Cill Bharróg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCill Bharróg

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°23′N 6°09′W / 53.38°N 6.15°W / 53.38; -6.15
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iar-eintiteas críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath
Údarás áitiúilComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde10 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1411661

Is bruachbhaile beag i dtuaisceart Contae Baile Átha Cliath í Cill Bharróg.[1] Is paróiste sibhialta í, a bhfuil mar bhaill de bharúntacht stairiúil na cúlóige. Sa lá atá inniu ann, tá Cill Bharróg faoi dhlínse Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Cill Bharróg suite cúpla míle taobh thuaidh de Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá píosa beag de Chill Bharróg suite ar an gcósta Cuan Bhaile Átha Cliath. Tá Cill Bharróg ag roinnt teorainn le Cúlóig, Cois Bá, Ráth Eanaigh agus Cluain Tarbh. Tá sé mar bhaill de dháilcheantar cuan Bhaile Átha Cliath thuaidh.[2]

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a lán áiseanna iompair ag Cill Bharróg, ar nós Bus Átha Cliath agus an DART.[3] Tá líon mór bealach bus ann. Tá an 17A ag dul go dtí Baile Bhlainséir ó CLG Naomh Barróg[4] tá an 31a, 31, 31b, 32 ag dul tríd Cill Bharróg go dtí lár na cathrach, ag tosú ag áiteanna difriúla timpeall an chontae, ar nós Mullach íde agus Port Mearnóg. Tá an 31d ann freisin, a thosaíonn i mBaile Dúil agus a théann tríd Cill Bharróg go dtí Campas Glas naíon Ollscoil cathair Baile Átha Cliath. I rith na hoíche bíonn an bus 31N ag rith, a mbíonn i bhfeidhm gach deireadh seachtaine ó 12 a chlog san oíche go dtí 6 a chlog sa maidin.

Stáisiún DART Cill Bharróg

Tá stáisiún DART ag Cill Bharróg. Tá cúpla bealach difriúil a théann tríd stáisiún Cill Bharróg. Tá an stáisiún suite idir stáisiún uí Conghaile agus stáisiún Mullach Íde nó Binn Éadair. Is ea an bealach is mó a bhfuil ann ná an DART agus an iomalairt tuaisceart.[5] Sa bhliain 2017 fuarthas réidh le haon fhostaí ag stáisiún Cill Bharróg.[6]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá stair fhada ag Cill Bharróg, le trácht air ag dul siar le céadta blianta ó shin. Tá trácht ag Cill bharróg sa bhliain 1185 [7] Tá lámhscríbhinní ann ón bhliain 1837 a raibh ag ainmniú Cill Bharróg mar bhiocáireacht sa Deoise Baile Átha Cliath, a raibh mar bhaill d'aontas le Binn Éadair, sean bhaile i mBaile Átha Cliath a bhfuil tagairt ann ón bhliain 819.[8] Sa lá atá inniu ann, tá cill bharróg gearrtha ina dhá chuid, leis an líne DART ag rith tríd an lár de Chill Bharróg.

Áiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Páirceanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí áit súgartha nua curtha i gCill Bharróg sa bhliain 2019 tar éis beagnach 20 bliain.[9] Tá sé lonnaithe taobh le páirc imeartha an club peile Cill bharróg, a bhfuil 2 nóiméad súil ón stáisiún DART.

Tá páirc eile suite ar an taobh eile de Chill Bharróg, in aice le scoil Naomh Beinidict. Is páirc bheag a bhfuil ann, a bhfuil ansin i gcomhar le daoine chun siúl tríd.

Áiseanna cathartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ionad intreo ann i gCill Bharróg, a bhfuil taobh le hionad siopadóireacht "Greendale". Bíonn an t-ionad seo ag cabhair le gnóthaí fostaíochta agus coimirce sóisialaí.[10]

Bhí oifig ann a raibh ag cabhair le gnóthaí tithíocht agus pobal ach bog na fostaí go léir san oifig sin go dtí oifig i Cúlóig.[11]

Clubanna óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá chlub óige ann i gCill Bharróg, an dá cheann ar dhá thaobh an stáisiún DART.

Tá club óige amháin darbh ainm "youth matters" i gcomhar daoine óige ón aois 8 go dtí 18. Tá na paistí ann rangaithe mar "i mbaol" agus bíonn an club óige ag cabhair le timpeall 140 duine óige[12] Bíonn roinnt eachtraí ar siúl acu, ar nós ranganna cócaireachta agus ealaíona.

Tá club eile darbh ainm an "kilbarrack youth project" nó "KYP" a bhfuil i gcomhair páistí ó 5 go dtí daoine fásta timpeall 24[13]. Bíonn ranganna chun scileanna a fheabhsú ar siúil acu agus ranganna eolais drugaí ar siúil acu freisin.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cúpla scoil difriúla i gCill Bharróg. I gcásanna bunscoile, tá cúig cinn suite ann. Tá Scoil Eoin, scoil educate together an bá thuadh agus scoil abacas, a bhfuil i gcomhair paistí ina bhfuil riachtanais speisialta acu, Tá scoil naomh Beinidict ann taobh le hionad siopadóireachta Cill Bharróg. Tá an bhunscoil deireanach bunscoil lán Gaeilge darbh ainm Gaelscoil míde.[14]

Tá coláiste amháin i gCill Bharróg, Coláiste Dhulaigh, díreach in aice leis an stáisiún DART. Tá a lán cúrsa difriúla do mhic léinn ann, ar nós ríomhaireacht nó innealtóireacht.

Spóirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an cháil ar na clubanna spóirt a bhfuil ag Cill Bharróg. Tá trí chineál clubanna spóirt ann i gCill bharróg. Tá club dornálaíocht, club peil Ghaelach agus club sacair.

Is ea ainm an club peil Ghaelach Naomh Barróg.[15] Is club peil Ghaelach é i gcomhair daoine de gach aois. Tá sé suite taobh le stáisiún DART Ghabhal Bhinn Éadair agus Dhomhnach Míde, stáisiún réasúnta mór.

Tá club dornálaíocht ann freisin darbh ainm "bay city". Is club beag é ach le cúpla dornálaí óige a raibh an bua acu i gcúpla comórtas Eorpach.

Tá club sacair ann darbh ainm "Kilbarrack United". Bhí sé bunaithe sa bhliain 1970 nuair a bhí foireann paistí agus foireann shinsearach ag imirt.[16]

Siopadóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá píosa beag siopadóireacht ann i gCill Bharróg. Tá dhá ionad siopadóireachta ann, ar thaobhanna difriúla don líne DART.

Tá ionad siopadóireachta amháin suite taobh leis an stáisiún DART. San ionad siopadóireachta sin tá "tesco" ann agus cúpla siopa beaga eile ar nós "ladbrokes" agus "More4less".

Tá an t-ionad siopadóireachta eile taobh leis clubtheach an club peile. Tá "Centra" mór ann, le siopa Naomh Uinseann de Pól.

Reiligiún[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá shéipéal ann, agus tá an dá cheann i gcomhair Críostaí. Tá an paróiste le haghaidh John the evangelist ar thaobh amháin don líne DART i gCill Bharróg, an taobh leis an chlubtheach foireann peile.[17]

Tá an paróiste eile ar an taobh eile don líne DART agus Tá an paróiste sin ainmnithe in onóir do naomh Beinidict. Bíonn aifreann ar siúl gach lá sa tseachtain ag a deich a chlog ar maidin agus seacht a chlog san oíche.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cill Bharróg/Kilbarrack | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-24.
  2. "Search results for Kilbarrack, County Dublin, Ireland" (en). Who is my TD?. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-09. Dáta rochtana: 2019-12-02.
  3. Bob Ayres (2003). "Irish Railways". Dáta rochtana: 02-12-2019.
  4. "Transport For Ireland - Go-Ahead Ireland Routes 17a, 33a, 33b and 102 (commenced December 2nd 2018)" (en-US). Transport for Ireland. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-03. Dáta rochtana: 2019-12-02.
  5. Irish Rail. "DART and Commuter Services" (en). Irish Rail. Dáta rochtana: 2019-12-02.
  6. Cónal Thomas. "Irish Rail presses ahead with staffless Dart stations despite local opposition" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2019-12-02.
  7. "Cill Bharróg/Kilbarrack - trácht ceartlainne" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2019-12-02.
  8. Neil Jackman. "The king in 'high spirits' who arrived to Ireland stuffed with goose pie and Irish whiskey" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2019-12-02.
  9. Darragh Berry (2019-10-01). "Dublin family area finally gets children's playground after 20 years of promises". dublinlive. Dáta rochtana: 2019-12-02.
  10. "Intreo Centre Kilbarrack". www.welfare.ie. Dáta rochtana: 2019-12-02.
  11. "Offices and Services in the North Central Area | Dublin City Council". www.dublincity.ie. Dáta rochtana: 2019-12-02.
  12. "Youth Matters - Kilbarrack - Dublin North East Drugs Task Force". www.dnetaskforce.ie. Dáta rochtana: 2019-12-02.
  13. "Kilbarrack Youth Project on Dublin CYPSC Directory" (en). Dublin CYPSC Directory. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-03. Dáta rochtana: 2019-12-02.
  14. "Primary Dublin 5 Local schools - SchoolDays.ie". www.schooldays.ie. Dáta rochtana: 2019-12-03.
  15. "Naomh Barrog GAA - Official Website". www.naomhbarrog.com. Dáta rochtana: 2019-12-03.
  16. "Club History" (en-US). Kilbarrack United FC (2018-08-23). Dáta rochtana: 2019-12-03.
  17. "Home". www.kilbarrackfoxfieldparish.ie. Dáta rochtana: 2019-12-03.