Na Sceirí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilNa Sceirí

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°34′58″N 6°06′30″W / 53.5828°N 6.1083°W / 53.5828; -6.1083
Stát ceannasachÉire
Contae riaracháin áitiúilFine Gall Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde5 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie127107

na Sceirí[1] suite ar an gcósta i bhFine Gall i dtuaisceart Contae Bhaile Átha Cliath. Tá na Scéirí i mbarúntacht Bhaile an Ridire Thoir.[2] Is baile uirbeach comaitéireachta é Na Sceirí. Tá 10,043 duine ina gcónaí sa bhaile seo de réir an daonáirimh is déanaí in 2016.[3]


Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Téann stair na Sceirí siar i bhfad. Tá an chéad tagairt don bhaile ar fáil in Annála Inis Faithlinn. San fhoinse seo, léirítear an nasc idir Naomh Pádraig agus Na Sceirí. Ar cheann dé na hoileáin atá suite ar imeall an chósta, bhunaigh Naomh Pádraig mainistir ar an oileán. Ní hé seo an nasc amháin idir Na Sceirí agus Naomh Pádraig. Nuair a bhog Naomh Pádraig go dtí an ceantar, bhí gabhar mar chomhluadar dó. Rinne Naomh Pádraig iarracht na daoine áitiúla a iompú go Críostaíocht toisc go raibh na daoine ina bpágánach. Nuair bhí Naomh Pádraig ag triail na daoine a iompú chun na Críostaíochta, ghoid an pobal an gabhar agus d’ith siad é. Nuair a chuaigh Naomh Pádraig ar ais go dtí an t-oileán, thug Pádraig faoi dheara go raibh an gabhar imithe. D’fhill sé ar ais go dtí an baile. Deirtear gur léim sé ón oileán. Nuair a chuir Naomh Pádraig ceisteanna ar dhaoine faoin ghabhar, tharla rud aisteach. Rinne an pobal áitiúil iarrachtaí bréaga a rá do Phádraig ach ní raibh siad in ann ach a bheith ag éagaoineadh agus torann gabhair a thabhairt ar ais do Phádraig. Nuair a bhí siad réidh le hadmháil gur goid agus gur ith siad an gabhar, tháinig an caint ar ais chucu.[4]

Sa bhliain 1145 bhí sionad ar oileán Naomh Pádraig. Bhí ceannairí reiligiúnacha ag iarraidh teacht ar réiteach chun todhchaí deoise na hÉireann a shocrú. Tháinig easpaig na hÉireann le chéile ar an Oileán.[5]

Réabhlóid na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghlac Na Scéirí ról beag i réabhlóid na hÉireann. Le linn an éirí amach na casca, Tháinig dhá chéad saighdiuriú na Breataine ón ‘North Staffordshire regiment ’ i dtír Na Scéirí agus cuirtear an baile faoi chuirfiú.[6] Le linn an cogadh na Saoirse, bhí dhá eachtraí suntasach. I 1919, fuair Vol. Terrence Sherlock bás. Bhí sé in a bhall de óglaigh na hÉireann.  Ar an Oíche an 27ú lá de mhí mheán fomhair, thogadh Sherlock amach ón a theach agus cailleadh é de bharr a sháite.[7]  Fuair Thomas Hand bás sa sceirí ar an 5ú la de mhí Nollaig 1920. Thimpeallaigh na Dúbhchronach a theach agus rinne siad dúnmharú ar Thomas. I dhá mhíle is a cúig d’fhoilsigh plaic chuimhneacháin do.[8] I rith an Chogadh na gCarad, maraíodh Harry Boland sa ‘ Skerries Grand Hotel’.[9]Duine cáiliúil ab é agus tionchar iontach láidre i gcoadh na saoirse agus i gcogadh na gCarad.


Oiléain Na Scéirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sá lá atá inniu ann tá trí oileáin suite as an gcosta. ‘Shenick Island, Colt Island agus St. Patrick’s Island. Tá teachsolas ann chomh maith. Nuair atá an taoide amach is féidir le héinne súil amach go dtí shenick Island.

Tionscal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go trádisúin, bhí Na Scéirí mar shraidbhaile iascaireachta. Níl sé chomh láidre sa lá atá inniu mar a bhí sé ach fós tá an oidhreacht fós ann. Tá baid i gcónaí le feiceáil san cuan.

Muilleann Gaoithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá muileann Gaoithe sa sceirí. An chéad muileann Gaoithe a thogadh i 1525 agus an dára muileann agus an ceann is mó a thogadh i 1725. Bhain na muilte gaoithe úsáid as cumhacht na gaoithe agus cumhacht na huisce chun cruithneacht, coirce agus eorna a mhaslú.[10] Níl na muilte ag feidhmiú inniu ach meallean sé a lán turasóirí don áit.

Martello Towers[cuir in eagar | athraigh foinse]

Martello Towers

Tá dhá Martello towers lonnaithe sa scéirí. Thógadh iad mar chosaint in aghaidh Napoleon agus na fraince i gcas go mbeadh ionsaithe ag teacht. Níor tháinig ionradh ón bhfrainach. Tá ceann amháin suite ar oileán Naomh Pádraig agus an ceann eile suite ar Red Island ‘Oileán dhearg’.[11]

Aiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is baile turasóireacht é Na Scéirí. In aice leis an piara, ta neart bialainne, teach tábhairne, caiféanna, siopaí agus siopa uachtar reoite. Tá dhá tránna sa scéirí. The north beach An trá thuaidh agus The South beach An trá theas.[12]

Scoileanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ceithre búnscoil ar fáil do phaistí sna Scéirí. Réalt na Mara, Scoil Naomh Pádraig, Holmpatrick N.S agus Educate Together.[13] Tá meánscoil amháin sa Scéirí, Skerries Community College, Cólaiste Pobal Na Scéirí. Bunaíodh an scoil i 1982,  is scoil mheasctha é. Tá thart ar 1000 dalta ag freastail ar Chólasite Pobal Na Scéirí.[14]

Religúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá trí eaglaisí sa Scéirí. Tá eaglais Chaitliceach, eaglais Photastúnach agus eaglais mhitidisteach.[15]

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá a lán áiseanna spóirt agus clubanna spóirt lonnaithe sa Scéirí. Na clubanna a bhfuil tóir air na, an club CLG cláirseacha na Scéirí, Skerries Harps[16] an cumann rugbaí Skerries RFC[17] agus an cumann sacair Skerries Town.[18] Tá Cumann hoca Na Scéirí, cumann seoltóireacht Na Scéirí, an cumann lúthchleas Na Scéirí, agus an cumann gleacaíochta Na Scéirí. Tá trí ionad aclaíochta ar fáil chomh maith. Ar an 5ú Deireadh Fómhair 2019, osclaíodh páirc scátálta sa bhaile.[19]

Ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá beirt daoine cáiliúil atá as Na Scéirí atá mór le rá i gcúrsaí ceol. Rugadh Grian Chattan sa Scéirí. Is é Chattan an príomhamhranaí sa bhanna ceoil ‘Fontaines DC’. D’iondaigh[20] Ryan O’ Shaughnassey Éireann sa European Song contest i 2018.[21]

Gradaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2016, bhuaigh Na Scéirí an comórtas "Tidy Towns". Bhain Na Scéirí an bua amach sa cátagóír  Large Town don chéad uair riamh. Bhuaigh Na Scéirí corn agus duais de bhreis €10,000.[22] I 2015, bhí Na Scéirí líostaithe mar cheann de na cathracha is fearr san Eoraip. Bhí Na Scéirí sa líosta cheanna le Prág, An Roimh agus Vín.[23]

Daoine cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá roinnt réaltaí spóirt as Na Scéirí. Idir an Peil, rugbaí agus an saccar.  Ach is é Bryan Cullen an duine sport is rathúil. Bhí sé mar chaptaen foireann peile Bhaile áth cliath nauir a bhuaigh Áth cliath an chraobh  sínsir  peile na hÉireann in dhá mhíle is haon déag.[24] Thug an fhoireann cuairt ar cláirseacha Na Scéirí leis an Sam Maguire an lá in a dhiaidh sin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Na Sceirí/Skerries | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Na Sceirí/Skerries" (en). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  3. "Skerries (Fingal, All Towns, Ireland) - Population Statistics, Charts, Map, Location, Weather and Web Information". citypopulation.de. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  4. "Skerries and St.Patrick" (en-US). VisitSkerries.com and Skerries Homepage - Official Site for Skerries, Dublin, Ireland. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  5. "Early Medieval Ireland 431-1169". www.goodreads.com. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  6. "Rising recalled from Skerries perspective" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  7. "Skerries hero Terry Sherlock remembered some 99 years later" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  8. "Skerries honour for Irish volunteer Thomas Hand" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  9. "Harry Boland wounded in Skerries hotel" (en). independent. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  10. emmet. "The Skerries Windmills, Skerries, County Dublin 1525 & 1750" (en-US). Curious Ireland. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  11. "The Martello Towers | Skerries Historical Society" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-12-07.
  12. "Skerries Beaches".
  13. "Business Directory" (en-US). Skerries News. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  14. "Business Directory" (en-US). Skerries News. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  15. "Skerries Churches & Cathedrals - Tripadvisor" (en-IE). www.tripadvisor.ie. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  16. "Skerries Harps". www.skerriesharps.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-25. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  17. "Home" (en-US). Skerries RFC. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  18. "Skerries Town Football Club" (en). Skerries Town FC (2015-01-21). Dáta rochtana: 2020-12-07.[nasc briste go buan]
  19. "New Skate Parks in Balbriggan and Skerries Officially Open" (en). Fingal County Council. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  20. "Fontaines DC's Grian Chatten: It's hard not to be led by the mass adulation" (en). The Irish News (2020-07-31). Dáta rochtana: 2020-12-07.
  21. Karen Fricker. "Ryan O’Shaughnessy holds it Together amid Eurovision madness" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  22. Ronan McGreevy. "Tidy Towns: Skerries wins competition for the first time" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-12-07.
  23. "10 of Europe's Most Beautiful Cities" (en-GB). Eating Europe (2015-04-08). Dáta rochtana: 2020-12-07.
  24. "2011 All-Ireland Senior Football Championship" (as en) (2020-12-06). Wikipedia.