Ráth Maonais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceann de bhruachbhailte Bhaile Átha Cliath é Ráth Maonais (Béarla: Rathmines), ar thaobh theas na cathrach, timpeall ar thrí chiliméadar ó lár na cathrach. Is í an Chanáil Mhór is tús dó, agus é ag síneadh amach go Ráth Gharbh sa deisceart, Crois Araild san iarthar agus Raghnallach san oirthear.

Is tagairt é an logainm ráth don struchtúr daingnithe a bhí, is dócha, ar an chéad áitreabh sa cheantar, cosúil leis na ceantair ina thimpeall. Is dócha gur thosaigh sé mar áit tráchtála de chuid na Normannach sa 12ú aois, tar éis an ionartha san aois sin. Logainmneacha den chineál céanna iad Ráth Gharbh agus Ráth Fearnáin.

Téann stair fada Ráth Maonais siar go dtí an 14ú haois. San am seo, is é an t-ainm a bhí ar an gceantar eaglasta ar chuid de Ráth Maonais agus a thimpeallacht ná Cuallu nó Cuallan. Léirítear an t-ainm seo sa cheantair gar dó, Coill Chuallain. Luaitear Cuallu sa iniúchtaí áitiúla ó 1326 mar cuid an fheirm Naomh Sepulchair. Tá méid fianaise ann chónaithe bunaithe timpeall rath chomh luath mar 1350.

Níos déanaí na sin, bhí bruachbaile faiseanta Bhaile Átha Cliatha é, ag mealladh na daoine móra ag lorg tearmann ón chaoi chónaí bocht sa chathair, ó meán-19ú aois. Tá Rath Maonais ar suíomh le radharc ar an gcathair, agus is bealach é chuig na sléibhte. Is sainghné an cheantair a phríomhsráid fhada, ó drochid an canála go dtí an Halla an Bhaile, agus thar go dtí Rath Ghearr agus Dartraí. Is é Rath Maonais an ceantar cathrach láithreach an iardeisceart Bhaile Átha Cliath, ó Chamaí go Domhnach Broc, agus tá nascanna maith iompar poiblí ann.

Tá gníomhíocht tráchtála agus cathartha láidir ag Ráth Maonais, agus tá aithne air ar fud na hÉireann mar ceantar lóistín saor le haghaidh mic léinn agus státseribhisigh ag teacht chuig an cathrach ó na tríochaidí go dtí inniú. Sna blianta beaga anuas, tá a chuid tithíocht eirithe níos leathain, agus tá feabhas curtha ar iomarca tithe de réir an saibhreas le déanaí. In ainneoin é sin, is ceantar ilghnéitheach é Ráth Maonais, agus bhí sé i gcónaí suíomh an lucht inimrce agus mionghrúpaí dúchasaigh.

I dtús, bhí Ráth Maonais mar cuid an Bharúntacht Uppercross, ceann de na barúntachta i dtimpeall Baile Átha Cliath, a bhí ina chathair baillte. Is dócha go bhfuil an cáill stáiriúl is mó ar Ráth Maonais ná cath fuilteach a bhí ann i 1649, i rith an Concas Chromaill, nuair a fuair 5,000 daoine bás. Tharla Cath Ráth Maonais ar an 2 Lúnasa 1649, agus mar an cath, buadh ar na forsaí Ríogaíoch in Éirinn go luath ina dhiadh. Rinneadh comparáid, maidir len thábhachtacht pholaitiúil, idir an cath seo agus Cath Naseby i Sasana.