Samuel Beckett

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Samuel Beckett
200px
Samuel Beckett, t.1970
Dáta breithe 13 Aibreán, 1906
  Baile Átha Cliath
Dáta báis 22 Mí na Nollag, 1989
  Páras, an Fhrainc
Náisiúntacht Éireannach
Gairm Úrscéalaí, drámadóir, gearrscéalaí, file
Seánra Ard-nua-aoiseachas
Duaiseanna Duais Nobel (1969)

Úrscéalaí, drámadóir agus file Éireannach ba ea Samuel Barclay Beckett (13 Aibreán 1906 – 22 Nollaig 1989). Tugtar léiriú diúltach ar chultúr an duine i saothar Beckett agus d’éirigh foirm agus fealsúnacht an tsaothair sin níos íosta agus é ag dul ar aghaidh. Mar mhac léinn, cúntóir agus cara de chuid James Joyce, áirítear Beckett go minic mar dhuine de na nua-aoisithe deireanacha. Mar spreagadh do chuid mhaith údar a tháinig ina dhiaidh, áirítear é uaireanta mar dhuine de na chéad iarnua-aoisithe. Ceaptar chomh maith go mba dhuine é de phríomhscríbhneoirí an tseánra “Theatre of the Absurd” mar a thugann Martin Esslin air.

Bronnadh Duais Nobel na Litríochta ar Beckett sa bhliain 1969 as a chuid scríbhneoireachta agus cuireadh síos ar an scríbhneoireacht sin mar seo a leanas; “writing which – in new forms for the novel and drama – in the destitution of modern man acquires its elevation”. Toghadh Beckett mar Shaoi d’Aosdána sa bhliain 1984. Cailleadh é i bPáras de bharr fadhbanna riospráide.

Beathaisnéis[athraigh | edit source]

Luathshaol agus Oideachas[athraigh | edit source]

Ba de bhunadh Úgónach muintir Beckett (Becquet ó thús) agus deirtear gur bhog siad go hÉirinn ón bhFrainc i ndiaidh chúlghairm Fhorógra Nantes sa bhliain 1685, cé go gceistítear fírinne na teoirice sin. Bhí muintir Beckett ina mbaill d’Eaglais na hÉireann. Ba theach mór le gairdín fairsing agus cúirt leadóige é Cúl Draighneach, teach a mhuintire, agus ba é athair an údair, William, a thóg é i mbruachbhaile Charraig an tSionnaigh i mBaile Átha Cliath. Luaitear an teach agus an gairdín, mar aon leis an gceantar máguaird ina ndearna sé siúlóidí lena athair, chomh maith le Ráschúrsa Bhaile na Lobhar, stáisiún traenach Charraig an tSionnaigh agus stáisiún Shráid Fhearchair ina chuid próis agus drámaí. Ba shuirbhéir cainníochta é a athair agus b’altra í a mháthair. D’fhreastail Beckett ar naíonra áitiúil nuair a bhí sé cúig bliana d’aois agus b'ansin a cuireadh tús lena chuid oideachais sa cheol, agus bhog sé ansin go Scoil Theach Phort an Iarla i lár na cathrach gar do Shráid Fhearchair. Sa bhliain 1919, chuaigh Beckett go Scoil Ríoga Phort Abhla in Inis Ceithleann, Contae Fhear Manach – an scoil chéanna ina bhfuair Oscar Wilde a chuid oideachais. Ba lúthchleasaí nádúrtha é Beckett agus bhain sé barr feabhais amach ag imirt cruicéid mar shlacaí ciotógach agus mar bhabhlálaí ciotógach meánluais. Ina dhiaidh sin, bhí sé ar fhoireann Ollscoil Bhaile Átha Cliath agus d’imir sé dhá chluiche den chéad scoth in aghaidh Northamptonshire. Mar thoradh air sin, ba eisean an t-aon laureate Nobel a luadh in Wisden Cricketer’s Almanack – “bíobla” an chruicéid.

Luathscríbhinní[athraigh | edit source]

Rinne Beckett staidéar ar an bhFraincis, ar an Iodáilis agus ar an mBéarla ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ón mbliain 1923 go 1927. Bhí an Dr A. A. Luce, scoláire Berkeley agus Berkelian mór le rá, i measc a theagascóirí fad is a bhí sé ag freastal ar Choláiste na Tríonóide. Bhain Beckett céim B.A. amach, agus – tar éis dó a bheith ag múineadh ar feadh tamaill i gColáiste Campbell i mBéal Feirste – thosaigh sé ag obair mar lecteur d’anglais in École Normale Supérieure i bPáras. Fad is a bhí sé ann, chuir Thomas MacGreevey, file agus dlúthchara Beckett a bhí ag obair ann chomh maith, an t-údar Éireannach mór le rá, James Joyce, in aithne dó. Níorbh fhada go raibh mórthionchar ag an bhfear sin ar Beckett óg, agus chabhraigh sé le Joyce ar bhealaí éagsúla, go háirithe le taighde ar an leabhar Finnegan’s Wake.

Sa bhliain 1929, d’fhoilsigh Beckett an chéad saothar dá chuid – aiste chriticiúil dar teideal Dante...Bruno. Vico...Joyce. Déanann an aiste saothar agus modh scríbhneoireachta Joyce a chosaint ó líomhaintí go raibh siad deacair agus doiléir d’aon ghnó, agus bhí sí mar chuid de Our Exagmination Round His Factification for Incamination of Work in Progress, leabhar aistí faoi Joyce ina raibh aistí ó phinn Eugene Jolas, Robert McAlmon agus William Carlos Williams, i measc daoine eile. Tháinig meath ar dhlúthchaidreamh Beckett le Joyce agus a mhuintir, áfach, nuair nár ghlac sé leis an tsúil a bhí iníon Joyce, Lucia, ag caitheamh air. Ba i rith na tréimhse sin freisin a foilsíodh an chéad ghearrscéal dá chuid, “Assumption”, i dtréimhseachán Jolas dar teideal transition. Bhuaigh sé duais bheag litríochta an bhliain dár gcionn as dán a chum sé go mear ar ar tugadh, “Whoroscope”, agus a bhain le beathaisnéis René Descartes, a bhí Beckett ag léamh ag an am, nuair a spreagadh é chun saothar a chur isteach.

Sa bhliain 1930, d’fhill Beckett ar Choláiste na Tríonóide mar léachtóir. Níorbh fhada, áfach, gur éirigh sé bréan dá ghairm roghnaithe acadúil. Chuir sé an mhídhúil a bhí aige ina leith in iúl le cleas a d’imir sé ar Chumann na Nuatheangacha, Baile Átha Cliath – léigh sé páipéar i bhFraincis faoi údar ó Toulouse, Jean du Chas, bunaitheoir de ghluaiseacht ar a tugadh 'Concentrism'. Ní raibh in Chas ná in 'Concentrism' ach cumadóireacht, áfach. Chum Beckett iad chun magadh faoi shaoithíneacht.

Chuir Beckett deireadh lena ghairm ghearr acadúil nuair a d’éirigh sé as a phost i gColáiste na Tríonóide ag deireadh na bliana 1931. Rinne sé comóradh ar an uair chinniúnach sin ina shaol le cumadh an dáin “Gnome”. Spreagadh é chun é a scríobh i ndiaidh dó Wilhelm Meisters Lehrjahre de chuid Johann Wolfgang von Goethe a léamh agus foilsíodh é faoi dheireadh in The Dublin Magazine i 1934:

Spend the years of learning squandering
Courage for the years of wandering
Through a world politely turning
From the loutishness of learning.

Tar éis dó Coláiste na Tríonóide a fhágáil, thosaigh Beckett ag taisteal san Eoraip. Chaith sé roinnt ama i Londain chomh maith, áit ar foilsíodh Proust, staidéar criticiúil dá chuid ar an údar Francach, Marcel Proust, sa bhliain 1931. Thosaigh sé ar chóir leighis a mhair dhá bhliain le síciteiripeoir ón Tavistock Clinic, an Dr Wilfred Bion, dhá bhliain ní ba dhéanaí, i ndiaidh bhás a athar. Thug Bion é chun tríú léacht Tavistock de chuid Carl Jung a chloisteáil, a chuaigh i bhfeidhm ar Beckett le blianta fada ina dhiaidh sin. Dhírigh an léacht ar an ábhar “never properly born,” agus ba léir gnéithe de i saothar Beckett ina dhiaidh sin, lena n-áirítear Watt agus Waiting for Godot. Sa bhliain 1932, scríobh sé a chéad úrscéal, Dream of Fair to Middling Women, ach chinn sé ar é a fhágáil ar leataobh tar éis diúltú a fháil ó chuid mhaith foilsitheoirí. Foilsíodh an leabhar faoi dheireadh sa bhliain 1993. D’ainneoin nach raibh sé in ann é a fhoilsiú, bhí an t-úrscéal mar fhoinse le haghaidh cuid mhaith de luathdhánta Beckett, chomh maith lena chéad leabhar lánfhada, an cnuasach gearrscéalta More Pricks Than Kicks (1933).

D’fhoilsigh Beckett roinnt aistí agus léirmheasanna freisin le linn na tréimhse sin, lena n-áirítear “Recent Irish Poetry” (in The Bookman, Lúnasa 1934) agus “Humanistic Quietism”, léirmheas ar dhánta a charad, Thomas MacGreevey (in The Dublin Magazine, Iúil – Meán Fómhair 1934). Dhírigh an dá léirmheas úd ar shaothair MacGreevey, Brian Coffey, Denis Devlin agus Blanaid Salkeld, d’ainneoin nach raibh mórán bainte amach acu ag an am. Rinne sé comparáid dhearfach idir iad agus údair eile na hAthbheochana Ceiltí agus rinne sé tagairt do Ezra Pound, do T.S. Eliot agus do shiombalaithe na Fraince mar dhaoine mór le rá a tháinig rompu. Nuair a rinne sé cur síos ar na filí sin mar "the nucleus of a living poetic in Ireland", bhí canóin filíochta nua-aoiseach agus Éireannach á bunú ag Beckett.

Sa bhliain 1935 – an bhliain chéanna a d’fhoilsigh sé cnuasach dá chuid filíochta, Echo's Bones and Other Precipitates – bhí sé ag obair ar a úrscéal Murphy. I mBealtaine na bliana sin, scríobh sé chuig MacGreevey ag rá go raibh sé ag léamh faoin scannánaíocht agus go raibh sé ag iarraidh dul go Moscó chun staidéar a dhéanamh le Sergei Eisenstein ag Institiúid Cineamatagrafaíochta Gerasimov i Moscó. I lár na bliana 1936, scríobh sé chuig Sergei Eisenstein agus Vsevolod Pudovkin á chur féin i láthair mar phrintíseach. Ní raibh toradh ar bith air sin, áfach, mar gur cailleadh litir Beckett de bharr choraintín Eisenstein le linn bhriseadh amach na bolgaí, chomh maith lena aird a bheith ar athscríobh scripte dá léiriú scannáin a bhí curtha ar atráth. Chríochnaigh Beckett Murphy idir an dá linn agus ansin, sa bhliain 1936, chuaigh sé ar turas fairsing timpeall na Gearmáine. Le linn na tréimhse sin, líon sé roinnt leabhar nótaí le liostaí d’ealaín shuntasach a chonaic sé agus scríobh sé faoin bhfuath a bhí aige d’fhiántas na Naitsithe a bhí ag scaipeadh ar fud na tíre an tráth sin. D’fhill sé ar Éirinn ar feadh tamall gearr sa bhliain 1937 le bheith ag faire ar fhoilsitheoireacht Murphy (1938). D’aistrigh sé féin an leabhar go Fraincis an bhliain dár gcionn. D’éirigh idir é féin agus a mháthair freisin agus chuir sin lena chinneadh cur faoi i bPáras (agus b'ann a chuir sé faoi uaidh sin amach tar éis bhriseadh amach an Dara Cogadh Domhanda sa bhliain 1939 toisc gurbh fhearr leis féin “France at war to Ireland at peace”). Níorbh fhada go raibh aithne air timpeall chaiféanna La Rive Gauche. B'ansin a neartaigh sé a chairdeas le Joyce agus a chruthaigh sé cairdeas nua le healaíontóirí ar nós Alberto Giacometti agus Marcel Duchamp – daoine a d’imir ficheall leis go minic. Ar feadh tamall gearr thart ar Nollaig na bliana 1937, bhí Beckett mór le Peggy Guggenheim a thug “Oblomov” air mar leasainm as pearsa eapainmneach úrscéil ó pheann Ivan Goncharov.

In Eanáir na bliana 1938 i bPáras, agus é ag diúltú seirbhísí máistir striapach míchlúiteach ar a raibh an t-ainm íorónta ‘Prudent’, sádh sa chliabh é agus ba bheag nár maraíodh é. Shocraigh James Joyce seomra príobháideach san ospidéal do Beckett. Ghabh poiblíocht ón eachtra sin aird Suzanne Dechevaux-Dumesnil. Bhí aithne éigin aici ar Beckett óna chéad chuairt ar Pháras; an uair seo, áfach, chuir an bheirt tús le cneasaíocht fad saoil. Ag réamhéisteacht, d’fhiafraigh Beckett dá ionsaitheoir cén tucaid a bhí leis an sá, agus d’fhreagair Prudent ar nós cuma liom, “Je ne sais pas, Monsieur. Je m’excuse” (“Níl a fhios agam, a dhuine uasail. Tá brón orm”). D’insíodh Beckett an eachtra ar nós scéal grinn scaití, agus chaith sé uaidh an cúiseamh in aghaidh a ionsaitheora ar deireadh – ar bhealach chun tuilleadh foirmiúlachtaí a sheachaint agus, chomh maith leis sin, mar thaitin béasaí agus carachtar Prudent leis.

An Dara Cogadh Domhanda[athraigh | edit source]

Ghlac Beckett páirt i bhFrithbheartaíocht na Fraince tar éis fhorghabháil na Gearmáine i 1940. D’oibrigh sé mar theachtaire agus ba bheag nár ghabh an Gestapo é cúpla uair thar thréimhse dhá bhliain.

I Lúnasa na bliana 1942, rinneadh feall ar a aonad agus theith sé ó dheas de chois le Suzanne go sráidbhaile beag darb ainm Roussillon, in département Vaucluse i réigiún Provence Alpes Cote d’Azur, áit a a raibh siad sábháilte. Lean sé air ag cabhrú leis an bhFrithbheartaíocht ansin trí airm a stóráil i gcúlghairdín a thí. Le linn na mblianta a d’fhan Beckett in Roussillon, chabhraigh sé go hindíreach le sabaitéireacht Maquis d’arm na Gearmáine i sléibhte Vaucluse, cé nár labhair sé go rómhinic faoina chuid oibre i rith an chogaidh.

Bhronn rialtas na Fraince Croix de guerre agus Médaille de la Résistance ar Beckett as a chuid éachtaí ag troid in aghaidh fhorghabháil na Gearmáine. Go dtí deireadh a shaoil, thagródh Beckett dá pháirt le Frithbheartaíocht na Fraince mar “boy scout stuff”.[14] Dúirt sé gur lean sé ar aghaidh ag obair ar an úrscéal Watt fad is a bhí sé i bhfolach in Rousillon “in order to keep in touch” (b’úrscéal é seo a thosaigh sé i 1941 agus a chríochnaigh sé i 1945 ach nár foilsíodh go dtí 1953).

Clú: úrscéalta agus an téatar[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1945, d’fhill Beckett ar Bhaile Átha Cliath le haghaidh cuairt ghearr. Le linn dó a bheith ann, bhí taibhreamh aige i seomra a mháthar inar léiríodh a lántodhchaí liteartha. Rinne sé ficseanú ar an eachtra sin ní ba dhéanaí ina dhráma Krapp’s Last Tape (1958). Sa dráma, ceaptar go bhfuil taibhreamh Krapp suite ar an gCé Thoir i nDún Laoghaire (cé nach dtugann aon ní sa dráma bunús don smaoineamh sin) le linn oíche stoirmiúil, agus aithníonn roinnt criticeoirí Beckett i gcarachtar Krapp chomh mór sin is go gceapann siad go raibh eipeafáine ealaíonta Beckett féin san áit chéanna agus le linn an tsaghais chéanna aimsire. Bheadh an chuid is mó criticeoirí liteartha san airdeall faoi chomparáid a dhéanamh idir taithí carachtair agus taithí údair áfach. Tríd síos an dráma, éisteann Krapp le téip a rinne sé ní ba luaithe ina shaol. Ag pointe amháin, cloiseann sé é féin agus é níos óige ag rá: “...clear to me at last that the dark I have always struggled to keep under is in reality my most...” Cuireann Krapp an téip ar aghaidh, áfach, sula mbíonn deis ag an lucht féachana an taibhreamh ar fad a fháil amach.

Nocht Beckett le James Knowlson ina dhiaidh sin gurb iad “precious ally” na focail atá fágtha ar lár ar an téip (mar a luaigh Knowlson sa bheathaisnéis Damned to Fame). Ós rud é, áfach, go raibh míchlú ar Beckett as a bheith ag cur beathaisnéisithe agus criticeoirí amú, agus ós rud é go mbíonn cuma fhite shaoráideach ar nochtadh dá leithéid go minic, is dócha nach raibh buansmaoineamh ag Beckett féin maidir le céard ba chóir a bheith san abairt smuta. Léigh criticeoirí beathaisnéiseacha tábhacht sa scéal gur inis sé go Knowlson gur as a ghaol le James Joyce a tháinig cuid de spreagadh an taibhrimh sin. Ní bhaineann tábhacht leis seo do thaibheoirí ná do léitheoirí, áfach. Mhaígh Beckett gurbh fhéidir go mbeadh sé faoi scáth Joyce go deo agus nach mbeadh sé in ann é riamh a shárú. Bhí taibhreamh aige ansin, mar a deir Knowlson, a bhféachtar air mar phointe cinntitheach ina ghairm. Míníonn Knowlson an taibhreamh ansin mar a rinne Beckett cur síos air: “In speaking of his own revelation, Beckett tended to focus on the recognition of his own stupidity ... and on his concern with impotence and ignorance. He reformulated this for me, while attempting to define his debt to James Joyce: ‘I realized that Joyce had gone as far as one could in the direction of knowing more, in control of one’s material. He was always adding to it; you only have to look at his proofs to see that. I realized that my own way was in impoverishment, in lack of knowledge and in taking away, in subtracting rather than in adding.’” Míníonn Knowlson: “Beckett was rejecting the Joycean principle that knowing more was a way of creatively understanding the world and controlling it ... In future, his work would focus on poverty, failure, exile and loss – as he put it, on man as a ‘non-knower’ and as a ‘non-can-er.’”

Sa bhliain 1946, d’fhoilsigh iris de chuid Jean-Paul Sartre, Les Temps Modernes, an chéad chuid de ghearrscéal Beckett “Suite” (ar ar tugadh “La fin”, nó “The End” ní ba dhéanaí) ach ní raibh a fhios acu nár chuir Beckett ach leath den scéal chucu agus dhiúltaigh Simone de Beauvoir an dara cuid a fhoilsiú. Thosaigh Beckett ar a cheathrú úrscéal a scríobh freisin (Mercier et Camier) nár foilsíodh go dtí 1970. Thuar an t-úrscéal, ar chuid mhaith bealaí, an saothar is cáiliúla dá chuid, an dráma Waiting for Godot, a scríobhadh tamall ina dhiaidh sin, ach ní ba thábhachtaí fós, ba é an chéad saothar fada a scríobh Beckett díreach i bhFraincis, an teanga inar scríobh sé an chuid is mó dá shaothair ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an “triológ” úrscéalta a scríobh sé go luath ina dhiaidh sin: Molloy, Malone Dies agus The Unnamable. D’ainneoin é a bheith ina chainteoir Béarla ó dhúchas, roghnaigh Beckett scríobh as Fraincis mar – mar a mhaígh sé féin – b’éasca dó scríobh i bhFraincis “without style.”

Eascraíonn an chuid is mó de cháil choitianta Beckett ón dráma Waiting for Godot. In alt a luaitear go minic, scríobh Vivian Mercier gur éirigh le Beckett “theoretical impossibility” a bhaint amach, “a play in which nothing happens, that yet keeps audiences glued to their seats. What’s more, since the second act is a subtly different reprise of the first, he has written a play in which nothing happens, twice.” (The Irish Times, 18 Feabhra 1956, lch. 6.) Mar aon leis an gcuid is mó dá shaothair tar éis 1947, scríobhadh an dráma i bhFraincis i dtosach faoin teideal En attendant Godot. D’oibrigh Beckett ar an dráma idir Deireadh Fómhair na bliana 1948 agus Eanáir na bliana 1949. Foilsíodh é i 1952 agus léiríodh é den chéad uair i 1953. Tháinig an leagan Béarla ar an bhfód dhá bhliain ní ba dhéanaí. Bhí rath criticiúil, coitianta agus conspóideach ar an dráma i bPáras. D’oscail sé i Londain i 1955 agus bhí léirmheasanna diúltacha aige ar dtús, ach tháinig athrú ar an bport sin nuair a scríobh Harold Hobson in The Sunday Times agus ní ba dhéanaí, Kenneth Tynan, léirmheasanna dearfacha faoi. Níor éirigh leis sna Stáit Aontaithe in Miami, ach d’éirigh go measartha leis i Nua-Eabhrac. Ina dhiaidh sin, bhí an-tóir ar an dráma agus d’éirigh thar cinn le taibhithe sna Stáit Aontaithe agus sa Ghearmáin. Is minic a chuirtear i láthair é fós sa lá atá inniu ann.

Mar a dúradh, faoin am sin bhí Beckett ag scríobh i bhFraincis den chuid is mó. D’aistrigh sé a shaothair ar fad go Béarla é féin, ach chabhraigh Patrick Bowles lena aistriúchán ar Molloy. Le rath Waiting for Godot, d’éirigh le Beckett gairm a bhaint amach dó féin sa téatar. Chum Beckett roinnt drámaí rathúla lánfhada ina dhiaidh sin, lena n-áirítear Endgame (1957), an dráma réamhráite sin Krapp’s Last Tape (cumtha i mBéarla), Happy Days (cumtha i mBéarla chomh maith i 1960), agus Play (1963).

Bronnadh Duais Formentor na bhFoilsitheoirí Idirnáisiúnta ar Beckett i 1961, a roinn sé le Jorge Luis Borges an bhliain sin, mar aitheantas ar a shaothar.

Saol agus saothar déanach[athraigh | edit source]

Bhí athruithe i gceist leis na seascaidí ó thaobh cúrsaí pearsanta agus gairmiúla de. Phós sé Suzanne sa bhliain 1961 i searmanas sibhialta rúnda i Sasana ar chúinsí a bhain le dlí oidhreachta na Fraince den chuid is mó. Fuair sé cuirí teacht chuig cleachtaí agus léirithe ar fud na cruinne mar thoradh ar rath a chuid drámaí agus thosaigh sé ar ghairm nua mar stiúrthóir téatair dá bharr. Fuair sé a chéad choimisiún ón BBC Third Programme sa bhliain 1956 le haghaidh dráma raidió, All That Fall. Lean sé ar aghaidh ag scríobh le haghaidh an raidió go treallach, agus ar deireadh bhí sé ag scríobh le haghaidh scannán agus na teilifíse chomh maith. Thosaigh sé ag scríobh i mBéarla arís freisin, cé gur lean sé air ag scríobh i bhFraincis go dtí deireadh a shaoil.

Tuama Samuel Beckett ag an Cimetière de Montparnasse

Míníonn an t-aisteoir, Cary Elwes, ina dhialann físeáin den scannán The Princess Bride go raibh Beckett ina chónaí in aice le muintir Roussimoff agus go dtugadh sé síob ar scoil do mhac Roussimoff gach lá mar go raibh an buachaill rómhór le dul ar an mbus. Nuair a d’fhás André René Roussimoff aníos, bhí aithne air agus é ina choraí gairmiúil ar ar tugadh André the Giant.

Fuair Beckett amach gur bhuaigh sé Duais Nobel na Litríochta fad is a bhí sé ar shaoire in Tunis le Suzanne i nDeireadh Fómhair na bliana 1969. Thug Suzanne “catastrophe” ar an duais mar gur thuig sí go mbeadh a fear céile, a bhí ina dhuine fíorphríobháideach, faoi uallach an chlú uaidh sin amach. Cé nár thug Beckett mórán agallamh, uaireanta bhuaileadh sé le healaíontóirí, scoláirí agus lucht a leanúna i bhforsheomra óstán PLM St. Jacques i bPáras gar dá theach in Montparnasse.

Cailleadh Suzanne an 17 Iúil 1989. Agus é ina chlochrán i dteaghlach altranais, fuair Beckett bás an 22 Nollaig an bhliain chéanna tar éis dó a bheith thíos le heimfiséime agus, b’fhéidir, galar Parkinson. Cuireadh an bheirt le chéile in Cimetière du Montparnasse i bPáras faoi leac uaighe simplí eibhir amháin, rud a chomhlíon treoir Beckett go mbeadh sé ar dhath ar bith, ach é a bheith liath.

Saothair[athraigh | edit source]

Go ginearálta, féadtar gairmréim Beckett a roinnt ina thrí thréimhse: a luathshaothair, go dtí deireadh an Dara Cogadh Domhanda sa bhliain 1945; a mheántréimhse ón mbliain 1945 go dtí na luathseascaidí, nuair a scríobh sé na saothair is mó clú dá chuid; agus an tréimhse dhéanach, nuair a d’éirigh a shaothair ní ba ghiorra de réir a chéile agus ní b’íosta, ó na luathseascaidí go dtí a bhás i 1989.

Luathshaothair[athraigh | edit source]

Creidtear go forleathan go raibh tionchar mór ag saothar a charad, James Joyce, ar luathshaothair Beckett. Tá cuma thar a bheith léannta orthu agus dealraítear go léiríonn siad léann an údair ar mhaithe leis féin. Feictear roinnt sleachta doiléire iontu dá réir. Tá samplaí den stíl sin le feiceáil ag tús an chnuasaigh ghearrscéalta More Pricks than Kicks (1934):

It was morning and Belacqua was stuck in the first of the canti in the moon. He was so bogged that he could move neither backward nor forward. Blissful Beatrice was there, Dante also, and she explained the spots on the moon to him. She shewed him in the first place where he was at fault, then she put up her own explanation. She had it from God, therefore he could rely on its being accurate in every particular.

Tá an sliocht lom lán de thagairtí do Commedia le Dante Alighieri a chuirfeadh mearbhall ar léitheoirí nach mbeadh eolach ar an saothar sin. Tá tuartha ann freisin, áfach, de shaothair Beckett a tháinig ní ba dheireanaí ina shaol: éighníomhaíocht fhisiciúil charachtar Belacqua; an chaoi a mbíonn an carachtar gafa lena aigne agus lena chuid smaointe féin; agus an greann mí-ómósach san abairt dheireanach.

Feictear na gnéithe céanna in Murphy (1938), an chéad úrscéal de chuid Beckett a foilsíodh. Ar shlí, pléitear téamaí na gealtachta agus na fichille chomh maith – téamaí a tháinig aníos arís is arís eile ina shaothair ina dhiaidh sin. Tá gaoth an éadóchais agus an ghrinn dhuibh – atá le feiceáil i gcuid mhaith de shaothair Beckett – i gcéad abairt an úrscéil. ‘The sun shone, having no alternative, on the nothing new’. Scríobh Beckett Watt nuair a bhí sé i bhfolach in Roussillon le linn an Dara Cogadh Domhanda. Tá na saghas téamaí céanna ann ach níl sé chomh flasach céanna ó thaobh stíle de. Pléitear gluaiseacht an duine amhail is dá mba iomalartú matamaiticiúil í san úrscéal sin chomh maith – gné a thuarann an aird faoi leith a bhí ag Beckett i ngluaiseacht mhionchruinn, a léirítear ina chuid úrscéalta agus drámaí ina dhiaidh sin.

Ba i rith na tréimhse sin freisin a thosaigh Beckett ag scríobh go cruthaitheach i bhFraincis. Ag deireadh na dtríochaidí, scríobh sé roinnt dánta gearra sa teanga úd agus is léir ó fhoclaíocht thearc na ndánta sin go raibh Beckett i mbun a stíl a shimpliú, cé go ndearna sé é sin trí mheán teanga eile. Is léir an t-athrú sin in Watt ina theannta sin, i gcodarsnacht le foclaíocht a chuid dánta Béarla ón tréimhse chéanna a bailíodh in Echo’s Bones and Other Precipitates (1935).

Meántréimhse[athraigh | edit source]

Chloígh Beckett le Fraincis ina chuid scríbhneoireachta tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Tháinig na saothair is marthanaí ó pheann Beckett mar thoradh air sin agus mar thoradh ar an “taibhreamh”, a luadh cheana, a bhí aige i seomra a mháthar i mBaile Átha Cliath – nuair a rith sé leis go mba chóir dá chuid saothair a bheith suibiachtúil agus sainiúil dá dhomhan inmheánach féin.

Chum Beckett ceithre mhórdhráma lánfhada don stáitse le linn na gceithre bliana déag a lean an cogadh:En attendant Godot (scríofa 1948–1949; Waiting for Godot), Fin de partie (1955–1957; Endgame), Krapp’s Last Tape (1958), agus Happy Days (1960). Meastar go minic, bíodh sin ceart nó ná bíodh, go raibh na drámaí sin bainteach le “Theatre of the Absurd” mar a thugtar air. Téann siad i ngleic leis na téamaí céanna is a phléann smaointeoirí eisíocha comhaimseartha trí mheán an ghrinn dhuibh, cé nach féidir Beckett féin a lipéadú mar eisí. Cheap Martin Esslin an téarma “Theatre of the Absurd” i leabhar leis an teideal céanna agus bhí Beckett agus Godot mar lárthéamaí sa leabhar. Mhaígh Esslin gur chomhlíon na drámaí sin coincheap Albert Camus den áiféis, nó “the absurd”. Go minic, déantar Beckett a lipéadú go lochtach mar smaointeoir eisíoch ar an gcúis sin. Cé go bhfuil cosúlachtaí ann ó thaobh cuid mhaith de na téamaí, ní raibh claonadh ag Beckett don eiseachas ar an iomlán.

Go ginearálta, téann na drámaí sin i ngleic le hábhar an éadóchais agus leis an toil chun maireachtála, in ainneoin an éadóchais sin, i gcoinne saoil nach dtuigeann agus, ar ndóigh, nach bhfuil sothuigthe. Déanann focail Nell – duine de bheirt charachtar Endgame atá i ngéibheann in araidí luatha agus a labhraíonn astu scaití – an achoimre is fearr a thabhairt ar théamaí drámaí Beckett ón meántréimhse:

Nothing is funnier than unhappiness, I grant you that. ... Yes, yes, it’s the most comical thing in the world. And we laugh, we laugh, with a will, in the beginning. But it’s always the same thing. Yes, it’s like the funny story we have heard too often, we still find it funny, but we don’t laugh any more.

Bhí sáréachtaí próis de chuid Beckett ón tréimhse sin i bhfoirm na dtrí úrscéal: Molloy (1951), Malone meurt (1951; Malone Dies) agus L’innommable (1953; The Unnamable). Tagraítear do na húrscéalta sin mar “thriológ” uaireanta, cé go bhfuil an nós sin in aghaidh thoil shainiúil an údair. Is féidir stíl agus téamaí aibí Beckett mar a fhorbraíonn siad a rianú sna húrscéalta sin, de réir mar a éiríonn siad níos gonta agus níos loime. Tá gnáth-thréithe úrscéil, ar nós ama, áite, gluaiseachta agus plota, fós le haithint in Molloy cuir i gcás, agus, ar ndóigh, is úrscéal bleachtaireachta é ar bhealach. Cuireann sé gluaiseacht agus plota ar leataobh den chuid is mó in Malone Dies, áfach, cé go bhfuil táscaire éigin fós ann d’áit agus d’imeacht ama. Is i bhfoirm monalóg inmheánach atá “aicsean” an leabhair. Ar deireadh, faightear réidh le gach ciall áite agus ama in The Unnamable agus is cosúil gurb é buntéama an téacs an choimhlint idir mian an ghutha leanúint ar aghaidh ag labhairt ionas go leanfaidh sé ar aghaidh ag maireachtáil, agus an dúil láidir atá aige ciúnas agus éaguimhne a aimsiú. Is mealltach an smaoineamh é macasamhail a dhéanamh den téama agus taithí Beckett agus a thuiscint ar an tionchar a bhí ag an gcogadh ar an domhan. In ainneoin na tuairime coitianta go bhfuil saothar Beckett diúltach go bunúsach, mar a léirítear in úrscéalta na tréimhse sin, is cosúil go bhfaigheann an dúil maireachtála an bua air sin ar deireadh iontu. Féach, mar shampla, líne dheiridh cháiliúil The Unnamable: ‘I can’t go on, I’ll go on’.

Bhí fadhb ag Beckett tar éis na dtrí úrscéal sin aon phíosa fada próis a scríobh, mar is léir ó na scéalta gearra a cuireadh le chéile ina dhiaidh sin in Texts for Nothing. D’éirigh leis ceann de na saothair phróis ba radacaí a chruthú ag deireadh na gcaogaidí, áfach – Comment c’est (1961, How It Is). Cuirtear eachtraí reacaire gan ainm, atá ag snámh tríd an bpuiteach le mála de channaí bia, os ár gcomhair sa saothar sin, agus scríobhadh é i bhfoirm sraith alt gan aon phoncaíocht ar nós stíl teileagraif:

you are there somewhere alive somewhere vast stretch of time then it’s over you are there no more alive no more then again you are there again alive again it wasn’t over an error you begin again all over more or less in the same place or in another as when another image above in the light you come to in hospital in the dark

Thóg sé beagnach deich mbliana eile air ina dhiaidh sin saothar próis neamhdhrámata a chur le chéile, agus meastar go forleathan gur tháinig deireadh le meántréimhse a ghairme mar scríbhneoir le How It Is.

Saothair dhéanacha[athraigh | edit source]

I rith na seascaidí agus na seachtóidí, tháinig forbairt ar an gclaonadh i saothair Beckett – a bhí le feiceáil cheana i gcuid mhaith dá chuid oibre sna caogaidí – i dtreo na fuinteachta agus deirtear, dá réir, gur shaothair íostaigh a bhí á scríobh aige. Is sampla antoisceach é Breath (1969) den chlaonadh sin. Ní mhaireann sé ach 35 soicind agus níl aon charachtair ann (cé gur dócha gur thrácht íorónach a bhí ann ar Oh! Calcutta!, an revue amharclannach a raibh sé ina chuid tosaigh de).

Níl i gcarachtair dhrámaí Beckett sa tréimhse dhéanach ach na buneilimintí, agus ní raibh mórán carachtar sna luathdhrámaí ar aon nós. Tá trí charachtar sa dráma Play (1962) mar shampla, agus iad sáite i síothla móra chomh fada lena muiníl; sa dráma teilifíse Eh Joe – a scríobhadh don aisteoir Jack MacGowran – déanann ceamara fócasú ar aghaidh an phríomhcharachtair de réir a chéile go dtí go mbíonn sé an-ghar d’aghaidh an aisteora; agus níl mórán eile sa dráma Not I (1972) seachas, mar a deir Beckett féin, ‘a moving mouth with the rest of the stage in darkness’. Bhain cuid mhaith de na drámaí déanacha sin, ar nós Krapp’s Last Tape, leis an gcuimhne nó, go sonrach, le seanimeachtaí pianmhara a thabhairt chun cuimhne le linn nua-am socair. Ina theannta sin, chomh minic lena athrach, phléigh na drámaí déanacha sin téama an duine féin agus é i ngéibheann agus faoi imscrúdú, sa mhéad is go dtagann guth ón taobh amuigh isteach in intinn an phríomhcharachtair, ar nós Eh Joe, nó go ndéantar tuairisciú chiúin ar an bpríomhcharachtar ag carachtar eile, ar nós Not I. D’eascair Catastrophe (1982), an dráma is polaitiúla de chuid Beckett, tiomnaithe do Václav Havel, a phléigh téama na deachtóireachta go réasúnta soiléir, ó théamaí dá leithéid. Le linn na tréimhse sin, tháinig athbheochan ar fhilíocht Beckett tar éis tréimhse éighníomhaíochta le roinnt dánta an-ghonta i bhFraincis ar ar tugadh mirlitonnades. Ní raibh i gcuid acu ach sé fhocal. Chuaigh na dánta sin in aghaidh ghnáthghnás prionsabálta Beckett a shaothar féin a aistriú chuig an teanga eile. Rinne roinnt scríbhneoirí, Derek Mahon ina measc, iarracht aistriúcháin a dhéanamh orthu, ach níl sraith chríochnúil Bhéarla díobh foilsithe go fóill.

Cé go raibh Beckett ag scríobh i bhfad níos mó drámaí ná prós le linn na tréimhse déanaí – tá nod ina thaobh i dteideal an chnuasaigh de ghearrthéacsanna próis, Fizzles (1976); rinne Jasper Jones, ealaíontóir Meiriceánach, léaráidí don chnuasach – bhí athbheochan de shaghas éigin aige i 1979 leis an nóibhille Company, a leanadh le Ill Seen Ill Said (1982) agus Worstward Ho (1984), agus a bailíodh níos déanaí in Nohow On. Lean Beckett ar aghaidh ag díriú ar an gcuimhne agus ar thionchar na cuimhne ar an duine féin atá i ngéibheann agus faoi imscrúdú, chomh maith le hionad corp ar an láthair, trí mheán próis na scéalta spáis dúnta nó "closed space" stories mar a thugtar orthu, mar is léir ó thús Company.

A voice comes to one in the dark. Imagine.

To one on his back in the dark. This he can tell by the pressure on his hind parts and by how the dark changes when he shuts his eyes and again when he opens them again. Only a small part of what is said can be verified. As for example when he hears, You are on your back in the dark. Then he must acknowledge the truth of what is said.

Scríobh Beckett a shaothar deiridh, What is the Word (1988), ina leaba sa teaghlach altranais inar chaith sé an chuid deiridh dá shaol, agus tá sé ann chomh maith mar leagan Fraincise, Comment dire.


Oidhreacht[athraigh | edit source]

As na nua-aoisithe go léir a scríobh i mBéarla, thug saothar Beckett an t-ionsaí is leanúnaí ar an traidisiún réalaí. Thionscain seisean, thar aon duine eile, na féidearthachtaí atá ag an drámaíocht agus ag an bhficsean fáil réidh leis an ngnáthphlota agus le haontachtaí spáis agus ama chun díriú ar ghnéithe ríthábhachtacha staid an duine. Tá buíochas as sampla Beckett aitheanta go poiblí ag scríbhneoirí ar nós Václav Havel, John Banville, Aidan Higgins agus Harold Pinter, ach bhí tionchar i bhfad níos leithne ná sin aige ar scríbhneoireacht thrialach ó na caogaidí i leith, is é sin, an ghlúin “Beat” agus faoi mar a tharla sna seascaidí agus ina dhiaidh sin. I gcomhthéacs na hÉireann, bhí tionchar mór aige ar fhilí ar nós John Banville, Derek Mahon, Thomas Kinsella, chomh maith le scríbhneoirí ar nós Trevor Joyce agus Catherine Walsh, a fhógraíonn a dtaobhú leis an traidisiún nua-aoiseach de rogha ar an bpríomhshruth réalaí.

Tá saothair cheoil cruthaithe ag cuid mhaith de mhórchumadóirí an 20ú haois bunaithe ar a chuid saothair, lena n-áirítear Luciano Berio, György Kurtág, Morton Feldman, Pascal Dusapin, Philip Glass agus Heinz Holliger. Ba thionchar é saothar Beckett chomh maith ar chuid mhaith amharcealaíontóirí, lena n-áirítear Bruce Nauman, Alexander Arotin, agus Avigdor Arikha. Bhí Arikha spreagtha ag domhan liteartha Beckett ach chomh maith leis sin, tharraing sé roinnt portráidí de Beckett agus rinne sé léaráidí le haghaidh roinnt dá shaothar.

Tá Beckett i measc na n-údar is mó a phléitear agus is mó a raibh meas air ón bhfichiú haois agus tá tionscal criticiúil spreagtha aige atá beagnach chomh fairsing céanna is atá spreagtha ag James Joyce. Tá tuairimí éagsúla criticiúla ann ina thaobh. Mhol roinnt criticeoirí luathfhealsúnacha é, ar nós Sartre agus Theodor Adorno – Sartre as a thaibhreamh den áiféis agus Adorno as diúltú criticiúil a chuid saothair de shimplíochtaí. Cáineann criticeoirí eile ar nós Georg Lukacs é as an easpa réalachais a bheith meatach nó ‘decadent’.

Láimhseálann eastát Beckett, atá faoi stiúir nia an údair, Edward Beckett, faoi láthair, gach ceart le haghaidh taibhithe a chuid drámaí óna bhfuair sé bás. Tá clú conspóideach ag an eastát as a bheith ag coimeád dlúthsmachta ar an mbealach a chuirtear drámaí Beckett i láthair agus ní bhronnann sé ceadúnais ar léiriúcháin nach gcloíonn go beacht le treoracha stáitse an údair. Sa bhliain 2004, tugadh cead do staraithe, a raibh suim acu i nginealach Beckett, staidéir mhóilíneacha seanchais a dhéanamh ar riansamplaí dá chuid DNA chun eolas cruinn ginealaigh a fháil amach.

Ghlac an grianghrafadóir, John Minihan, cuid de na grianghraif is cáiliúla a bhfuil ann de Beckett idir 1980 agus 1985, agus d’fhás caidreamh chomh dlúth sin eatarthu is go raibh sé ina ghrianghrafadóir oifigiúil dó, go bunúsach. Measann daoine áirithe go bhfuil ceann de na grianghraif sin i measc na dtrí ghrianghraf is fearr ón bhfichiú haois. Is cosúil gurbh é an grianghrafadóir téatair, John Haynes, áfach, a ghlac an íomhá is coitianta de Beckett. Tá sé le feiceáil ar chlúdach bheathaisnéis Knowlson, mar shampla. Glacadh an phortráid sin le linn cleachtaí in Royal Court Theatre i Londain, inar ghlac Haynes grianghraif de mhórán léirithe de shaothar Beckett.

Leabharliosta roghnaithe[athraigh | edit source]

Saothair dhrámata[athraigh | edit source]

Téatar

Raidió


Teilifís

Cineama Film (1965)

Prós[athraigh | edit source]

Úrscéalta

Nóibhillí

Scéalta

Neamhfhicsean

Filíocht[athraigh | edit source]

  • Whoroscope (1930)
  • Echo's Bones and other Precipitates (1935)
  • Collected Poems in English (1961)
  • Collected Poems in English and French (1977)
  • What is the Word (1989)

Aistriúcháin[athraigh | edit source]

  • Anna Livia Plurabelle (James Joyce, aistriúchán go Fraincis ag Beckett agus daoine eile) (1931)
  • Negro: an Anthology (Nancy Cunard, eag.) (1934)
  • Anthology of Mexican Poems (Octavio Paz, eag.) (1958)
  • The Old Tune (Robert Pinget) (1963)
  • What Is Surrealism?: Selected Essays (André Breton) (roinnt píosaí gearra sa chnuasach)

Foinsí[athraigh | edit source]

I gCló[athraigh | edit source]

Príomhfhoinsí[athraigh | edit source]

  • Beckett, Samuel. Collected Poems in English and French. Nua-Eabhrac: Grove Press, 1977.
  • Endgame and Act Without Words. Nua-Eabhrac: Grove Press, 1958.
  • How It Is. Nua-Eabhrac: Grove Press, 1964.
  • More Pricks than Kicks. Nua-Eabhrac: Grove Press, 1972.
  • Murphy. Nua-Eabhrac: Grove Press, 1957.
  • Nohow On: Company, Ill Seen Ill Said, Worstward Ho. Eag. S.E. Gontarski. Nua-Eabhrac: Grove Press, 1996.
  • Three Novels: Molloy, Malone Dies, The Unnamable. Nua-Eabhrac: Grove Press, 1995.
  • Waiting for Godot: A Tragicomedy in Two Acts. Nua-Eabhrac: Grove Press, 1954.