Máire Mhic Róibín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Máire Mhic Róibín
Máire Mhic Róibín

7ú Uachtarán
I bhfeidhmeannas: 3 Nollaig 199012 Meán Fómhair 1997
Uimhir tréimhsí: 1
Réamhtheachtaí: Pádraig Ó hIrighile
Comharba: Máire Mhic Ghiolla Íosa
Ainmnithe ag: Lucht Oibre
Iarrthóirí eile: 1990
Fine Gael:
::Aibhistín Ó Comhraí
Fianna Fáil:
::Brian Ó Luineacháin

Dáta breithe: 21 Bealtaine 1944
Áit bhreithe: Béal an Átha, Contae Mhaigh Eo
Céile: Nick Robinson
Gairm: Abhcóide, Seanadóir

Ba í Máire Treasa Úna Mhic Róibín (21 Bealtaine 1944 a rugadh í) seachtú hUachtarán na hÉireann, ó 1990 go 1997, agus ba í an chéad bhean sa phost sin. Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Chearta an Duine ab ea í ó 1997 go 2002. Chaith sí sealanna freisin mar iníon léinn, abhcóide, bean feachtais agus ball de Sheanad Éireann (1969-1989). Sa lá atá inniu ann, caitheann sí formhór a cuid ama mar ghníomhaíoch ar son cearta daonna agus bíonn cónaí uirthi i Maigh Eo agus i Nua-Eabhrac.

Óige agus oiliúint[athraigh | edit source]

Rugadh Máire Treasa Úna Mhic Róibín (née de Búrca) ar an 21 Bealtaine 1944 i mBéal an Átha, Co. Mhaigh Eo. Ba dhochtúirí leighis a tuismitheoirí, Aubrey agus Tess. Bhí ceathrar mac acu agus ba í Máire an t-aon iníon a rugadh dóibh.

D’fhreastail sí ar Mheánscoil Mount Annville i mBaile Átha Cliath agus bhain sí céimeanna dlí amach i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus i Scoil Dlí Harvard. Phós sí Nicholas Robinson i 1970. Tá triúr leanaí acu: iníon agus beirt mhac.

Saol acadúil agus polaitiúil[athraigh | edit source]

Bhain Máire Mhic Róibín cáil amach go luath ina saol mar acadóir, mar abhcóide, mar bhean feachtais agus mar Sheanadóir. Ceapadh í ina hOllamh Reid le Dlí Coiriúil i gColáiste na Tríonóide, post ardcháile a bhronntar ar abhcóidí sároilte, sa bhliain 1969. Toghadh í do Sheanad Éireann, mar ionadaí neamhspleách, den chéad uair i 1969 mar dhuine de thriúr ball an tSeanaid d'Ollscoil Bhaile Átha Cliath (Coláiste na Tríonóide). Chuaigh sí i mbun feachtas ar réimse leathan ceisteanna liobrálacha. I measc na saincheisteanna bhí: go mbeadh cead ag mná suí ar ghiúiréithe, go gcuirfí deireadh leis an gcosc a bhí ar mhná pósta a gcuid post sa státseirbhís a choimeád agus go mbeadh fáil dhleathach ar ghairis frithghiniúna. D’oibrigh sí ar feadh na mblianta mar chomhairleoir don fheachtas um athchóiriú an dlí i gcoinne na homaighnéasachta i dteannta David Norris, a bheadh ina sheanadóir d’Ollscoil Bhaile Átha Cliath ar ball.

Chláraigh Máire Mhic Róibín mar bhall de Pháirtí an Lucht Oibre i lár na seachtóidí ach níor éirigh lena hiarrachtaí go dtoghfaí ina Teachta Dála í. Ghlac sí páirt shuntasach san fheachtas chun an suíomh stairiúil Lochlannach ar Ché an Adhmaid i mBaile Átha Cliath a shábháil. Sa deireadh d’éirigh le Bardas Bhaile Átha Cliath ceanncheathrú nua riaracháin a thógáil ar an láthair sin.

Sa bhliain 1985 d’éirigh sí as Páirtí an Lucht Oibre mar agóid faoin gComhaontú Angla-Éireannach a shínigh comhrialtas Ghearóid Mhic Gearailt le rialtas na Breataine faoi Margaret Thatcher. Bhí Bean Mhic Róibín den tuairim gur chóir dul i gcomhairle le polaiteoirí aontachtacha Thuaisceart Éireann maidir leis an gComhaontú, cé gur leasc leo siúd cumhacht pholaitiúil a roinnt le páirtithe eile ag an am sin. Chaith sí ceithre bliana eile sa Seanad agus i 1989 shocraigh sí gan a hainm a chur ar aghaidh do thoghchán an tSeanaid arís.

Iarrthóir uachtaránachta[athraigh | edit source]

An bhliain dár gcionn, 1990, bhí toghchán uachtaránachta le bheith ann mar bhí an Dr. Pádraig Ó hIrighile le héirí as tar éis dhá thréimhse seacht mbliana a chaitheamh ina Uachtarán. Tháinig ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Dick Spring, chuig Máire Mhic Róibín ag fiafraí di an mbeadh sí sásta a bheith ina hiarrthóir do Pháirtí an Lucht Oibre sa toghchán. Ghlac sí leis an tairiscint agus ba í an chéad ainmní ag Lucht Oibre agus ba í an chéad bhean riamh mar iarrthóir i dtoghchán uachtaránachta in Éirinn.

Ritheadh feachtas toghchánaíochta a bhí crua, láidir, ilghnéitheach. Thaistil an t-iarrthóir timpeall na tíre ag cur lena cuid tacaíochta i gcónaí, go mórmhór i measc mhná na hÉireann. Ba é Brian Ó Luineacháin, an Tánaiste, an t-iarrthóir a bhí ag Fianna Fáil. Fear éirimiúil, gealgháireach a raibh aithne mhaith ag an bpobal air ab ea é. Bhíothas cinnte ag tús an fheachtais gur aige a bheadh an bua. Ach d’éirigh aighneas inmheánach sa rialtas agus i bhFianna Fáil agus sa deireadh díbríodh Ó Luineacháin as an rialtas. Bhí a phort seinnte! B’as Tuaisceart Éireann iarrthóir Fhine Gael, Austin Currie. Cé go raibh obair fhónta pholaitiúil déanta aige mar chomhalta de Pháirtí Sóisialach agus Daonlathach an Lucht Oibre i dTuaisceart Éireann ní raibh mórán aithne ag muintir na Poblachta air. Anuas air sin ní raibh sé sásta leis an socrú a rinneadh maidir le haistriú vótaí idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre. Tuigeadh dó go raibh i bhfad níos mó spéise ag na meáin chumarsáide in iarrthóireacht Mhic Róibín agus, ar aon nós, níor thaitin Máire Mhic Róibín leis mar dhuine. Sa deireadh, ba í Máire Mhic Róibín an chéad bhean agus an chéad iarrthóir ó Pháirtí an Lucht Oibre a bhain amach post na hUachtaránachta in Éirinn.

Seal mar Uachtarán na hÉireann[athraigh | edit source]

Ar 3 Nollaig 1990 insealbhaíodh Máire Mhic Róibín ina seachtú hUachtarán ar Éirinn. Thug sí saintréithe tabhachtacha léi chuig a post nua: intinn liobrálach, meabhair dhomhain, taithí pholaitíochta agus eolas forleathan ar an dlí. Chuir sí suim faoi leith sa diaspóra Éireannach - an líon mór imirceach Éireannach agus daoine gur de bhunadh Éireannach a sinsear scaipthe ar fud na cruinne. Chuir sí solas ar síorlasadh i gceann de na fuinneoga in Áras an Uachtaráin, a bhí le feiceáil ag an bpobal ón mbóthar, mar shiombail cuimhneacháin ar an diaspóra seo.

Chuir sí fáilte roimh chumainn spóirt, roimh ghrúpaí ón earnáil dheonach agus charthannachta agus roimh lucht léinn go dtí Áras an Uachtaráin. Thug sí cuairt ar mhisinéirí ó Éirinn ag obair thar lear, ar chumainn phobail i dTuaisceart Éireann, ar imeachtaí spóirt idirnáisiúnta, ar an bPápa, ar an Dalai Lama. Le linn a tréimhse mar Uachtarán thug sí dhá aitheasc os comhair Thithe an Oireachtais. Dúradh ag an am go raibh na horáidí rófhada agus doiléir.

Thug an tUachtarán Mhic Róibín cuairt ar Ruanda áit ar tharraing sí aird an domhain mhóir ar an bhfulaingt agus ar an ocras sa tír mar thoradh ar an gcogadh cathartha. I ndiaidh na cuairte sin labhair sí ag preasagallamh agus bhí na deora léi. Thaispeáin an eachtra sin taobh bog, mothálach an Uachtaráin nach raibh feicthe ag an bpobal roimhe sin.

Saol agus obair iar-uachtaránachta[athraigh | edit source]

D'éirigh Máire Mhic Róibín as oifig mar Uachtarán an 12 Meán Fómhair 1997 chun glacadh le ceapachán mar Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna. Ról abhcóideachta a bhí ina post nua, ag leagan amach cláir chearta daonna taobh istigh de na Náisiúin Aontaithe agus go hidirnáisiúnta. Ba í an chéad Ard-Choimisinéir um Chearta Daonna a thug cuairt ar an Tibéid, i 1998. Rinne sí clamhsán le rialtas na Stát Aontaithe maidir lena pholasaí i leith phíonós an bháis. Tháinig deireadh lena tréimhse mar Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta Daonna i 2002 agus í faoi bhrú ag Stáit Aontaithe Mheiriceá.

I samhradh na bliana 2007 thug Nelson Mandela, Graça Machel agus Desmond Tutu grúpa de cheannairí an domhain le chéile lena saíocht, a gceannaireacht agus a n-ionracas a chur ag obair chun fadhbanna móra an chine dhaonna a fhuascailt. Tugadh cuireadh do Mháire Mhic Róibín a bheith ina ball de Na Saoithe. Is é an tArdeaspag Tutu cathaoirleach na meithle.

In Eanáir 2009 ceapadh Máire Mhic Róibín ina ceannaire ar an gCoimisiún Idirnáisiúnta Dlí-eolaithe. Bhronn Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Barack Obama, Bonn Saoirse an Uachtaráin uirthi ar 12 Lúnasa 2009, as a cuid oibre ar son cearta daonna.[1]

Tagairtí[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]