Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Trinity College, Dublin

Armas Choláiste na Tríonóide.png
Mana Collegium Sanctae et Individuae Trinitatis Reginae Elizabethae juxta Dublin
Bunaithe 1592
Uachtarán Patrick Prendergast (Propast)
Foireann teagaisc 828
Fochéimithe 15,322 (2005/2006)
Láthair Baile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann
Seoladh Faiche an Choláiste, Baile Átha Cliath 2.
Teileafón +353 1 896 1000
Láithreán Gréasáin http://www.tcd.ie/

Is é Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath an ollscoil is sine in Éirinn. Tá sé suite i mBaile Átha Cliath, agus is é an t-aon chomhcoláiste atá ann in Ollscoil Átha Cliath.

Stair[athraigh | edit source]

Ba le linn do rítheaghlach na dTúdor sa Bhreatain a bheith ag leathnú a gcumhacht in Éirinn a bunaíodh Coláiste na Tríonóide. Bhronn bardas Bhaile Átha Cliath tailte seanmhainistreach ar an ollscoil, agus d'fhás sí go mear cé go raibh an saol an-chorrach in Éirinn sa seachtú haois déag. Mar gheall ar na cogaí creidimh idir Caitlicigh, Protastúnaigh agus Preisbitéirigh bhí scoláirí á ndíbirt agus úsáideadh an coláiste mar bheairic d'arm rí Shéamuis II i 1689.

Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Bhí rudaí síochánta go leor san ochtú haois déag ach bhí corraíl ann in aimsir na nÉireannach Aontaithe (féach Téobald Wolfe Tone) ag deireadh na haoise sin. Ag tús an fichiú haois rinneadh iarrachtaí láidre chun Coláiste na Tríonóide a nascadh le Ollscoil na hÉireann, ach d'éirigh leis a neamhspleáchas a choinneáil. Tosaíodh ag glacadh le mná mar mhic léinn i 1904 agus ceapadh an chéad bhean mar ollamh tríocha bliain ina dhiaidh sin.

Bunaíodh Coláiste na Tríonóide sa bhliain 1592. Tá an coláiste suite ar thailte seanmhainistreach i lár na cathrach. Protastúnaigh amháin a d'fhreastail ar an choláiste ar feadh na gcéadta bliain, ach ceadaíodh do Chaitlicigh tosú ag staidéar ann tar éis 1793. I measc na ndaoine cáiliúla a bhí ina mic léinn ann bhí Téobald Wolfe Tone, Samuel Beckett, Máire Mhic Róibín, Oscar Wilde, agus Edward Carson. Bhí an scríbhneoir cáiliúil Gaeilge, Máirtín Ó Cadhain, ina Ollamh le Gaeilge ann ar feadh scaithimh.

Ollúna le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide:

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]