Cluain Tarbh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCluain Tarbh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°21′54″N 6°12′36″W / 53.365°N 6.21°W / 53.365; -6.21
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iar-eintiteas críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath
BaileBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1411658

Is bruachbhaile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath in Éirinn í Cluain Tarbh,[1] sa phostcód Baile Átha Cliath 3. Seasann Cluain Tarbh ar an gcósta ag Cuan Bhaile Átha Cliath, i ngar do Fhionnradharc, Mhuiríne, Chill Easra, Árd Aidhin agus Ráth Eanaigh. Ós rud é go bhfuil sé suite ar bhruach na mara, ní lár baile ceart ann ach bóthar a ritheann síos an gcósta le tithe, comhlachtaí agus siopaí suite air.

Troideadh cath cinniúnach i stair na hÉireann sa cheantar i 1014, cath inár maraíodh Árdrí na hÉireann, Brian Bóramha.

Iompair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Cluain Tarbh suite cúpla míle taobh thuaidh de Chathair Bhaile Átha Cliath, agus tá stáisiún de chuid an DART ar Bhóthar Chluain Tarbh. Cuireann Bus Átha Cliath seirbhís díreach ar fáil anonn is anall ó Mhéansráid na Mainistreach i lár na cathrach go dtí Ascaill an Chaisleáin, bus uimhir 130. Freastalaíonn na busanna 29A, 31 agus 32 ar an chuid den cheantar níos faide intíre timpeall Bhóthar Bhinn Éadair. Tá garáiste de chuid Bhus Átha Cliath suite ar Bhóthar Chluain chomh maith, gar don droichead chuig Cnocán Doirinne.

Spóirt agus caitheamh aimsire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iomaí club spóirt atá gníomhach sa cheantar, idir na gcluichí Gaelacha, rugbaí, galf, cruicéad, seoltóireacht agus iliomad eile.

Tá cumann de chuid an Chumann Lúthchleas Gael, a eagraíonn cluichí peile, iomána agus camógaíochta ag gach aois. Níl craobh Átha Cliath bainte ag na bpeileadóirí sinsir riamh, ach tá geansaí na foirne idirchontae caite ag roinnt imreoirí.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]