Oscar Wilde

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Oscar Wilde
Oscar Wilde Sarony.jpg
Wilde sa bhliain 1882
Dáta breithe 16 Deireadh Fómhair, 1854
  Baile Átha Cliath, Éire
Dáta báis 30 Samhain, 1900
  Páras, An Fhrainc
Náisiúntacht Éireannach
Gairm Drámadóir, gearrscéalaí, file

Rugadh Oscar Fingal O’Flahertie Wills Wilde ar an 16 Deireadh Fómhair 1854. Bhí sé ar duine de na drámadóirí ba cháiliúla a tháinig ó Éirinn riamh, agus é ag scríobh filíocht agus scéalta freisin. Thairis sin, chum sé úrscéal amháin, The Picture of Dorian Gray. Fuair sé bás ar 30 Samhain 1900.

Ba é bua an ghoineadóra a thabhaigh a chlú dó, nó bhí sé ábalta an focal ceart a aimsiú gan teip. Mar a dúirt an té a dúirt: "Tá mé ag tagairt d'fhocail Oscar Wilde - mar a dhéanann cách".

Mar sin féin, tháinig drochdheireadh le saol Wilde. Chuaigh sé le homaighnéasachas, rud a raibh meas na mórchoire ag lucht a linne air, agus nuair a tháinig an scéal seo chun solais, ba é a chabhóg é. Chaith sé seal i bpríosún de dheasca na "mígheanmnaíochta tromchúisí" seo, agus fuair sé a shláinte scriosta ag filleadh chun saoirse dó. An cúpla bliain saoil a bhí fágtha aige, chaith sé faoi léan agus faoi dhímheas é.

A Shaol[athraigh | edit source]

Wilde.

Ba iad tuismitheoirí Oscair Sior William Wilde agus Jane Wilde, agus cónaí orthu ag 21 Rae Westland (Rae an Iarthair) i mBaile Átha Cliath. Protastúnaigh Angla-Éireannacha ab ea iad. Ba dual máthar d'Oscar óg dul i mbun pinn, ó bhí a mháthair ina file náisiúnaíoch, agus í ag scríobh faoin ainm cleite "Speranza". Maidir leis an athair, bhí sé ina mháinlia agus ina dhochtúir. Thairis sin, bhí spéis aige i gcúrsaí na seandálaíochta agus an bhéaloidis, agus é ag scríobh leabhair fúthu. Mar dhochtúir, chuidigh sé le bochtáin na príomhchathrach agus bhunaigh sé íoclann dóibh.

I Mí an Mheithimh den bhliain 1855, d'aistrigh muintir Wilde go 1 Cearnóg Mhuirfean. Anseo dóibh, thosaigh Speranza ag fáiltiú mhaithe agus mhóruaisle an tsaoil liteartha chuici go tráthrialta. I measc na gcuairteoirí, d'fheicfeá Sheridan le Fanu, Samuel Lever, George Petrie, Isaac Butt, agus Samuel Ferguson. Is léir gur imir an t-atmaisféar seo an-tionchar ar fhorbairt Oscair óig.

Fuair Oscar tús a chuid oideachais sa bhaile, go dtí go raibh sé naoi mbliana d'aois. Ansin, chuaigh sé ag freastal ar Scoil Ríoga Phort Abhla (Portora Royal School), scoil chónaitheach in Inis Ceithleann, Contae Fhear Manach. Ba ansin a chaith sé na bliana 1864-1871, amach ó na míonna samhraidh, a chaitheadh sé lena mhuintir faoin tuath i gContae Phort Láirge, i gContae Loch Garman nó i dteach mhuintir Wilde i gContae Mhaigh Eo. Bhí aithne ag Oscar ar an úrscéalaí George Moore, ansin, nuair nach raibh sa bheirt acu ach stócaigh óga.

I ndiaidh scoil Phort Abhla, thug Oscar aghaidh ar Choláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath, áit ar chaith sé na blianta 1871-1874 ag staidéar na dteangacha clasaiceacha. Bronnadh Bonn Órga Berkeley air, arb é an onóir ba mhó a bhí ar fáil do mhic léinn na seanársaíochta clasaicí ag an am i gColáiste na Tríonóide. Fuair sé scoláireacht le tuilleadh staidéir a dhéanamh thall in Oxford, i gColáiste Magdalen, sna blianta 1874-1878. Ansin, bhain sé amach Duais Newdigate lena dhán Ravenna. Nuair a d'fhág sé an coláiste, bronnadh onóracha dúbailte air.

Teaghlach agus Tinteán[athraigh | edit source]

Nuair a bhí a chuid staidéir críochnaithe aige, d'fhill Wilde go Baile Átha Cliath, áit ar casadh Florence Balcome air. Thug sé taitneamh agus teasghrá don chailín óg, ach má thug féin, grá leatrom a bhí ann, nó b'fhearr léise Bram Stoker mar chuideachta agus, sa deireadh, mar fhear céile. Nuair a chuala Wilde go raibh Florence geallta do Stoker, chinn sé ar Éire a thréigean go hiomlán, agus, tríd is tríd, chuir sé beart leis an mbriathar, amach ón bhfíor-chorrchuairt a thug sé ar a thír dhúchais ina dhiaidh sin. Chaith sé an chuid eile dá shaol i dtíortha móra an Bhéarla agus san Fhrainc.

I Londain, fuair sé aithne ar Constance Lloyd, iníon le Horace Lloyd, abhcóide saibhir. Nuair a bhí Oscar i mBaile Átha Cliath, sa bhliain 1884, le léacht a thabhairt sa Gaiety, bhí Constance i measc an lucht éisteachta, agus chuir sé ceiliúr pósta uirthi ag an ócáid. Phós siad i bPaddington, Londain ar an 29ú lá de Mhí Bhealtaine sa bhliain 1884. Rugadh beirt mhac dóibh, Cyril (1885) agus Vyvyan (1886). I ndiaidh an scannail a rinne creach Oscair, tharraing Constance an sloinne Holland uirthi féin agus ar a clann. Shíothlaigh Constance sa bhliain 1898, i ndiaidh dul faoi scian an dochtúra (obráid droma a bhí ann). hAdhlacadh i reilig Staglieno in Genova, an Iodáil, í. Bhásaigh Cyril i dtrinsí an Chéad Chogadh Domhanda, ach tháinig Vyvyan slán as, agus chuaigh sé le scríbhneoireacht is le haistritheoireacht. Tá a mhacsan, Merlin Holland, tar éis sraith leabhair thábhachtacha faoi shaol is faoi shaothar Oscar Wilde a fhoilsiú is a chur in eagar.

An tAeistéiticeachas[athraigh | edit source]

Wilde sa bhliain 1882.

Nuair a bhí sé ag staidéar in Oxford, b'iad a gheáitsí scóitséireachta, drabhláis agus aeistéiticiúlachta a tharraing súil na ndaoine air. D'fhág sé a chuid gruaige gan ghearradh agus thréig sé an lúthchleasaíocht agus an chleasaíocht eile a bhí ag dul le ról traidisiúnta an fhir. Thosaigh sé ag maisiú a árasáin le froigisí gairéadacha, ar nós cleití péacóige agus bláthanna lus gréine, agus chuir seo an-fhearg ar chuid de na comhscoláirí, a d'fhéach le nósanna an fhíor-fhir a theagasc dó le lámh láidir. De réir a chéile, áfach, ghlac aicmí áirithe den tsochaí le gothaí an aeistéiticeachais.

Sa bhliain 1881, léirigh Gilbert agus Sullivan an ceoldráma grinn Patience, ina rabhthas ag magadh faoi gheáitsíocht na n-aeistéiticeoirí, agus ó d'éirigh go gleoite leis an gceoldráma i Nua-Eabhrac, rith le Richard D'Oyly Carte, léiritheoir Meiriceánach an cheoldráma, Oscar Wilde a fháiltiú go dtí na Stáit Aontaithe le sraith léachtanna a thabhairt faoi fheiniméan an aeistéiticeachais. Rinne cuid de na nuachtáin criticeoireacht fhíochmhar ar Wilde, ach ón taobh eile de, bhain sé an-sult as cuideachta na mianadóirí i gColorado. Nuair a chonaic sé an fógra Ná scaoil urchar leis an bpianódóir, tá sé ag déanamh a dhíchill ar crochadh in aice leis an bpianó i dtábhairne na mianadóirí, bhain sé an-taitneamh as an smaoineamh go mbeadh sé indéanta pionós an bháis a imirt ar an drochealaíontóir. foinse Nuair a d'fhill Oscar Wilde go dtí an Ríocht Aontaithe, chaith sé an chéad chupla bliain ina léirmheastóir don Pall Mall Gazette; ina dhiaidh sin, bhain sé amach príomheagarthóireacht an Woman's World.

I gcúrsaí polaitíochta, bhí luí ag Wilde leis an sóisialachas den chineál ainrialach. Chuir sé a chuid tuairimí polaitiúla i míotar sa leabhar The Soul of Man under Socialism.

Saothar Liteartha[athraigh | edit source]

Wilde i Nua-Eabhrac sa bhliain 1882.

Tháinig an chéad bhailiúchán véarsaí le Wilde i gcló sa bhliain 1881, ach is beag léitheoir a bhac leis an gceann sin. Bhí ádh ní b'fhearr leis le The Happy Prince and Other Tales, díolaim scéalta do pháistí a tháinig amach sa bhliain 1888, agus pictiúirí le Walter Crane agus Jacob Hood ag dul leis. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, d'fhoilsigh Wilde bailiúchán eile de scéalta do pháistí, The House of Pomegranates, "nach bhfuil dírithe do pháistí Sasanacha ar aon nós", mar a dúirt Wilde, uair amháin.

Níor fhoilsigh Wilde riamh ach aon úrscéal amháin, The Picture of Dorian Gray. Tháinig an ceann sin amach sa bhliain 1891. Is iomaí léirmheastóir a shíl go raibh dlúthchosúlacht ag an bpríomhphearsa le Wilde féin, agus baineadh úsáid as an leabhar mar fhianaise sa phróis dlí a rinne cabhóg an scríbhneora. Scríobhadh Wilde gné-altanna ar na hirisí ealaíne, agus sa bhliain 1891, d'athfhoilsigh sé trí cinn acu seo ina leabhar, faoin teideal Intentions.

Ba é an dráma úd Lady Windermere's Fan a thuill an chéad chlú dó mar dhrámadóir, i Mí Feabhra den bhliain 1892. B'é George Alexander, aisteoir agus bainisteoir Amharclann Naomh Séamuis i Londain, a d'iarr ar Wilde dráma a scríobh dó. Is é an tuairim a bhí ag Wilde féin den dráma nach raibh ann ach ceann de na drámaí nua-aoiseacha atá suite i bparlús ina bhfuil scátháin na lampaí pinc. Cibé faoi dhath na scáthán sin, ghnóthaigh an scríbhneoir sé mhíle punt ar an chéad oíche a bhí an dráma ag imeacht.

Níor éirigh chomh maith sin leis an chéad dráma eile le Wilde, Salomé, nó níor cheadaigh an Tiarna Seomradóra dó an ceann sin a stáitsiú i Sasana, toisc go raibh pearsana agus téamaí Bíoblúla ann. Tháinig an dráma ar an stáitse san Fhrainc sa bhliain 1896, agus ba í an Fhraincis bunteanga an dráma, nó theastaigh ó Wilde triail a bhaint as scríbhneoireacht i dteanga iasachta. Tháinig leagan Béarla den dráma i gcló, agus léaráidí Aubrey Beardsley ag dul leis, sa bhliain 1894, bliain i ndiaidh an chéad chló Fraincise, ach níor léiríodh Salomé ar aon stáitse i Sasana roimh an mbliain 1931.

Má rinne an chinsireacht spior spear de Salomé, ní raibh an fhadhb chéanna ag cur isteach ar A Woman of No Importance, a stáitsíodh in Amharclann Haymarket i Londain ar an 19ú lá den Aibreán sa bhliain 1893. Bhí an ráchairt chéanna air agus a bhí ar Lady Windermere's Fan roimhe sin, agus dhaingnigh sé stádas Wilde mar mháistir ar ealaín na coiméide carachtair nach bhfacthas a shárú ó laethanta Richard Brinsley Sheridan anuas.

An chéad dráma eile a stáitsíodh, is é sin, An Ideal Husband, bhí sé beagáinín ní ba dháiríre. Ba é Lewis Waller a léirigh an ceann sin, ar stáitse Amharclann Haymarket, agus chonacthas an chéad uair é ar an tríú lá de Mhí Eanáir 1895. Méaldráma polaitiúil atá ann, seachas méaldráma faoin saol pósta, agus é lán gnáthshólaistí den chineál a shamhlófá le drámaíocht Wilde: focail ghonta a rachadh greamaithe i do chuimhne, tráchtaireacht ar an saol sóisialta, coiméide agus grá. Is é an léirmheas a thug George Bernard Shaw ar an dráma ná gurb é Wilde an t-aon fhíordhrámadóir amháin atá ann, dar liom. Baineann sé a chasadh féin as gach uile shórt: as an tráthúlacht chainte, as an bhfealsúnacht, as an drámaíocht, as na haisteoirí, as an lucht féachana, as an amharclann ar fad...

Conablach míosa ina dhiaidh sin, fuair an lucht féachana an chéad radharc ar an dráma is mó a tháinig as peann Wilde riamh, mar atá, The Importance of Being Earnest. Ba é seo éacht mór Wilde mar dhrámadóir, agus ní raibh stad ná staonadh ag dul ar na daoine, oíche an chéad léirithe, ach ag bualadh bos, - mar a d'inis an t-aisteoir Allen Aynesworth, a rinne páirt Algy sa chéad stáitsiú, do Hesketh Pearson, beathaisnéisí Wilde, i bhfad ina dhiaidh sin: Chaith mé trí bliana déag is dhá scór ag aisteoireacht, ach ní cuimhin liom a leithéid eile.

Níl méaldráma ar bith fágtha sa dráma seo, murab ionann agus an trí choiméide a scríobh mo dhuine roimhe sin. Is deacair a rá go bhfuil plota ar bith ann ach an oiread: níl ann ach ábhar suilt agus gáire den chineál seafóideach, agus níl a leithéid eile le fáil i ndrámaíocht an Bhéarla.

Idir An Ideal Husband agus The Importance of Being Earnest, bhreac Wilde síos cnámha loma scéil faoi adhaltranas agus é meáite ar an móitíf seo a fhorbairt go mbeadh dráma iomlán ann. Ní raibh sé i ndán dó an dráma seo a chríochnú, nó tháinig an scannal agus an phróis dlí idir é agus a chuid oibre. Sa deireadh, bhain Frank Harris úsáid as móitíf agus as réamhobair Wilde mar ábhar don dráma críochnaithe Mr and Mrs Daventry. Tháinig an ceann sin ar stáitse, fiú, murab ionann agus drámaí eile Harris.

Chum Wilde dráma eile fós nach bhfuil aithne fhorleathan air, mar atá, For Love of the King. Thiomnaigh sé an ceann sin dá chara Chan Toon. Níor tharraing an dráma seo mórán de shúil an tsaoil mhóir air riamh, agus dealraíonn sé nach bhfuiltear ar aon tuairim faoi arbh é Wilde a scríobh é ar aon nós nó nár scríobh.

Cúrsaí cinniúnacha craicinn[athraigh | edit source]

Ábhar díospóireachta is ea é i gcónaí, an fíor-fheileacán, déghnéasach nó péidearastach a bhí ann, mar Wilde - is é sin, ar chuir sé an chuid ba mhó dá spéis chraicinn sna fir, sa dá ghnéas nó sna fir óga amháin. Tá a fhios ag cuid réasúnta mór den tsaol an taitneamh a thugadh sé d'fhir óga, agus is dealraitheach gurbh é Robert Baldwin Ross an chéad ghrá geal den chineál sin a bhí aige - fear óg ó Cheanada a bhí le hiompú ina léirmheastóir liteartha. Rinne Robert Ross cion fir, ina dhiaidh sin, ag tabhairt aire do leas agus oidhreacht Wilde mar scríbhneoir, ag bailiú a chuid lámhscríbhinní agus alt agus ag seasamh do Wilde is dá chlann i gcúrsaí an chóipchirt. Bhí Ross seacht mbliana déag d'aois nuair a casadh Wilde air an chéad uair, agus é i ndiaidh dánta le Wilde a léamh cheana féin - fuair sé, fiú, greidimíní nuair a thángthas air á léamh. Deir Richard Ellman, beathaisnéisí Wilde, go raibh Ross meáite ar Wilde a mhealladh chun cumann craicinn dá gcasfaí ar a chéile choíche iad.

Níl ach miontagairtí don homaighnéasachas i luathshaothar Wilde. Mar sin, tugann sé le fios i The Portrait of W.H. (1889) gurbh é a ghrá d'fhear óg a spreag Shakespeare chun a chuid soinéad a chumadh.

Scannal[athraigh | edit source]

Wilde le hAlfred Douglas (Bosie) sa bhliain 1894.

Sa bhliain 1891, thosaigh Wilde ag spallaíocht le fear óg arbh ainm dó Alfred Douglas, nó Bosie. Níor thaitin an cumann seo le hathair Bhosie, John Sholto Douglas, naoú Marcas Queensberry. Rinne sé dhá iarracht an bheirt a náiriú go poiblí, ach má rinne, bhí teanga ghonta Wilde in ann é a chur ó dhoras an dá uair. Bhí an seanfhear meáite ar oíche chéadléirithe The Importance of Being Earnest a lot ar Wilde ag caitheamh glasraí ar an stáitse, ach ós rud é go bhfuair Wilde rabhadh roimh ré, níor ligeadh an Marcas isteach thar thairseach na hamharclainne an oíche sin.

Ar an ochtú lá déag de Mhí Feabhra, 1895, d'fhág an Marcas teachtaireacht do Wilde ag ceann de na clubanna a bhí Wilde a ghnáthú. Cárta a bhí ann agus an líomhain scríofa air: For Oscar Wilde posing as a Somdomite (!) - is é sin, chuir sé sodamacht i leith Wilde, ach amháin nár éirigh leis an focal féin a litriú mar ba chóir.

Cé gur chomhairligh a chuid cairde dó gan a chloigeann a bhuaireamh leis an líomhain, d'áitigh Bosie - mar a d'admhaigh sé ina dhiaidh - ar an scríbhneoir an dlí a chur ar an sean-Dúbhghlasach agus é a chiontú faoi leabhal. Gabhadh an Marcas Queensberry, agus, san Aibreán den bhliain 1895, ghlac an Choróin leis an ionchúiseamh sa phróis seo faoi leabhal. Níor mhair an triail ach trí lá. Ní raibh a fhios ag abhcóide an ionchúisimh, Edward Clarke, go raibh cumainn homaighnéasacha ag Wilde le fir eile. Chuir Clarke an cheist lom díreach ar Wilde, an raibh úimléid ar bith ag baint le líomhaintí an Mharcais, agus fuair sé freagra diúltach. Bhí Edward Carson - an fear céanna ar bhaist na náisiúnaithe Éireannacha leasainm Coercion Carson air - ina abhcóide cosanta ag an Marcas, agus is é an rud a rinne sé ná bleachtairí príobháideacha a fhostú le fianaise a bhailiú faoi na fir a raibh caidreamh den chineál seo ag Wilde leo.

Rinne Wilde an-seó de chéad lá na próise, agus é ag baint scotbhach gáire as na daoine leis na freagraí a thabharfadh sé ar cheisteanna Charson a bhí dírithe ar a mhoráltacht a chur in amhras. Nuair a d'fhiafraigh Carson de, ar thug sé adhradh riamh d'aon fhear ab óige ná é féin, is é an freagra a fuair sé ná: Níor thug mé adhradh riamh ach dom féin. Ar an dara lá, áfach, chuaigh an cheastóireacht chun géire, agus b'éigean do Wilde mionn éithigh a thabhairt le teacht slán as an bponc. Sa deireadh thiar, mhol Clarke do Wilde an t-ionchúiseamh a tharraingt siar, agus caitheadh an chaingean i dtraipisí.

Ós rud é go raibh an fhianaise bailithe ag Carson agus Queensberry cheana, agus an homaighnéasachas coiscthe sa dlí, ní fhéadfadh na húdaráis an scéal a dhearmad chomh héasca sin. Ar an séú lá de Mhí Aibreán, 1895, gabhadh Wilde in Óstán Cadogan i Londain, agus hionchúisíodh é faoi ghníomhartha míghneamnaí gnéis le fir eile, de réir Chuid a 11 den leasú a cuireadh le dlí coiriúil Shasana sa bhliain 1885. Bhí Clarke sásta é a chosaint saor in aisce.

An Triail agus an Braighdeanas[athraigh | edit source]

Agus é féin á thriail, níor bhac Wilde leis na cúrsaí a choinneáil faoi cheilt a thuilleadh. Chosain sé an grá intleachtúil idir fear óg agus fear fásta go hoscailte, agus é ag trácht ar ghrá Dháiví agus Iónátáin sa Bhíobla, ar Phlató, ar Shakespeare agus ar Mhichelangelo mar réamhshamplaí den ghrá ar baol leis a ainm a labhairt os ard. Mar sin, ní raibh le déanamh ach pionós a ghearradh dó de réir fhorálacha an dlí. Daoradh chun dhá bhliain daorbhroide é.

Chaith Wilde tús na príosúnachta i bPentonville i dTuaisceart Londan. Ina dhiaidh sin, haistríodh go Wandsworth i nDeisceart Londan é, ach is i bpríosún Reading, tríocha míle siar ón bpríomhchathair, a chaith sé conablach an dá bhliain. Bhí aithne ag Wilde ar an áit - ar Reading, is é sin, seachas ar an bpríosún - óna óige, nuair a bhíodh sé ag bádóireacht ar Abhainn Thames nó ag teacht ar cuairt chuig muintir Palmer. Bhí sé, fiú, i ndiaidh turas a thabhairt ar mhonarcha brioscaí an ghnólachta cháiliúil úd Huntley & Palmers, in aice leis an bpríosún.

Anois, áfach, fuair sé aithne ar Reading de chineál eile. Ar dtús, ní thabharfaí, fiú, peann ná páipéar dó. De réir a chéile, áfach, fuair sé deis scríbhneoireachta, agus bhreac sé síos litir caoga míle focal chuig Bosie. Ní fhéadfadh sé an litir a chur chuig an mbuachaill a fhad is a bhí sé sa phríosún, ach nuair a d'imigh sé ón áit, bhí cead aige an lámhscríbhinn a thabhairt leis. B'í an litir seo, go príomha, an saothar liteartha ar a bhfuil aithne ag an saol mór mar De Profundis ("As na Duibheagáin"). Agus é scaoilte saor, thug Wilde an lámhscríbhinn do Robert Ross go seolfadh seisean chuig Bosie é. Níl a fhios ag aon duine, an bhfuair Bosie an litir riamh, áfach. Ar a laghad, dhiúltaigh sé go bhfuair. Sa bhliain 1905, ceithre bliana i ndiaidh bhás an scríbhneora, d'fhoilsigh Ross leagan den litir a bhí cóirithe go maith aige féin: dhá dtrian a bhí ann, agus an tríú cuid eile fágtha ar lár le príobháideacht na ndaoine páirteacha a urramú. Níor tháinig aon leagan iomlán i gcló roimh an mbliain 1962, nuair a foilsíodh litreacha Oscar Wilde.

Deireadh a Shaoil[athraigh | edit source]

Ag fágáil an phríosúin dó, bhí Wilde iompaithe ina fhear easlán, agus sheachnaíodh sé cuideachta a sheanchairde go lá a bháis. Thugadh sé "Sebastian Melmoth" air féin, ag tagairt d'úrscéal uafáis Charles Maturin, Melmoth the Wanderer. San am seo a chum sé an dán clúiteach úd The Ballad of Reading Gaol, An Bailéad faoi Phríosún Reading. Bhí luiteamas áirithe aige riamh leis an Eaglais Chaitliceach, agus nuair a bhí sé ag saothrú an bháis, d'iompaigh sé leis an gCaitliceachas. B'é ba trúig bháis dó ná an sean-athlasadh i leathchluas leis a chuaigh in olcas air agus a chuir tús le fiabhras inchinne (meiningíteas).

A Shaothar[athraigh | edit source]

Filíocht[athraigh | edit source]

  • Poems ("Dánta", 1881)
  • The Ballad of Reading Gaol ("Bailéad Phríosún Reading", 1893)

Drámaí[athraigh | edit source]

  • Vera, or, The Nihilists ("Vera, nó, na Nihilithe")
  • The Duchess of Padua ("Bandiúc Phadova")
  • Salomé
  • Lady Windermere's Fan ("Gaothrán Bhantiarna Windermere")
  • A Woman of No Importance ("Bean gan Tábhacht")
  • An Ideal Husband ("Sárfhear céile")
  • The Importance of Being Earnest ("Tábhacht na Dáiríreachta" - nó "Tábhacht an ainm úd 'Ernest'")
  • La Sainte Courtisane agus A Florentine Tragedy ("Traigéide i bhFirenze")

Prós[athraigh | edit source]

  • The Canterville Ghost ("An Taibhse i gCanterville", 1887)
  • The Happy Prince and Other Stories ("An Prionsa Sona agus Scéalta Eile", 1888) [1]
  • Lord Arthur Savile's Crime and Other Stories ("Coir an Tiarna Arthur Savile agus Scéalta Eile", 1891)
  • Intentions ("Cuspóirí", 1891)
  • The Picture of Dorian Gray ("Pictiúr Dorian Gray", 1891)
  • A House of Pomegranates ("Teach na bPomagrainítí", 1891)
  • The Soul of Man under Socialism ("Anam an Duine faoi Réimeas an tSóisialachais", an chéad fhoilsiú ar an bPall Mall Gazette sa bhliain 1891, an chéad fhoilsiú faoi chlúdach leabhair sa bhliain 1904)
  • De Profundis (Laidin: "As na Duibheagáin", 1905)
  • The Letters of Oscar Wilde ("Litreacha Oscar Wilde", 1960). Tháinig eagrán nua i gcló sa bhliain 2000, agus litreacha curtha leis nár foilsíodh ach i ndiaidh na bliana 1960, chomh maith le fonótaí le Merlin Holland.
  • Teleny or The Reverse of the Medal ("Taobh Eile an Bhoinn", 1893)