Stigh Lorgan
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
| Stigh Lorgan | |
|---|---|
| Léarscáil | |
|
WGS-84 (Comhordanáidí GPS)
53.289283° N 6.200151° W Comhordanáidí Eangach Náisiúnta na hÉireann O195287 |
|
| Daonra (2006) | 15,894 |
| Airde: | 73m[1] |
| Contae: | Contae Bhaile Átha Cliath |
| Cúige: | Laighin |
Is bruachbhaile i ndeisceart Bhaile Átha Cliath é Stigh Lorgan nó Stigh Lorcáin (Ghlactaí leis na leaganacha Tigh Lorcáin agus Teach Lorcáin san am atá caite ). Tá sé suite i limistéar Chontae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Tá an club de chuid Chumann Lúthchleas Gael, Cill Mochuda na Crócaigh suite i Stigh Lorgan. Bunaíodh an chéad ionad siopadóireachta in Éirinn i Stigh Lorgan i 1966. Is é Coláiste Benildus an scoil is mó sa cheantar.
