leis na gníomhartha uafáis (58 % acu siúd a fuair bás, cé nach raibh ach triúr as gach deichniúr de mhuintir na háite ina gCaitlicigh), rinne lucht an dá thaobh coireanna den chineál sin. Is léir go raibh muintir an Deiscirt féin an-mhíshásta leis an íde a fuair a gcomhreiligiúnaigh thuaidh, agus mar sin, thosaigh siad ag baghcatáil tráchtearraí an Tuaiscirt. Daoine de cheannairí an tSaorstáit úrbhunaithe, Mícheál Ó Coileáin ina measc, fiú, - bhí siad inbharúla gur chóir ionsaí míleata a thabhairt faoin Tuaisceart. Stopadh na pleananna seo, áfach, nuair a d'éirigh ina chogadh dearg idir na Saorstátairí agus na Poblachtánaigh, agus idir an dá linn, bhí sé de sheal ag Aontachtóirí an Tuaiscirt córas láidir stáit a chur ar bun is a bhuanú ina stáitín. De thoradh Chogadh Cathartha na hÉireann, áfach, tháinig an tIRA ar an bhfód. Is éard a bhí i gceist leis an IRA ná scoilteán de shean-Óglaigh na hÉireann: dornán de náisiúnaithe dochomhairleacha a bhí meáite ar an dá stát in Oileán na hÉireann a chur de dhroim an tsaoil le Poblacht na mblianta 1919-1921 a athbhunú.

Sa bhliain 1925, bhí a lán náisiúnaithe Éireannacha ag súil leis go gcuirfí an chríochdheighilt ar ceal, nó, ar a laghad, go bhfágfadh Coimisiún na Teorainne cuid mhór de chríocha an stáitín thuaidh ag an Saorstát. Níor mhol an Coimisiún ach an corr-mhionathrú anseo agus ansiúd, agus buanaíodh críochdheighilt na hÉireann mar a bhí sí, a bheag nó a mhór. San am sin, thug an Saorstát aitheantas de facto don Teorainn, cé nach raibh lucht rialtais an tSaorstáit róshásta léi mar rud. Sa bhliain 1937, tháinig bunreacht nua i bhfeidhm in Éirinn a raibh an-lámh ag Éamon de Valera ina dhréachtú. In Alt a Dó agus in Alt a Trí sa bhunreacht seo a socraíodh gurbh ionann Éire, mar stát, agus oileán na hÉireann. Agus an méid sin ráite, ní mór cuimhne a choinneáil air gur aithin an bunreacht teorainneacha na bliana 1922 go sealadach, go dtí go n-athaontófaí an tír.