Tamhlacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tamhlacht
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Dublin Magnified.png
Daonra (2006) 92,300
Airde: 90m
Contae: Contae Bhaile Átha Cliath
Cúige: Laighin

Is baile mór é Tamhlacht i gContae Átha Cliath Theas, agus é ar an tríú baile mór is mó i bPoblacht na hÉireann tar éis Baile Átha Cliath agus Corcaigh. Roimh an mbliain 1970, ní raibh ach cúpla chéad duine ina gcónaí ann, agus ba é an dearcadh a bhí ag muintir chathair Bhaile Átha Cliath gur ceantar tuaithe a bhí ann. D'imigh sin agus tháinig seo, áfach, nó tógadh a lán tithe ann le linn na seachtóidí agus d'fhás an baile go tapaidh ó shin amach.

Club Peile agus Iománaíochta Thomáis Dáibhís ar na clubanna is sine i dTamhlacht.

Clár ábhair

[athraigh] Sanasaíocht

Tagann an logainm Tamhlacht ó na focail támh (plá) agus leacht (láthair adhlactha). Is é i gcuntas Pharthalon in Annála na gCeithre Máistrí a fheictear an chéad trácht ar an logainm . Deirtear go raibh Parthalon ar dhuine dena chéad ionróirí ar tháinig go hÉirinn agus go bhfuair 9000 dá lucht leanúna (Parthalon san áireamh) bás mar thoradh ar phlá. Tugadh "Taimleach Muintire Parthalon" ar an gceantar inar cuireadh iad ó shin i leith. In ainneoin na bhfinscéalta áfach, níl fianaise le holladhlacadh faighte i dTamhlacht go fóill.

Ainmneacha Stairiúla den Cheantar (le foinsí)

  • Taimhleacht Muintire Parthaloin (ar Sean Mhagh Ealta Edair) – AM2820?,
  • Tamlactense (Monasterium) -769?,
  • Tamlact – 769?,
  • Taulaght (Lawrance de) – 1190,
  • Tamelag (royal grant - Bailiffs) – 1310,
  • Talaute (An tArdeaspag William Rokeby) – 1514,
  • Tallaght (An tArdeaspag George Brown) – 1535,
  • Talaught (Edward Basnet, Déan St. Patricks) – 1547,
  • Tavelaght (An Biocáire Simon Water) – 1548,
  • Tawlaght (Pardon to George Brown, Ardeaspag agus eile) – 1550,
  • Tallogh (Petty’s map of County Dublin) – 1685,
  • Tallaugh (an tArdeaspag William King,) – 1708,
  • Tallow (Rev. Mr. Jones, Minister) – 1740,
  • Tallaght (Tuairisc eaglasta) – 1807,
  • Tamhlacht (an logainm Nua-Ghaeilge),

[athraigh] An Ghaelscolaíocht i dTamhlacht

Chaith Caitlín Maude tamall maith ina cónaí i dTamhlacht, agus ghlac sí páirt san fheachtas leis an gcéad Ghaelscoil a bhunú sa cheantar - Scoil Santain. Tháinig an scoil seo ar an bhfód sa bhliain 1979. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, fuair Caitlín Maude bás. Sa bhliain 1985, bunaíodh Gaelscoil nua i dTamhlacht a fuair ainm an fhile - Scoil Chaitlín Maude.

[athraigh] Stair an bhaile

  • 769 Bunaíodh Mainistir Naomh Maelruain
  • 792 Bás Naomh Maelruain
  • 811 Scrios na Lochlannaigh Mainistir Naomh Maelruain
  • 1179 Tógadh Tamhlacht agus an ceantar máguaird isteach faoi Chathaoir Easpaig Bhaile Átha Cliath.
  • 1310 Ghlac an rialtas le muintir Thamhlachta fál a chuir timpeall an bhaile
  • 1324 Cuireadh tús le tógáil Chaisleán Thamhlachta.
  • 1331/2 Scrios Ó Tuathail Caisleán Thamhlachta.
  • 1378 Tháinig Maitiú Mac Réamann De Bermingham go Tamhlacht le cur i gcoinne Chlann Uí Bhriain.
  • 1540 D'ionsaigh na Tuathalaigh an ceantar agus scrios siad Caisleán Thamhlachta agus na mainéir ina thimpeall.
  • 1635 Tógadh Teach an tSean Bhádún.
  • 1729 Leagadh Caisleáin Thamhlachta.
  • 1729 Thóg an tArdeaspag Hoadley Pálás an Ardeaspaig.
  • 1822 Leag Maor Palmer Pálás an Ardeaspaig agus thóg sé Teach Thamhlachta amach.
  • 1829 Tógadh Paróiste Protastúnach ann.
  • 1856 Díoladh Teach Thamhlachta don Ord Doiminiceach.
  • 1864 Tógadh Séipéal Naomh Mhuire.
  • 1867 Cogadh Thamhlachta.
  • 1883 Tógadh séipéal nua sa bhaile.
  • 1888 Cuireadh tús le seirbhís tram ó Bhaile Átha Cliath go Baile Coimín, ag dul tríd Sráidbhaile Thamhlachta agus bunaíodh CLG Tomás Dáibhís sa bhaile .
  • 1987 Rinne Alan Dukes cuir síos ar an Stráitéis Thamhlachta i dTamhlacht.
  • 1990 Osclaíodh an lárionad siopadóireachta An Chearnóg.
  • 1992 Osclaíodh Institiúd Teicneolaíchta Tamhlachta, coláiste tríú leibhéal.
  • 1994 Cruthaíodh Comhairle Contae Átha Cliath Theas le ceanncheathrú i dTamhlacht.
  • 1995 Tógadh Amharclann Thamhlachta i gCill na Manach, Tamhlacht.
  • 1999 D'oscail an Amharclann Chathartha in aice le ceanncheathrú Chomhairle Chontae Átha Cliath Theas i dTamhlacht.
  • 2004 Cuireadh tús leis an Líne Dearg don LUAS ó Tamhlacht go lár chathair Bhaile Átha Cliath.

[athraigh] Daoine cáiliúla


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile