Lusca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilLusca

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°31′34″N 6°10′01″W / 53.526°N 6.167°W / 53.526; -6.167
Stát ceannasachÉire
Contae riaracháin áitiúilFine Gall Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde25 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie16994

Baineann an t-alt seo leis an sráidbhaile i mBaile Átha Cliath. Má tá spéis agat sa seomra faoi thalamh, féach Uaimh (foirgneamh).

Sráidbhaile i dtuaisceart Átha Cliath is ea Lusca.[1] Tá sé suite 23km ó lár Bhaile Átha Cliath. Is cuid de Chontae Fhine Gall é freisin. Dar le daonáireamh 2016, bhí 7,786 duine ina gcónaí ann.

Séipéal agus cloigtheach Lusca, 7 Bealtaine 2001.

Cosúil le sráidbhailte eile timpeall Bhaile Átha Cliath, tá daonra Lusca ag fás agus brú ag teacht air de dheasca praghsanna tithíochta sa chathair.

Tá Ionad Oidhreachta faoi stiúir Oifig na nOibreacha Poiblí lonnaithe sa tsráidbhaile. Tá túr cruinn ón 9ú haois, cloigtheach meánaoiseach agus seanséipéal ón 19ú haois ann. Sa chloigtheach tá taispeántas faoi sheipéil na meánaoise i dtuaisceart Chontae Átha Cliath. Tá samhail-uaigh Sir Christopher Barnwell agus a mhná chéile Marion Sharl ansin freisin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Lusca/Lusk | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.