Domhnach Broc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Domhnach Broc
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Dublin Magnified.png
Daonra (2006)
Airde:
Contae: Contae Bhaile Átha Cliath
Cúige: Laighin

Is ceantar cathrach é Domhnach Broc (Donnybrook as Béarla) atá suite i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, príomhchathair na hÉireann. Tá an ceantar suite i gceantar poist Bhaile Átha Cliath a Ceathair, agus is minic a thugtar le fios go bhfuil "meon BhÁC 4" - scothaicmeachas agus Gallbhá - láidir i nDomhnach Broc. Mar sin, tugann Gaeilgeoirí áirithe Domhnach Brocach ar an áit uaireanta.

Tá ceanncheathrúna a lán eagraíochtaí éagsúla lonnaithe i nDomhnach Broc, ar nós Raidió Telefís Éireann (RTÉ), chomh maith le ceanncheathrú rugbaí Chúige Laighean. Tá príomhoifigí Chumann Rugbaí na hÉireann ag obair os comhair an staidiam i nDomhnach Broc, agus foireann rugbaí Laighean ag imirt a gcluichí baile sa staidiam.

Stair[athraigh | edit source]

Ciallaíonn Domhnach Broc Cill Naomh Broc. Bean de sheachtar iníonacha Dhallbhronaigh ó Chontae na Mí ab ea Broc. Deirtear gur bhunaigh Broc clochar ar bhruach na Dothra san ochtú haois, agus tá stáisiún na nGardaí agus reilig suite ansin anois.

Sráid i nDomhnach Broc

I ngnáthchaint an Bhéarla, baintear úsáid as leagan Béarla an logainm, Donnybrook, le tagairt do chíréibí is do scliúchais. Creidtear gurbh é aonach Dhomhnach Broc is bunús don fhocal seo. Bhí aonach aithnidiúil i nDomhnach Broc ón meánaois i leith, ach má bhí, chuala an saol mór iomrá ar an meisceoireacht a bhain leis an aonach agus ar an mbruíonachas is ar an mbrilsce a tháinig sna sálaí ag an meisce. Bhí an foréigean chomh dona is gur éiligh an Eaglais Chaitliceach cosc a chur leis an aonach, agus sa bhliain 1855, tháinig deireadh leis. Níl de chuimhne ar an aonach inniu ach ainm an ollmhargaidh úd Donnybrook Fair.

Áitritheoirí Cáiliúla[athraigh | edit source]

Scríbhneoirí[athraigh | edit source]

Daoine eile[athraigh | edit source]