Páirc an Phiarsaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Páirc an Phiarsaigh
'Pearse Stadium'
Sonraí
Suíomh Bóthar na Trá, Contae na Gaillimhe
Osclaíodh 1957, athchóiriú 2002
Dromchla Féar
Dílseánach CLG Chontae na Gaillimhe
Cónaitheoirí
Tionóntaí N/A
Acmhainn
Acmhainn 20,000

Staid spóirt Éireannach é Páirc an Phiarsaigh (Béarla: Pearse Stadium), atá suite i lár na Gaillimhe. Is é an staid is mó i gContae na Gaillimhe é, agus is é an áit ina bhfuil craobh de Chumann Lúthchleas Gael bunaithe sa chontae. Is sa staid seo a imríos foirne iománaíochta agus peile an chontae a gcuid cluichí.

Cuirtear ceolchoirmeacha ar siúl i bPáirc an Phiarsaigh freisin.

Stair[athraigh | edit source]

Osclaíodh an staidiam ar an 16 Meitheamh 1957, nuair a tháinig 16,000 duine amach chun féachaint ar Gaillimh ag fáil an lámh in uachtar i gcoinne Chiarraí sa pheil agus Tiobraid Árann san iomáint.

Thit an staid as úsáid ag tús na 1990idí. Rinneadh athchóiriú mór ann sa bhliain 2002, ámh, agus ath-osclaíodh é i mí Bealtaine 2003 le cóir suí níos mó, 20,000 duine.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]