Cumann Lúthchleas Gael

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cumann Lúthchleas Gael
Lógó corparáide CLG
Lógó corparáide CLG
Ceanncheathrú: Páirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath
Ballraíocht: 1,000,000
Teangacha oifigiúla: Gaeilge agus Béarla.
Ard-Rúnaí: Liam Ó Néill
Foirmiú: 1884
Suíomh gréasáin oifigiúl: http://www.gaa.ie
Lógó traidisiúnta CLG.
Sean Lógó corparáide an CLG

Is cumann spóirt agus cultúrtha Éireannach agus idirnáisiúnta é Cumann Lúthchleas Gael (CLG) (Béarla: Gaelic Athletic Association (GAA)), atá dírithe don chuid is mó ar na cluichí Gaelacha a chur chun cinn: iomáint, peil ghaelach, cluiche corr, liathróid láimhe. Tugann an eagraíocht tacaíocht láidir freisin don Ghaeilge, agus tá an aidhm sin mar chuid lárnach d'imeachtaí an chumainn. Is í an eagraíocht is mó in Éirinn, le 800,000 ball ón sé mhilliún a chónaíonn ar an oileán.

Is iad peil Ghaelach agus iománaíocht na cluichí is coitianta a chuireann CLG chun cinn, agus na cluichí is mó sa tír. Tá cumainn ar leith eile do chamógaíocht agus peil Ghaelach na mBan - Cumann Peil Gael na mBan agus Cumann Camógaíochta na nGael.

Rinne an cumann comóradh ar 125ú bliain na heagraíochta sa bhliain 2009.

Stair an Chumainn[athraigh | edit source]

Bunú an Chumainn[athraigh | edit source]

Páirc an Chrócaigh, ceanncheathrú an chumainn.

Bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael sa bhliain 1884. Fear as Contae an Chláir, Mícheál Ó Cíosóig a bhunaigh an cumann an chéad lá ariamh. Rugadh é sa bhliain 1847 agus bhain sé cáilíocht amach mar mhúinteoir bunscoile ó choláiste na Carraige Duibhe, Baile Átha Cliath. Sa bhliain 1877, bhunaigh sé a scoil féin, chun státseirbhísigh a réiteach do scrúduithe chun post a fháil i Stát Sheirbhís na Breataine. Tugadh Acadamh Cusack ar an scoil. D'éirigh thar cinn lena cuid scoláirí agus bhain an scoil cáil amach. Tháinig méadú mór dá bharr ar líon na mac léinn agus moladh dóibh a bheith aclaí agus folláin agus gurbh é an rud ab fhearr dóibh ná bheith páirteach in imeachtaí aclaíochta.

Fear é Mícheál Ó Cíosóig a bhí tugtha don Ghaeilge agus bhí an-imní air freisin faoin laghdú a bhí tagtha ar stad na himeartha i gcuid de na cluichí Éireannacha. Shocraigh sé aghaidh a thabhairt ar an gceist agus cluiche na hiománaíochta a thabhairt chun foirfe arís. Chas sé le roinnt daoine eile a bhí chomh díograiseach céanna leis féin. Is de bharr an fheachtais seo a bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael ar an gcéad lá de mhí na Samhna 1884 i gCo. Thiobraid Árann. Bhí Charles Stewart Parnell, Mícheál Ó Cíosóig agus Tomás Cróc i measc a phátrún.

Cuspóirí an Chumainn[athraigh | edit source]

Ba é an bhunchuspóir a bhí ag na bunaitheoirí na seanchluichí Tailte a athbhunú mar eagraíocht spóirt neamhspleách Éireannach a chuirfeadh cluichí Gaelacha chun cinn. Leagadh síos na cuspóirí seo a leanas:

  1. Chun caithimh aimsire dúchasacha a chothú agus a chur chun cinn
  2. Chun an lúthchleasaíocht a oscailt do gach aicme shóisialta
  3. Chun chabhrú i mbunú chlubanna peile agus iomána a eagródh cluichí idir na contaetha

Éachtaí an Chumainn[athraigh | edit source]

Murach bunú an chumainn agus iarrachtaí an Uasail Cusack, is cinnte nach mbeadh cluiche na hiománaíochta ná na cluichí eile againn inniu. Thug an Cumann deis do dhaoine a bheith páirteach sna cluichí, chuidigh sé leis an mbród agus a bhféin-mheas mar phobal Éireannach. Tá fréamhacha an chumainn fite fuaite sa phobal ag leibhéil éagsúla, sa pharóiste, sa chontae, go réigiúnach agus go náisiúnta. Déanann CLG freastal ar óg agus aosta. Tá an eagraíocht ar cheann de na cinn is mó ar domhan. Tá os cionn 3,000 cumann agus foirne rud a áiríonn foirne scoile agus ollscolaíochta i gcian agus i gcóngar. Imrítear craobh ceannais na gcluichí sa cheannáras i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath. Rinneadh cinneadh cead a thabhairt do lucht sacair agus rugbaí Páirc an Chrócaigh a úsáid le linn do Bhóthair Lansdúin a bheith dúnta. Ba chéim ollmhór chun cinn í seo i stair an CLG.

CLG in Éirinn[athraigh | edit source]

Tá eagraíocht áitiúil i ngach contae in Éirinn, atá freagrach as na cluichí Gaelacha a imrítear ann.

IrelandProvincesNumbered.png

CLG sa Bhreatain[athraigh | edit source]

Tá seacht gcontae CLG sa Bhreatain.

Seicteachas sa Chumann[athraigh | edit source]

Cuireadh i leith CLG go minic go raibh an eagraíocht seicteach agus gur theastaigh uatha pobail éagsúla a choinneáil ón gCumann. Ba mhinic gurbh é seo an port a bhíodh á sheinm ag polaiteoirí áirithe i dTuaisceart Éireann. Deir siad go mion minic go raibh an eagraíocht claonta i dtreo náisiúnaithe agus poblachtánach agus na hEaglaise Caitlicí. Bhí an argóint ag Cumann Lúthchleas Gael gur spreag siad daoine riamh le meas a bheith acu ar a dtír agus gach ar bhain léi seachas cúrsaí creidimh. Go deimhin níl aon bhunús leis an argóint sin anois in aghaidh an chumainn agus cead ag póilíní agus saighdiúirí na Breataine ballraíocht a ghlacadh ina gcuid cumann.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]