Máirtín Ó Cadhain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Máirtín Ó Cadhain
Máirtín Ó Cadhain.jpg
Dáta breithe 1906
  An Spidéal, Contae na Gaillimhe
Dáta báis 18 Deireadh Fómhair, 1970
  Baile Átha Cliath
Ainm cleite Aonghus Óg, Breallianmaitharsatuanógcadhanmaolpote, D. Ó Gallchobhair, Do na Fíréin, Micil Ó Moingmheara, M.Ó.C[1]
Náisiúntacht Éireannach
Gairm Úrscéalaí, gearrscéalaí, iriseoir, múinteoir scoile, léachtóir, ollamh
Seánra Ficsean, Polaitíocht, Teangeolaíocht, Cúrsaí Reatha, Prós Turgnamhach
Duaiseanna Duais an Oireachtais do Cré na Cille (1947), Duais Oireachtais as Athnuachan (1951), Duais £2,000 ón bhForas Gael-Mheiriceánach do An tSraith ar Lár (1967)
Céile Máirín Ní Rodaigh

Máirtín Ó Cadhain (1906-1970) ar dhuine de na scríbhneoirí próis is mó i stair na litríochta Nua-Ghaeilge.[2][3]Tugtar an Cadhnach air chomh maith. Foilsíodh trí úrscéal agus sé bhailiúchán gearrscéalta leis i measc ábhar eile. Cré na Cille an t-úrscéal, an saothar is mó cáile a scríobh sé, agus aithnítear na gearrscéalta in An Braon Broghach go forleathan mar shárshaothar. Ba mhúinteoir scoile, ball d'Óglaigh na hÉireann, agóidí, scríbhneoir, agus ollamh le Gaeilge é. Déantar staidéar ar a shaothar ar chúrsaí tríú agus dara leibhéal in Éirinn.

Cúlra[athraigh | edit source]

Rugadh ar an gCnocán Glas taobh thiar den Spidéal i gConamara é. Ba é Máirtín an duine ba shine dár mhair de thrí dhuine dhéag a rugadh do Sheán Ó Cadhain, talmhaí, agus dá bhean Bríd Ní Chonaola. Duine dá dheartháireacha ba ea Seosamh Ó Cadhain. Um Meitheamh 1911 thosaigh sé ag freastal ar Scoil Náisiúnta an Spidéil. Bhuaigh sé scoláireacht an Rí sa bhliain 1923 nuair a bhí sé ina mhonatóir ann ach, tharla é bheith ró-óg le dul isteach i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, d’fhan sé bliain eile gur bhuaigh arís é. Chaith sé an tréimhse 1924–26 i nDroim Conrach. Tar éis tréimhsí gairide ag múineadh i scoileanna i nDaighinis agus i gcathair na Gaillimhe ceapadh ina phríomhoide i gCamas é agus bhí ann go 1932. Is lena linn a d’aistrigh sé Sally Kavanagh le Charles Kickham faoin teideal Saile Ní Chaomhánaigh nó na huaigheanna folamha, 1932 (d’ullmhaigh an Dr Tomás de Bhaldraithe eagrán 1986). Faoi 1926 bhí tosaithe aige ar ábhar a fhoilsiú in An Stoc. Bhí a chéad ghearrscéal aige i gcló san iris sin um Shamhain, 1929. Má fhágaimid ailt, litreacha agus óráidí faoi staid na Gaeltachta as an áireamh, is ábhar béaloidis is mó a bhí á chur i gcló aige anuas go 1938; scéalaithe ba ea a athair, a mháthair, agus a uncail. Bhí baint aige, agus é i gCamas go fóill, leis an IRA, é ina cheann feadhna ar na hÓglaigh ann.

Chuaigh sé ag staidéar le bheith ina mháistir scoile i gColáiste Phádraig Droim Conrach, Baile Átha Cliath. Níor éirigh leis, áfach, mórán faid a bhaint as an obair seo, nó bhí baint aige le hÓglaigh na hÉireann (IRA), agus suim aige sa Sóisialachas freisin. Mar sin, ní raibh sé ag réiteach go maith leis na sagairt ná le húdaráis eile. Múinteoir náisiúnta a bhí ann ón mbliain 1926 go dtí 1936 agus bhí sé ina rúnaí áitiúil don INTO sa bhliain 1930. Briseadh as a phost é toisc baint a bheith aige leis na hÓglaigh agus chaith sé tréimhse mar spailpín agus mar thimire. Ag deireadh na dtríochaidí bhí sé mar oifigeach earcaíochta leis an IRA agus b'eisean a thóg Breandán Ó Beacháin isteach san eagraíocht i measc daoine eile. [4]

Pearsantacht[athraigh | edit source]

Ba dhuine teasaí, ceanntréan an Cadhnnach.[5] Bhí Ó Cadhain ina éan corr i gColáiste Phádraig is cosúil, cuireadh ó phost é ar an gCarn Mór de bharr go raibh sé ina bhall d’Óglaigh na hÉireann, is ba mhinic é ag coimhlint le Fianna Fáil is Fine Gael i ngeall ar neamhshuim is naimhdeas i leith na Gaeilge faoi seach. [6] [7] Chuir sé troid orthu siúd agus ar an Language Freedom Movement ó thaobh na Gaeilge de, is níor éalaigh na Gaeilgeoirí féin, a bhí tar éis loiceadh, fiú. Cé go mba shóisialaí é ní raibh sé róthógtha leis na Cumannaigh. [8] Chuir sclábhaíocht an aistriúcháin sa Dáil as dá chuid scríbhneoireachta, áit a raibh sé ina aistritheoir cáipéisí dlí don Oireachtas ón mbliain 1947 go dtí 1956. Sa champa imthreoranaithe sa Churrach féin ba mhó a raibh suaimhneas air, áit a bhí saor ó thionchar an ghnáthphobail. Go deimhin, ní raibh fonn air é a fhágáil. Sna 1930dí bhí lámh aige san fheachtas a chuir Nua-Ghaeltacht ar bun i Ráth Cairn na .

Saol[athraigh | edit source]

Sna tríochaidí, ghlac sé páirt i bhfeachtas agóide a bhí ag éileamh tailte níos méithe do mhuintir na Gaeltachta. B'é ba thoradh an fheachtais seo gur cuireadh Gaeltacht nua Ráth Cairn ar bun i gContae na Mí. I dtús an Dara Cogaidh Dhomhanda, áfach, tharraing sé seantithe éigin anuas air, agus gabhadh é in éineacht le cuid mhaith daoine eile a raibh baint ar bith acu leis an IRA. Bhí Ó Cadhain mar Rúnaí an Fháinne sa bhliain 1939.

Gabhadh é Meán Fómhair 1939 agus as sin go mí na Nollag bhí sé i ngéibheann i mBeairic Chnoc an Arbhair.

I bhFeabhra na bliana 1945 phós sé Máirín Ní Rodaigh, oide scoile ó chontae an Chabháin, ach bhí lámh is focal eatarthu le fada roimhe sin. Iníon Philip Ruddy ba ea Máirín agus ba mhúinteoir í i scoil lán-Ghaeilge. Bhí cónaí uirthi féin agus Máirtín ag seoltaí eágsúla timpeall ar Bhaile Átha Cliath agus ní raibh aon chlann orthu riamh. Bhí sé ina cholúnaí seachtainiúil don Irish Times ó 1953 go dtí 1956 is bhí ina léachtóir sa Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1956. Ceapadh ina ollamh le Gaeilge faoi 1969 é, agus ina chomhalta de chuid Choláiste na Tríonóide sa bhliain 1970. Ainmníodh léachtlann ina onóir i gColáiste na Tríonóide, Téatar Mháirtín Uí Chadhain.[9] Bhí sé ina aoi-léachtóir in Ollscoil na Banríona chomh maith. [10]

Bhí eolas údarásach aige ar litríocht agus cultúr na Gaeilge agus na hÉireann. Chuir sé le Ciclipéid Ghearmánach na Litríochta Domhanda. D'fhoghlaim sé Gaeilge na hAlban, Breatnais, agus Briotáinis agus d'aistrigh ón trí theanga sin go Gaeilge. Rinne sé aistriúcháin ón mBéarla is ón bhFraincis chomh maith. Bhí eolas leathan aige ar Litríocht na hEorpa agus bhí léamh na Rúisise, na Gearmáinise agus na hIodáilise aige chomh maith le teangacha eile.[11]

Tréimhse Imthreoranaithe sa Churrach[athraigh | edit source]

I Mí Aibreán 1940 gabhadh é tar éis dó aitheasc a thabhairt ag sochraid Tony Darcy, príosúnach poblachtach a fuair bás i bPríosún Mhuinseo ar stailc ocrais. Coinníodh i ngéibheann i gCurrach Chill Dara é le linn Ré na Práinne i rith an Dara Cogaidh Dhomhanda ós rud é go raibh sé ina chomhalta d'Óglaigh na hÉireann ón mbliain 1918 anonn. In Aibreán a cuireadh i ngéibheann arís é, agus níor scaoileadh saor é go 26 Iúil, 1944. Bhain sé deis as an tréimhse seo le cur lena chuid léinn is léigh sé mórán i dtaobh stair na hEorpa agus an litríocht a roinn léi. Dar le roinnt tá feabhas le sonrú ar a chuid scríbhneoireachta tar éis dó an campa a fhágáil. Deir Alan Titley: ‘Tá doimhniú agus leathnú agus siúráil i réimse, i scóp agus i láimhsiú a chuid scríbhneoireachta i ndiaidh an chogaidh seachas mar a bhí roimhe. Níl mé cinnte nach raibh baint ag an iomtheorannú leis an scéal’. Ceapann roinnt go mb'fhéidir gur a thréimhse sa champa géibhinn ar an gCurrach a thug bunsmaoineamh don leabhar Cré na Cille dó, na príosúnaigh nua ag breith scéalta isteach sa champa faoina raibh ag tarlú taobh amuigh; ach bréagnaíonn an Cadhnach féin seo. [12]. Spéisiúil go leor ach ní raibh fonn air an áit a fhágáil. níl tnúthán ar bith agam féin len a dhul amach…Bheinn chomh sásta istigh agus a bheinn amuigh.[13]. Dar le léirmheastóirí tá atmaisféar na haimsire agus meon an ghéibheannaigh le brath ar na litreacha seo a chuir sé chuig Tomás Bairéad).

Thit sé amach le ceannasaíochta an IRA agus é ann. Níor chreid Ó Cadhain gur chóir tús a chuir le feachtas buamála de bharr gur cheap sé nach raibh an eagraíocht ullamh le tabhairt faoi. Thosaigh sé rang Gaeilge istigh chomh maith[14], agus is iomaí Óglach de chuid an IRA a d'fhoghlaim an teanga ón gCadhnach. Is ag Máirtín a bhí an t-ardrang Gaeilge agus deirtear gurbh iontach an múinteoir é. Lár na bliana 1943 ceapadh é ina chathaoirleach ar an gcoiste oideachais a raibh mar chúram aige na ranganna a eagrú. Níos deireanaí an bhliain chéanna bhí baint aige le coiste a chur ar bun chun straitéis a cheapadh don IRA, nuair a scaoilfí amach na príosúnaigh ag deireadh an chogaidh. De bharr na moltaí a chuir Ó Cadhain chun cinn gur cheart na hairm a dhumpáil ar feadh píosa, caitheadh amhras air agus cuireadh ar fionraí é ón IRA in éindí le baill eile an choiste `pending court martial'. Le linn a fhionraíochta ón IRA sa champa géibhinn, bhí deis aige díriú ar a chuid scríbhneoireachta mar nach raibh dualgas air ná cead aige ranganna a mhúineadh a thuilleadh ná a eagrú. Tugadh bord agus cathaoir dó, cé nár iarr sé aon phribhléid, agus luigh sé isteach ar an scríobhnóireacht. Ceadaíodh dó a chuid scríbhinní a chur amach as an gcampa chomh maith. Le linn na tréimhse sin sa Churrach, chuir sé an díolaim gearrscéalta An Braon Broghach le chéile.

In alt lena chomhghéibheannach, Maitiú Ó Néill, in eagrán speisialta den iris Comhar, a foilsíodh bliain tar éis bhás Uí Chadhain, tugtar léargas ar an gcúis ar cuireadh an Cadhnach ar fionraí ón IRA sa bhliain 1944. Comhar, Deireadh Fómhair, 1971 Faoi Ghlas ag Gaeil le Maitiú Ó Néill; [15]

Tús na Samhna an bhliain chéanna [1943] mhol Máirtín do Liam Leddy, Ceannfort an Champa, coiste a cheapadh le staidéar a dhéanamh ar staid na gluaiseachta agus le moltaí a dhéanamh faoi céard ba cheart a dhéanamh nuair a scaoilfí saor muid. Rinneadh amhlaidh.... Bhí roinnt cruinnithe againn ach is beag an dul ar aghaidh a bhí muid a dhéanamh. Chaill Máirtín a fhoighid. Dúirt sé go scríobhfadh sé féin na smaointe a bhí aige féin faoin scéal agus go ba cheart do chuile dhuine an rud céanna a dhéanamh. Dúradh go bhfanfadh muid le scríbhinn Mháirtín i dtosach. Ag an gcruinniú dar gcionn bhí an scríbhinn faoi réir aige. Ní mó ná go maith a thaitin sé leis an gcuid is mó de na baill. Briseadh mór leis an ngluaiseacht agus leis na modhanna traidisiúnta a moladh. Airm a dhumpáil go ceann píosa. Glacadh go raibh cliste ar an iarracht mhíleata go dtí sin. Séard a theastaigh réabhlóid i gcúrsaí smaointe. Trí eagraíocht a bheith ann, ceann a bhainfeadh leis an teanga agus le cúrsaí cultúrtha, ceann a dhéanfadh bollscaireacht faoin teorainn agus an ceann míleata. Bhí an coiste ar aon intinn gur cheart a dhul tríd an doiciméad agus chuile mholadh ann a chíoradh.... B'shin é an cruinniú deireannach a bhí ann. Fuair muid amach an trathnóna sin go raibh an scéal curtha ar fud an Champa go raibh muid ag beartú feall a dhéanamh ar an Arm. Cuireadh Leddy agus a Chomhairle de dhroim seoil. Rinneadh amhlaidh leis na fochoistí ar fad, An Coiste Oideachais ina measc. Tugadh gach ball den Choiste, cé's móite de Sheán Ó Néill os comhair cúirt fiosrúcháin rúnda. D'iarr muid cúirt oscailte agus nuair a eitíodh muid, dhiúltaigh muid glacadh leis an bhfiosrúchán rúnda. Fógraíodh ansin go raibh muid `suspended from the Irish Republican Army pending court martial'. Sé an rud is mó a ghoill orainn ina dhiaidh sin nach raibh aon chead againn páirt a ghlacadh i gcúrsaí riaracháin an Champa ná in eagrú cúrsaí oideachais...

Fuair a athair agus a mháthair bás i rith an achair seo.

Léachtaí[athraigh | edit source]

Cuireadh fáilte roimhe léachtaí a thabhairt ag Ollscoileanna timpeall na tíre. Níor tugadh cead don Chumann Seanchais agus Éigse i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe é a bheith ag caint leo ann. Luann Breandán Ó hEithir an eachtra seo ina leabhar Over the Bar.

Na Blianta Deireanacha[athraigh | edit source]

Chaith sé na blianta deireanacha dá shaol ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide.

Ba é a bhunaigh Misneach, eagraíocht a bhí dírithe go diongbháilte ar athbheochan na Gaeilge, agus a d'eargraigh stailc ocrais ar son na teanga sa bhliain 1966.

Sa bhliain 1969 thug sé an príomhléacht ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman in Aonach Urmhumhan. Go luath ina dhiaidh sin foilsíodh an léacht sin faoi chlúdach leabhair dar teideal Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca. Tá an aiste sin ar na cinn is tábhachtaí faoi scríbhneoireacht na Gaeilge dár foilsíodh riamh.

Ba scríbhneoir cruthaitheach Máirtín a rinne an-fhorbairt agus an-aclú ar an nGaeilge mar theanga liteartha. Thóg sé focail ó Ghaeilge na hAlban agus chum sé nua-fhocail amanna. Mar sin féin, chleacht sé gramadach a chanúna féin in áit na gramadaí caighdeánaithe in áiteanna.

Cailleadh Máirtín Ó Cadhain ar an 18 Deireadh Fómhair, 1970 go díreach nuair a bhí cor eile á chur de ag saol agus ag scríbhneoireacht na hÉireann. Bhásaigh sé in Ospidéal an Mater i mBaile Átha Cliath. Cuireadh i Reilig Chnocán Iaróm é. D'fhág sé go leor scríbhinní neamhfhoilsithe ina dhiaidh a nochtadh de réir a chéile.

Deir Alan Titley: ‘Nuair a fuair sé bás ... ba chliché é a rá gur chaill Éire an scríbhneoir ab fhearr a bhí aici...’[16]

Múrmhaisiú in ómós do Mháirtín Ó Cadhain in Aerfort Bhaile Átha Cliath (Meán Fómhair 2009)

Scríbhneoireacht[athraigh | edit source]

Amach ó Chré na Cille, scríobh an Cadhnach dhá úrscéal eile nár tháinig i gcló ach i bhfad i ndiaidh a bháis, sna nóchaidí. B'iad sin Athnuachan agus Barbed Wire.

Scríobh an Cadhnach leabhair gearrscéalta freisin, ina measc Idir Shúgradh agus Dáiríre, An Braon Broghach, Cois Caoláire, An tSraith dhá Tógáil, An tSraith Tógtha agus An tSraith ar Lár.

Luathshaothair Uí Chadhain[athraigh | edit source]

Áirítear na cnuasaigh ghearrscéalta Idir Shúgradh agus Dáiríre (ISD), An Braon Broghach (ABB), agus Cois Caoláire (CC) mar luathshaothar an Chadhnaigh. Braitheann roinnt léirmheastoirí go dtaispeánann ABB teacht chun aibíochta mar scríbhneoir. Deirtear leis go bhfuil teannas le braith i scealta seo an Chadhnaigh. Díríonn an Cadhnach sna scéalta seo ar phobail faoi leith, pobail iargúlta Ghaeltachta don chuid is mó, pobail ar nós an phobail inar rugadh agus tógadh an Cadhnach féin.

Saothair Eile[athraigh | edit source]

Bhí an Cadhnach gníomhach, chomh maith, mar iriseoir agus ag scríobh aistí, atá bailithe in Ó Cadhain i bhFeasta, Caiscín, agus Caithfear Éisteacht. Cuireadh amach comhfhreagras idir é féin san am a bhí sé i ngéibheann agus Tomás Bairéad faoin teideal As an nGéibheann. Bhí sé i gcruachás amanna, ó briseadh as a phost múinteoireachta é mar gheall ar a ghníomhaíocht Phoblachtánach.

Bhí drochmheas ag Ó Cadhain ar an bhfilíocht go pointe. Dar leis, b'fhearr ábhair a phlé sa phrós amháin agus fuair sé de locht ar Ghaeilge na hAlban nach raibh ach filíocht á scríobh inti ar an mórgóir. Bhí breis filíochta á scríobh sa Ghaeilge ná mar a bhí sa Bhéarla an tráth úd dar leis, ach níorbh fhiú faic an fhilíocht chéanna i gcomparáid le tathag an phróis.

Téamaí[athraigh | edit source]

Glacann an teannas idir daoine aonaracha agus éilimh an phobail ról fíorthábhachtach i scéalta an Chadhnaigh.[17]

Léirmheastóireacht[athraigh | edit source]

In Traidisiún Liteartha na nGael (1979) deir J. E. Caerwyn Williams agus Máirín Ní Mhuiríosa: ‘Níl aon amhras ná gurb é Máirtín Ó Cadhain an scríbhneoir is tábhachtaí dár shaothraigh prós na Nua-Ghaeilge le breis agus daichead bliain anuas.’

Stíl[athraigh | edit source]

I mórán de scéalta ABB cleachtann Máirtín Ó Cadhain an ‘réalachas sóisialta’.

Leabhair agus Foilseacháin le Máirtín Ó Cadhain[athraigh | edit source]

Paimfléid[athraigh | edit source]


Aistriúcháin go Gaeilge[athraigh | edit source]

Béaloideas[athraigh | edit source]

Ó Cadhain i dTír Chonaill 2007 Cnuasach bealoidis a bailíodh i dTír Chonaill sa bhliain 1957

Leabhair agus Aistí faoi Mháirtín Ó Cadhain[athraigh | edit source]

  • Ó Cathasaigh, Aindrias: Ag Samhlú Troda. Máirtín Ó Cadhain 1905-1970. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2002.
  • Costigan, an tSiúr Bosco, le Seán Ó Curraoin. De Ghlaschloich an Oileáin: Beatha agus Saothar Mháirtín Uí Cadhain. Cló Iar-Chonnachta, Indreabhán 1987.
  • Ó hÁinle, Cathal, ‘Criostalú: Aistí ar Shaothar Mháirtín Uí Chadhain’, Coiscéim, BÁC, 1998.
  • Ó hAnluain, Eoghan, ‘Léargas Doilíosach: Gnéithe Áirithe de Ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain’, Comhar (Deireadh Fómhair 1971) 10-15.
  • Denvir, Gearóid, ‘Cadhan Aonair: Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain’, BÁC, 1987.
  • De Paor, Louis, ‘Maxim Gorky, Máirtín Ó Cadhain agus Riastradh na Scéalaíochta’, Comhar (Nollaig 1990) 51-5.
  • Titley, Alan, ‘Máirtin Ó Cadhain & Foirm an Ghearrscéil’, Comhar, Deireadh Fómhair 1980. (Lgh. 34-36, 38-40.)

Aistriúcháin ar a Shathaoir[athraigh | edit source]

Ábhair eile[athraigh | edit source]

Tá portráid de Ó Cadhain a rinne Seán O'Sullivan i seilbh phríobháideach, agus dealbh bhrád le James Power i gColáiste na Tríonóide. Tá a chuid scríbhinní i dtaisce sa leabharlann i gColáiste na Tríonóide.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. http://db.ria.ie/fng/bibleag/bibliography_list.asp?pagesize=500
  2. Denvir Gearóid, ‘Cadhan Aonair: Saothar Liteartha Mháirtín Uí Chadhain’, BÁC, 1987. Réamhrá IX.
  3. Máirtín Ó Cadhain, Ceist na mBan agus Ceisteanna Ban le Máire Ní Annracháin. Lch 39 in Ó hÁinle, Cathal, ‘Criostalú: Aistí ar Shaothar Mháirtín Uí Chadhain’, Coiscéim, BÁC, 1998.
  4. Dictionary of Irish Writers, Writers in the Irish Language, curtha i dtoll a chéile ag Brian Cleeve, Cló Mercier, 1971.
  5. ‘gleo agus bruín agus éad’ lch 7, Ó Cathasaigh, Aindrias, ‘Ag Samhlú Troda: Máirtín Ó Cadhain 1905- 1970, Coiscéim, BÁC 2002.
  6. Ó Cathasaigh, Aindrias, ‘Ag Samhlú Troda: Máirtín Ó Cadhain 1905- 1970, Coiscéim, BÁC 2002. Lch 13.
  7. Breathnach, Diarmuid, agus Ní Mhurchú, Máire, ‘1882-1982 Beatháisnéis 4’ lch 85, Máirtín Ó Cadhain, An Clóchomhar Teo, BÁC.
  8. Ó Cathasaigh, Aindrias, ‘Ag Samhlú Troda: Máirtín Ó Cadhain 1905- 1970, Coiscéim, BÁC 2002. Lch 234. (Language Freedom Movement (Gluaiseacht Saoirse Teanga as Gaeilge) - gluaiseacht frithghaeilgeoireachta)
  9. http://isservices.tcd.ie/facilities/chadhain.php
  10. Dictionary of Irish Writers, Writers in the Irish Language, curtha i dtoll a chéile ag Brian Cleeve, Cló Mercier, 1971.
  11. Dictionary of Irish Writers, Writers in the Irish Language, curtha i dtoll a chéile ag Brian Cleeve, Cló Mercier, 1971.
  12. Ó hÉallaithe, Donnacha, 'Máirtín Ó Cadhain i nGéibheann (1940 - 1944)', Gaelscéal, 7 Deireadh Fómhair, 2011.
  13. Ó Cadhain, Máirtín ‘As an nGéibheann: litreacha chuig Tomás Bairéad’, Sáirséal agus Dill, BÁC, 1973.
  14. Bowyer Bell, 1970, 180-181
  15. Ó Néill, Maitiú, Faoi Ghlas ag Gaeil, Comhar, Deireadh Fómhair, 1971
  16. http://www.rte.ie/tv/rianfhocail/article.html
  17. ‘Is é mórthéama Uí Chadhain sna gearrscéalta an choimhlint idir mianta an duine aonair agus na bacanna a chuireann struchtúir áirithe i saol an phobail dar díobh é ar a fhorbairt phearsanta’ De Paor, Louis, ‘Maxim Gorky, Máirtín Ó Cadhain agus Riastradh na Scéalaíochta’, Comhar (Nollaig 1990) 51-5.
  • Bowyer Bell, J. (1970), The Secret Army, A History of the IRA, Cambridge: MIT Press.

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]