Dún Laoghaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cuan Dhún Laoghaire.

Trá-bhaile atá suite i ndeisceart Chontae Átha Cliath, Éire is ea é Dún Laoghaire. Baile contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin atá ann, agus é suite timpeall dhá chiliméadar déag ó dheas ón chathair. Is port mór é Dún Laoghaire chomh maith le haghaidh na Breataine Móire.

B'é Kingstown an t-ainm a bhí air idir 1821 agus 1921. Síolraíonn ainm nua-aimseartha an bhaile ó Lóegaire mac Néill, mac le Niall Noígíallach a bhí ina Ard-Rí na hÉireann sa chúigiú haois. Thóg seisean dún ar an mbaile, mar bhunáit cois cósta chun ruathair a dhéanamh ar an Bhreatain agus ar an Ghaill.