Edward Carson
| An Tiarna Carson | |
| Edward Carson. | |
|
Ceannaire an UUP
|
|
| In oifig 1910–1921 |
|
| Réamhtheachtaí: | Walter Long |
| Comharba: | James Craig |
|
|
|
| In oifig 1892–1918 |
|
| Réamhtheachtaí: | D Plunket & DH Madden |
| Comharba: | AW Samuels & R Woods |
|
|
|
| In oifig 1918–1921 |
|
| Réamhtheachtaí: | (oifig nua) |
| Comharba: | Thomas McConnell |
|
|
|
| Dáta breithe | 9 Feabhra, 1854 |
| Baile Átha Cliath, Éire | |
| Dáta báis | 22 Deireadh Fómhair, 1935 |
| Kent, Sasana | |
| Páirtí | Páirtí Aontachtach Uladh |
| Gairm | Abhcóide |
| Céile | (1) Annette Kirwan (2) Ruby Frewen |
Dlíodóir agus polaiteoir Aontachtach Éireannach ab ea é Edward Henry Carson, an Barún Carson nó an Tiarna Carson. Saolaíodh ar an 9 Feabhra 1854 é, agus cailleadh ar an 22 Deireadh Fómhair 1935 é.
Tháinig Edward Carson chun saoil ag 4 Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath - díreach in aice leis an áit a bhfuil ceanncheathrú Chonradh na Gaeilge inniu. Protastúnaigh shócúla ab ea iad a mhuintir, agus a athair ina ailtire. B'as Albain do mhuintir Carson ó thús, nó tháinig seanathair Edward go hÉirinn ó Dhùn Phris sa bhliain 1815. Fuair Edward óg a chuid oideachais i Scoil Chúil an tSúdaire, i gColáiste Wesley i mBaile Átha Cliath, agus i gColáiste na Tríonóide. Rinne sé staidéar ar an dlí, agus é ag glacadh páirte in obair Chumann Staire an Choláiste. Fuair sé dintiúirí an abhcóide sa bhliain 1877, agus bhain sé amach an-chlú mar dhlíodóir sciliúil.
Chuaigh sé le polaitíocht sa bhliain 1892, nuair a ceapadh ina Ard-Aturnae d'Éirinn é, cé nach raibh sé ina Fheisire. In olltoghchán na bliana céanna, áfach, vótáladh isteach é mar Aontachtóir i ndáilcheantar na hOllscoile, cé gurbh iad na Liobrálaigh a ghnóthaigh an toghchán. Fuair sé cead abhcóideachta i Sasana sa bhliain 1893, agus as sin amach, b'i Londain ba mhó a bhí sé ag cleachtadh a cheirde. Ar an 7 Bealtaine 1900, ceapadh ina Ard-Aturnae do Shasana é, agus bronnadh céim an Ridire air, mar chuid den cheapachán. D'fhan sé san oifig seo go dtí gur scoireadh an rialtas Coimeádach. Ansin, rinneadh ball de Chomhairle an Rí de.
Sa bhliain 1895, bhí sé ina dhlíodóir ag an Marcas Queensberry i dtriail Oscar Wilde. Bhí Carson agus Wilde i gColáiste na Tríonóide san am céanna, agus iompairc phearsanta de chineál éigin eatarthu. Nuair a chuala Wilde cé a bheadh mar chéile comhraic aige, dúirt sé: Beidh sé ag coinneáil leis an gcúram chomh binbeach le haon seanchara. Ba mhór an seó a rinne Carson agus Wilde den phróis, ó bhí deis a labhartha ag an mbeirt acu.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.