Crann Phapáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Baile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath é Crann Phapáin (Béarla: Poppintree ) agus é suite gar do Bhaile Munna, Fionnghlas agus Glas Naíon. Comharsanacht bheag atá ann le fírinne, agus cuimsítear mar chuid de Bhaile Munna é uaireanta. Is ann atá an brainse Éireannach d'IKEA lonnaithe, an chéad cheann riamh i bPoblacht na hÉireann.