An Caisleán Nua (Baile Átha Cliath)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Caisleán Nua

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°18′N 6°30′W / 53.3°N 6.5°W / 53.3; -6.5
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie130138

Is ceantar i ndeisceart Bhaile Átha Cliath é An Caisleán Nua[1] (Béarla: Newcastle).


Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cosúil gur thosaigh sráidbhaile an Chaisleáin Nua Liamhna mar shuíomh séipéil Luath-Chríostaí. Tá cur síos ar limistéar shráidbhaile an lae inniu chomh maith lena chúlchríoch i Leabhar na gCeart ón 12ú céad mar mhaoin de chuid Ioruaigh Bhaile Átha Cliath, nó na Lochlannaigh. Tar éis theacht na n-Angla-Normannach thóg siad an móta, caisleán cré comhdhéanta de dhumha ar a raibh barr cothrom, agus struchtúr adhmaid de chineál éigin. Is é an móta seo an struchtúr lonnaíochta is sine atá ar marthain sa sráidbhaile. Ó shin leith cuireadh an t-ainm an Caisleán Nua, leis an ainm traidisiúnta Gaelach Liamhain nó Lymerhin agus is é Lyons an leagan truaillithe den ainm sin. Feictear an t-ainm i gcáipéisí meánaoiseacha mar Novum Castrum De Luan.

Sa bhliain 1215 ghlac na Sasanaigh seilbh ar an talamh timpeall ar an gCaisleán Nua agus bhunaigh siad mainéar ríogach ar an suíomh seo in éineacht le Cromghlinn, An Eiscir agus Teach Sagard. Tógadh an chéad séipéal sa mhainéar, a bhí mar shéipéal an pharóiste ina dhiaidh sin, in aice an mhóta. Tógadh an séipéal atá anois ann ina áit go deireanach sa 14ú céad nó go luath sa 15ú céad. Tá túr cónaithe don sagart buailte leis. Cuireadh an fhuinneog ornáideach ar an taobh thoir den séipéal leis go deireanach sa 15ú céad. San 18ú céad tógadh Teach Gléibe breá in aice an tséipéil atá fós ann lena chuid talún féin timpeall air.

Tríd an tréimhse mheánaoiseach bhí an mainéar i gcónaí i mbaol ionsaithe ó na hÉireannaigh a bhí ag scriosadh amach óna mbunáiteanna sléibhe. Chun misneach morálta a chruthú bhronn an choróin stádas buirge ar an gCaisleán Nua, cé nach raibh ann ach sráidbhaile. Faoi dheireadh an 14ú céad tógadh sé thúrtheach dhaingnithe. Is é an túr atá greannaithe leis an séipéal an t-aon cheann atá fós ina sheasamh ina iomláine. Bhí dhá thúrtheach sa ghort ós comhair shéipéal Eaglais na hÉireann tráth. Thart ar 300 méadar siar ó dheas ón séipéal tiocfar ar fhothracha túrthí eile in aice an bhóthair.

Sa bhliain 1613 ardaíodh stádas an Chaisleáin Nua go dtí buirg pharlaiminteach le 12 bhuirgéiseach saor aici. Chuir an bhuirg beirt chomhalta go parlaimint na hÉireann, an méid céanna agus a bhí ag Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath agus ag Cathair Bhaile Átha Cliath, go dtí go mbaineadh an ceart sin di ag an Aontas sa bhliain 1800. Ó shin i leith tháinig meath ar an sráidbhaile go dtí gur tógadh an Séipéal Caitliceach sa bhliain 1813, rud a chruthaigh fócas nua don áit.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]