Mícheál Cíosóg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Mícheál Ó Cíosóig)
Infotaula de personaMícheál Cíosóg

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Meán Fómhair 1847
Cora Finne Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Samhain 1906
59 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmúinteoir Cuir in eagar ar Wikidata

Múinteoir agus gníomhaí ab ea Micheál Cíosóg[1], Mícheál Ó CíosóigMichael Cusack as Béarla (20 Meán Fómhair, 1847 - 28 Samhain 1906).[2] Bhunaigh sé iCumann Lúthchleas Gael, an eagraíocht atá freagrach as na cluichí Gaelacha in Éirinn.[3]

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Mícheál Ó Cíosóig i bparóiste beag an Chairn, ar fhaobhar oirthir na Boirne, Contae an Chláir sa bhliain 1847, le linn an Gorta Mór. Bhí teach beag ag a mhuintir anseo, é féin agus ceathrar deartháireacha agus deirfiúr amháin.

Níl a lán eolais ar fáil faoin a óige, ach amháin gur lúthchleasaí láidir a bhí ann a bhaineadh sult as a bheith ag imirt iomána leis na páistí eile ón gcomharsanacht tar éis an Aifrinn gach Domhnach.

Cainteoir dúchais Gaeilge a bhí ann, mar ba ghnách sa réigiún san am. Meastar go raibh sé timpeall aon bhliain déag nuair a d'fhoghlaim sé an Béarla don chéad uair. Bhain sé líofacht an Bhéarla amach tar éis tamaill, agus ba dhuine dátheangach é go dtí deireadh a shaoil.

Chuaigh an Cíosógach sa Scoil Náisiúnta sa Charn sa bhliain 1858. Nuair a bhí a chuid léinn foghlamtha aige, thóg sé post mar mhúinteoir agus chaith sé seal ag obair i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tar éis filleadh abhaile dó, fuair sé post ag múineadh in Iúr Chinn Trá i gContae Ard Mhacha, Coláiste na Carraige Duibhe i gContae Átha Cliath agus i gCoill Chluana Gabhann, Contae Chill Dara.

Ba é an Cíosógach a d'oscail an Civil Service Academy, acadamh a bhí an-rathúil dó ag an am.

Riarachán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar gheall ar an tsuim agus an grá a bhí aige sa spórt, thosaigh sé ag scríobh mar iriseoir ar chúrsaí spóirt agus polaitíocht na hÉireann. Tar éis tamaill, d'éirigh sé as an múinteoireacht agus thosaigh sé ag scríobh ar bhonn lánaimseartha.

Sa bhliain 1881, cháin Ó Cíosóig na húdaráis a bhí i gceannas ar rugbaí agus lúthchleasaíocht sa tír. Dar leis, ba iad an léimneach agus an caitheamh meáchain na haon chluichí amháin a bhí fíor-Ghaelach.

San laethanta seo, ba é Coláiste na Tríonóide an t-aon áit amháin a bhí ag rialú na gcluichí. Shocraídís clubanna áitiúla don bhádóireacht, an rugbaí, an iomáint agus an lúthchleasaíocht. Ansin, chuir siad eagraíochtaí náisiúnta ar bun, mar shampla an Irish Rugby Football Union. Ní raibh an Cíosógach sásta le cúrsaí mar a bhí siad - ba í an chinsealacht Phrotastúnach a bhí i gceannas, agus níor thug siad cead cluichí a imirt ar an Domhnach, an lá saoire go traidisiúnta ag na Caitlicigh in Éirinn. Chomh maith leis sin, ní raibh cead ag an gnáthdhuine páirt a ghlacadh, mar bhí cead ag na "daoine uaisle" amháin. Ní raibh an suíomh sásúil do na Caitlicigh agus na náisiúnaithe in Éirinn, agus bhí athrú mór de dhíth.

Ba é an Cíosógach a d'oscail an Civil Service Academy, acadamh a bhí an-rathúil dó ag an am.

Ag deireadh na 19ú haoise, bhí dhá shaghas iomána á imirt in Éirinn - saghas amháin a bhí le fáil sa tuaisceart agus san iarthar, a d'imrítí sa gheimhreadh, agus a bhí cosúil leis an "shinty" atá acu san Albain. Ba chluiche samhraidh é i ndeisceart agus oirthear na tíre, agus b'fhearr an ceann seo leis an gCiosógach. Mar thoradh, chaith sé a dhúthracht le forbairt an chineáil seo.

Cumann Lúthchleas Gael[cuir in eagar | athraigh foinse]

Shocraigh an Cíosógach agus Maurice Davin as Carraig na Siúire, Contae Thiobraid Árann cruinniú in Óstán Uí Aodha i nDurlas ar an 1 Samhain, 1884. Na daoine eile a bhí i láthair ná Charles Stewart Parnell, agus an tArd-Easpag Thomas Croke.

Bhunaigh siad Cumann Lúthchleas Gael chun athnuachan agus forbairt a dhéanamh ar na cluichí Gaelacha. Toghadh Davin ina uachtarán, agus an Cíosógach ina rúnaí. Baniad Parnell, Croke agus Davitt na chéad phatrúin.

Tá Ardán Uí Chíosóig i bPáirc an Chrócaigh

Bhí an CLG bunaithe ar na paróistí agus na contaetha, agus thosaigh an tacaíocht ag fás go tapaidh. Cuireadh cosc ar na cluichí Sasanacha, riail a mhair i bhfeidhm go dtí an bhliain 1971. D'éirigh an Cíosógach as an rúnaíocht sa bhliain 1886, ach bhí sé gníomhach san eagraíocht go lá a bháis.

Tá Ardán Uí Chíosóig i bPáirc an Chrócaigh

An teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí páirt lárnach ag an nGaeilge sa chumann nua, agus bhí an Cíosógach ábalta í a úsáid chun forbairt a dhéanamh ar fud na tíre. Bhí sé ina eagarthóir ar an nuachtán "United Ireland", agus bhunaigh sé "The Celtic Times", nuachtán seachtainiúil le heolas faoi na cluichí Gaelacha agus an cultúr go forleathan.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Galar Bright agus galar croí ba thrúig bháis dó ar 28 Samhain 1906 ar cholbha an bhóthair (Ascaill Réalta na Maidine) taobh amuigh d’ospidéal Whitworth. Tá sé curtha i nGlas Naíon.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Ardán Uí Chíosóig i bPáirc an Chrócaigh, ceanncheathrú CLG ainmnithe in ómós dó. Ós rud é gur Cláiríneach a bhí ann, tá Páirc Uí Chíosóig, staid baile na foirne CLG sa chontae, ainmnithe ina onóir freisin. Ba mhór an carachtar é Ó Cíosóig, agus bhí tionchar an-mhór aige ar oidhreacht na hÉireann. Deirtear uaireanta go bhfuil an carachtar "The Citizen" san úrscéal úd Ulysses le James Joyce bunaithe air.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mícheál Cíosóg an leagan a bhí ag Liam Ó Caithnia sa bheathaisnéis a scríobh sé faoin gCiosógach
  2. "CÍOSÓG, Micheál (1847–1906)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-11-27.
  3. Liam P. Ó Caithnia (2004-05-22). "Micheál Cíosóg" (ga). Litríocht. Dáta rochtana: 2020-11-27.