Beaumont

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Bruachbhaile i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath is ea Beaumont, agus é suite i bpostcheantar Bhaile Átha Cliath a 9. Ar dtús, ba chuid de bhaile fearainn na Cúlóige é. Ainm Fraincise é Beaumont a chiallaíonn "sliabh álainn". B'as an áit seo do mhuintir Mhig Aonghusa ó thús. Tá ceann de na hospidéil is mó sa chathair, Ospidéal Beaumont, suite anseo, chomh maith lena lán tithe tábhairne agus teach téarnaimh de chuid Shiúracha na Trócaire.